Na barbaraigh ag geataí ár n-ollscoileanna agus iad meáite ar theangacha a scrios

Baineadh geit as lucht na Gaeilge thall agus abhus nuair a d’fhógair Ollscoil Obar Dheathain le déanaí go raibh plean ann na ranna teanga go léir a dhúnadh

Na barbaraigh ag geataí ár n-ollscoileanna agus iad meáite ar theangacha a scrios

Ag deireadh mhí na Samhna anuraidh fuair an fhoireann atá i mbun teagasc teangacha in Ollscoil Obar Dheathain foláireamh go raibh plean ann na ranna teanga go léir a dhúnadh.

Ní gá a rá gur bhain seo geit an domhain astu go léir, go háirithe nuair a rangaíodh teagasc agus taighde na dteangacha céanna ar an 12ú ab airde sa Ríocht Aontaithe de réir suirbhé a dhein an Guardian anuraidh.

Ní hiad na teangacha amháin atá le dúnadh ach oiread, ach ábhair ghaolmhara ar nós an aistriúcháin agus na hateangaireachta chomh maith. É seo go léir in ainneoin gur éirigh leo £2 milliún a chruinniú in airgead taighde le cúpla bliain anuas, agus gur bhain scoláire dá gcuid an phríomhdhuais taighde i gcomórtas Leabhar na Bliana in Albain an bhliain seo caite.

Tá an chuma air seo gur cuid de ghluaiseacht níos leithne é beag is fiú agus céim síos a thabhairt do theangacha agus don léann daonna i gcoitinne in ollscoileanna ar fud an domhain a bhfuil eolas againn air. Bhí bagairt ar theangacha in Ollscoil na Ríona roinnt blianta ó shin, agus mura bhfuil breall arís orm níl ach an Ghaeilge agus an Béarla mar ábhair léinn in Ollscoil Uladh. Bhí trácht anseo ar an athrú atá beartaithe don Léann Ceilteach in Toronto a chuirfeadh an Ghaeilge ar gcúl, agus chuala siosarnach éigin maidir le hathruithe nach rachadh chun sochair di in ollscoileanna eile thiar chomh maith. Agus, ní mór cuimhneamh, nárbh iad na teangacha ná an Léann Daonna na clocha ba mhó ar phaidríní ná ar chrann tabhaill na n-údarás nuair a bunaíodh Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ach an oiread.

Gan amhras, maíonn Obar Dheathain go bhfuil siad ‘idirnáisiúnta’ agus ‘uileghabhálach’ agus leis an draíocht is dual don fhocal baoth sin – ‘inchlúisibh’.

Dá gcuirfí an polasaí barbarach seo i bhfeidhm bheadh siad ar an aon ollscoil thraidisiúnta sheanbhunaithe sa ríocht de cheal teangacha.

Agus is fiú smaoineamh go raibh an Ghaidhlig á múineadh ann ó 1916, gan trácht ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis ó 1898, agus teangacha eile ina dhiaidh sin. Níos contúirtí fós, níl ach ceithre ollscoil in Albain a bhfuil an Ghaidhlig á teagasc iontu, agus bhainfeadh seo an ceathrú cuid den bhonn sin di.

Fairis sin, ar nós mar atá abhus, tá ganntanas de mhúinteoirí gach teanga sa tír sin siar ó thuaidh, agus dhéanfadh an cinneadh seo an scéal i bhfad níos measa ná mar atá.

Péacann na gnáthleithscéalta aníos maidir le cúrsaí airgid, ach ní chun sochair atá na hollscoileanna ann ach chun seirbhíse don phobal.

Cás é seo do na húdaráis chultúir abhus anseo leis, óir is bráithre agus siúracha go dearbh iad an Ghaeilge agus an Ghaidhlig, agus sa saol nua amach anseo nuair a bheidh a ghuth fachta ar ais ag Albain ar stáitse an domhain beimid níos gaire dá chéile ná mar a bhí ón 17ú haois.

Fág freagra ar 'Na barbaraigh ag geataí ár n-ollscoileanna agus iad meáite ar theangacha a scrios'

  • Eoghan Ó Néill

    Dearcadh na nAnglos anois ná nach gá bacaint le teangacha eile ar chor ar bith mar géillfidh lucht a labhartha don bhéarlóir i gcónaí. Tráthúil críoch a chur leis an Unterwerfung – no pasarán amigos!