Ná bíodh carachtair fhicseanúla dall ar an éigeandáil aeráide inár dtimpeall

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá tionchar ag an éigeandáil aeráide ar ár saol ar fad, agus dá bharr sin ba cheart go rachadh sí i bhfeidhm ar shaol na gcarachtar ar fad i saothar ficseanúil freisin

Ná bíodh carachtair fhicseanúla dall ar an éigeandáil aeráide inár dtimpeall

Scríobh mé anseo an tseachtain seo caite go mbeadh faillí uafásach á déanamh, dar liom, ag scríbhneoirí nach dtabharfadh suntas ina saothar, sa lá atá inniu ann, don éigeandáil aeráide atá faoi lán seoil inár dtimpeall.

Rith sé liom ina dhiaidh sin gur cheart dom míniú a thabhairt ar an gcaoi a ndéanaim féin beart de réir mo bhriathair.

Saineolaí ar chúrsaí tráchta atá i nduine de na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair, agus éascaíonn sé sin rudaí. Fear é seo a fostaíodh chun an síorthranglam tráchta i gcathair mhór sna trópaicí a réiteach, agus dá bharr sin is cuid dá phost é aird a tharraingt ar aschur CO2, ar thruailliú ó thorann, agus ar na fadhbanna eile a chothaíonn róspleáchas an duine ar an gcarr. 

Tugaim faoi deara go bhfuil an carachtar seo ag éirí níos radacaí ina chur chuige de réir mar atá scéal na haeráide san fhíorshaol ag dul i ndonas. Nuair a chuir mé tús leis an úrscéal seo ag tarraingt ar thrí bliana ó shin, bhí spás fós i bpleananna mo ghúrú tráchta don charr, ach anois agus an dara dréacht idir lámha agam tá cogadh naofa á fhearadh aige ar an ngluaisteán.

Ar ndóigh, níl jab a mbeadh baint dhíreach aige le cúrsaí aeráide ag chuile dhuine san fhíorshaol agus ní fhéadfá a bheith ag súil go mbeadh i saothar ficseanúil. Ach tá tionchar ag an éigeandáil aeráide ar ár saol ar fad, agus dá bharr sin ba cheart go rachadh sí i bhfeidhm ar shaol na gcarachtar ar fad i saothar ficseanúil. Bhí orm bealach a aimsiú chun é sin a léiriú. Fiú carachtair nach mbeadh suim ar bith acu i gcúrsaí timpeallachta, ba cheart go dtabharfadh siad faoi deara, ar a laghad, go bhfuil an aeráid ag athrú.

I radharc a bhí idir lámha agam an tseachtain seo caite, lig mé do phríomhcharachtar eile – fear a chaithfeadh buidéal plaisteach uaidh ar an tsráid gan mhachnamh – cuimhneamh ar laethanta a óige, ‘nuair a bhíodh an áit seo breac leis na féileacáin mhóra bhuí úd nach bhfeiceann tú a thuilleadh’.

Níl ann ach ráiteas fánach, ach ba é sin an fáth go raibh mé sásta leis. 

Ní thugann an carachtar tuairim ar bith faoi chúrsaí aeráide, ná níl maoithneas le brath ar an méid a deir sé. Níl ann ach go dtugann sé suntas d’fhíricí. Ach ar an gcaoi sin, léiríonn sé ina ghlór féin nach bhfuil sé dall ar an éigeandáil aeráide inár dtimpeall.

Fág freagra ar 'Ná bíodh carachtair fhicseanúla dall ar an éigeandáil aeráide inár dtimpeall'