Muintir na n-oileán is aclaí go dtí seo i gComórtas Reatha na Gaeltachta

Tá breis agus 800 duine as 16 ceantar Gaeltachta ag glacadh páirt sa chomórtas

Muintir na n-oileán is aclaí go dtí seo i gComórtas Reatha na Gaeltachta

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Is iad pobal na n-oileán atá chun cinn agus tús curtha le Comórtas Reatha na Gaeltachta.

Tá na torthaí don chéad seachtain den chomórtas nua fógartha agus foireann ‘Goitse!’ as Árainn Mhór i nDún na nGall chun tosaigh ar na ceantair Ghaeltachta eile.

Sa rannóg do na foirne faoi 50 duine, is iad Fanaicigh Folláin Inis Meáin atá amuigh chun tosaigh agus iad chun cinn ar Slí Árann as Inis Mór.

Tá Comórtas Reatha na Gaeltachta á reáchtáil ag na hOifigigh Pleanála Teanga sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre agus iad ag iarraidh píosa spraoi a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta le linn na paindéime.

Tá breis agus 800 duine as 16 ceantar Gaeltachta ag glacadh páirt sa chomórtas agus deir Majella Ní Chríocháin, OIfigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua, go bhfuil an lucht eagraithe an-sásta leis an leibhéal rannpháirtíochta.

“Ní raibh muid ag súil leis an méid seo. Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin daoine ó cheann ceann na tíre ag dul amach ag rith agus ag siúl ar son a gceantair féin. Tá míleáiste aisteach á dhéanamh acu agus iad uile ag baint sásamh as a bheith amuigh faoin aer,” arsa Ní Chríocháin.

“Tugaim faoi deara le mo ghrúpa féin go bhfuil siad ag dul amach faoi dhó nó fiú faoi thrí sa lá, ar son a bpobal féin. Is píosa spraoi atá ann ach fós féin tá iomaíocht ghéar ann freisin, agus gach ceantar ag iarraidh Corn Raidió na Gaeltachta a bhuachan.”

44.45km an duine atá rite ag foireann Árainn Mhór, ar an meán, agus iad sa chéad áit, beagán chun tosaigh ar fhoireann Ghaoth Dobhair, ‘Céim ar Chéim’ agus ar ‘Reathaithe Rua’ as an gCeathrú Rua.

Dhá fhoireann as Ciarraí atá sa Rannóg faoi 20 agus Rith Chorca Dhuibhne chun tosaigh ar Uíbh REATHach tar éis na chéad seachtaine.

Leanfar ar aghaidh leis an gcomórtas ar feadh ceithre seachtaine agus fógrófar na buaiteoirí ar an 9 Meitheamh, lá phátrún Cholmcille.

Fág freagra ar 'Muintir na n-oileán is aclaí go dtí seo i gComórtas Reatha na Gaeltachta'