‘Mura gcuirfimid an phaindéim dínn i gcomhar le chéile, teipfidh orainn’ – Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Ba chóir gur oscailt súl a bheadh san Covid-19 agus tá sé in am éirí as an mórtas, a deir Antonio Guterres,

‘Mura gcuirfimid an phaindéim dínn i gcomhar le chéile, teipfidh orainn’ – Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Tá sé ráite ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, gur chóir éirí as an “mórtas” a bhaineann leis an iarracht dhomhanda déileáil le Covid-19  a bhfuil “drochbhail curtha aige ar an domhan”.

“Ba chóir gur oscailt súl a bheadh san Covid-19. Tá sé in am éirí as an mórtas. Tá roinnt dlúthpháirtíochta feicthe againn ach is beag comhaontú a chonacthas agus muid ag déileáil leis an Covid-19. Straitéisí éagsúla a bhí ag tíortha éagsúla, uaireanta ba straitéisí iad seo a bhí ag obair in aghaidh a chéile agus táimid ar fad ag íoc go daor as sin.

“Rinne go leor tíortha neamhaird ar mholtaí an hEagraíochta Domhanda Sláinte agus dá bharr, tá an víreas scaipthe ar fud na cruinne.”

Dúirt Guterres go raibh Covid-19 ag scaipeadh sa leathsféar theas anois agus gur “mheasa fós an scrios” a dhéanfadh sé sna tíortha sin.

Dúirt an tArd-Rúnaí go gcaithfí  córas eacnamaíochta níos cothroime agus níos inmharthana a chruthú agus gur deis a bhí anseo “an atógáil a dhéanamh ar bhealach eile a bheadh níos fearr”.

“Seachas dul ar ais go dtí córais nach raibh inmharthana, caithfimid an deis a thapú le todhchaí a bheidh uileghabhálach agus comhionann a chruthú ina mbeidh fuinneamh glan in úsáid, agus cosaint níos fearr ann do dhaoine agus cúram sláinte uilíoch.”

“Is féidir linn é sin a dhéanamh, ach an ndéanfaimid é? Mura gcuirfimid an phaindéim dínn i gcomhar le chéile, teipfidh orainn,” a dúirt Antonio Guterres.

Tá tithe tábhairne, caiféanna, bialanna agus gruagairí athoscailte inniu san Iodáil, ceann de na tíortha ba mheasa a bhí buailte ag an gcoróinvíreas ach tá rialacha diana i bhfeidhm ó thaobh an scartha sóisialta.

Tá an chuid is mó den Spáinn ag tabhairt faoin dara céim den díchuibhriú agus tá cead ag na milliúin sa phobal casadh le chéile i ngrúpaí nach mó ná deichniúr agus cead acu deoch nó béile a bheith acu i bhfochair a chéile ag boird lasmuigh i gcaifé nó i mbialann.

Fág freagra ar '‘Mura gcuirfimid an phaindéim dínn i gcomhar le chéile, teipfidh orainn’ – Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe'