Ná bac an sean ná an lag, ach cosain an córas

Reáchtálfar díospóireacht Dála an tseachtain seo chugainn leis na conspóidí faoi tháillí tithe altranais agus liúntais easláin a phlé

Ná bac an sean ná an lag, ach cosain an córas

Níl sé ach tamall seachtainí ó bhí muid ag trácht ar Aire Stát arbh éigean dó éirí as a chuid dualgas mar nár inis sé iomlán na fírinne faoi iarratas pleanála.

Ar feadh roinnt seachtainí ina dhiaidh sin bhí muid ag breathnú ar cheistiúchán an Aire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe faoina chuid costas toghcháin.

Ar bhealach is beag an bhrí luach cúpla céad euro de phóstaeir nuair a chuireann muid na scéalta atá tagtha chun solais an tseachtain seo san áireamh.

Gearradh táillí san éagóir ar dhaoine a raibh cártaí leighis acu a bhí i dtithe altranais príobháideacha nuair nach raibh ar chumas an stáit cúram a dhéanamh dóibh.

Tá an scéal ar fad casta agus ceisteanna go leor le freagairt faoi céard go díreach a tharla agus an straitéis a bhí ag an Stát i leith dliteanais othair.

Tá cúram curtha ar an Ard-Aighne an t-eolas a chur i dtoll a chéile agus soiléiriú a chur ar fáil faoi na héilimh a rinneadh orthu táillí a íoc agus na fiacha a cuireadh ar dhaoine eile ionas go mbeidís in ann cúram a fháil dá gcuid daoine muinteartha.

Straitéis dhlisteanach, a thug an Taoiseach uirthi. Níor dúradh riamh go mbeadh an státchóras freagrach as cúram saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine aosta, a dúirt sé.

Lá arna mhárach bhí malairt scéil ag an Taoiseach nuair a tháinig sé chun solais – arís mar gheall ar iriseoirí – gur ceileadh liúntais easláin ar dhaoine faoi mhíchumas ar feadh blianta fada. Ghlac an Taoiseach leis nach raibh cosaint ar bith ag an rialtas ar an méid sin. Tá fiosrúchán eile bunaithe leis an meamram a chuaigh faoi bhráid an rialtais in 2009 agus an méid a tháinig as a iniúchadh.

Reáchtálfar díospóireacht Dála an tseachtain seo chugainn leis na conspóidí faoi tháillí tithe altranais agus liúntais easláin a phlé.

Beidh muid ag súil go dtiocfaidh an t-eolas chun solais faoi na cinntí a rinneadh ag leibhéal an Stáit. An cheist nár mhiste a chur faoin eachtra ar fad ná cén sórt Stáit a mhaíonn gur poblacht í ina gcaithfidh daoine dul chun cúirte ar bhonn chomh rialta lena gcearta a fháil?

B’éigean do Bhridget McCole agus í ar leaba a báis a dhearbhú nach gcuirfeadh sí an dlí ar an Stát as táirgí fola lochtacha a thabhairt di. Dhiúltaigh Vicky Phelan dearbhú dá leithéid a shíniú agus mion rúndachta a ghlacadh mar gur theastaigh uaithi aird a tharraingt ar scannal an Cervical Check.

Cé mhéad cás a bhaineann le táillí tithe altranais agus liúntais eile a bhí dlite do dhaoine a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thuairisc an Ard-Aighne an tseachtain seo chugainn?

Ceist eile nár mhiste a chur – cén fáth go mbíonn an Státchóras i gcónaí níos dírithe ar a gcuid straitéisí agus polasaithe féin a chosaint seachas a chinntiú go bhfuil cúram ar fáil do dhaoine aosta agus d’easláin?

An ar mhaithe le cosaint a thabhairt don mhaorlathas agus an státchiste a dhéantar é sin? Cén fáth nach í cosaint an tsaoránaigh an tosaíocht is mó? Go háirithe iad siúd atá sean agus lag? Ceist eile nach miste a chur!

Fág freagra ar 'Ná bac an sean ná an lag, ach cosain an córas'

  • Seán Mag Leannáin

    An-alt ag Máirín Ní Ghadhra. Arís agus arís eile tugann an córas tús áite don státchiste seachas don saoránach.

  • Antóin

    Agus nuair atá chuile dhuine ag caint faoi tháillí a gearradh san éagóir ar dhaoine i dtithe altranais déantar dearmad ar an scannal go bhfuair an t-uafás daoine bás i dtithe altranais le cupla bliain anuas agus ar ról an rialtais sa scannal sin.