‘Muintir na Gaeltachta 100 bliain ag fanacht ar an gceart plé leis an Stát ina dteanga féin’

Tá na hOifigigh Pleanála Teanga ar fud na tíre ag éileamh go gcuirfear foráil dhíreach sa Bhille Teanga a chinnteodh go mbeadh teacht ag muintir na Gaeltachta ar sheirbhísí ón stát ina dteanga féin

‘Muintir na Gaeltachta 100 bliain ag fanacht ar an gceart plé leis an Stát ina dteanga féin’

Tá achainí déanta ag Oifigigh Pleanála Teanga ar Airí na Gaeltachta a dhéanamh cinnte go mbeidh seirbhísí i nGaeilge ar fáil ón stát ag pobal na Gaeltachta.

Tá na hOifigigh Pleanála Teanga ar fud na tíre ag éileamh go gcuirfear foráil dhíreach sa Bhille Teanga a chinnteodh go mbeadh teacht ag muintir na Gaeltachta ar sheirbhísí ón stát ina dteanga féin.

I bhfíseán nua atá eisithe acu, déantar achainí ar Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, agus ar Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, “deis chinniúnach” a thapú agus Bille Teanga ag dul trí Thithe an Oireachtais i láthair na huaire.

Maítear gur “ceart bunúsach” atá á iarraidh agus go bhfuil neamhaird déanta ag an stát ar an gceart sin le céad bliain anuas.

“Tá sé de cheart ag muintir na Gaeltachta plé leis an Stát i bpríomhtheanga an Stáit. Faraor, níl an Stát tar éis an dualgas san a aithint ná a fhíorú sa Ghaeltacht riamh. Moladh go mbeadh seirbhísí Stáit as Gaeilge sa Ghaeltacht ag Coimisiún na Gaeltachta, 2002 agus ag Coimisiún na Gaeltachta, 1926.

“100 bliain ag fanacht leis an Stát, agus gach aon taighde, saineolas, agus moltaí curtha faoina mbráid,” a deirtear sa fhíseán.

Tá an Coimisinéir Teanga, polaiteoirí an fhreasúra, Conradh na Gaeilge, eagraíochtaí pobail agus saineolaithe teanga ag éileamh go gcuirfí foráil dhíreach sa bhille teanga a chuirfeadh ceangal láidir ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Meastar gur ceann de na laigí is mó atá ar an mbille nua nach bhfuil foráil dhíreach ann a chinnteodh go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Bhí an cheist ina cnámh spairne nuair a chas Oifigigh Pleanála Teanga leis an Aire Stáit Chambers níos luaithe i mbliana chun an cheist sin agus an bille teanga a phlé.

Tuigtear go bhfuil Roinn na Gaeltachta buartha go gcruthódh a leithéid d’fhoráil fadhbanna móra i dtaobh cearta oibrithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht cheana féin ach nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Dar le lucht na Roinne, chaithfí fáil amach ar dtús cén líon oibrithe stáit atá ag obair sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu agus cén fhad atá fágtha ag na daoine sin ina bpostanna.

Mar sin féin, deir na hOifigigh Pleanála Teanga go bhfuil tacaíocht an stáit “riachtanach” má táthar dáiríre faoina chinntiú go maireann an Ghaeilge beo mar theanga phobail.

“Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ar na mallaibh “is beag is fiú bheith ag plé le pleanáil teanga mura bhfuil an Stát sásta a chion féin a dhéanamh chun a chuid seirbhísí féin a chur ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht”.

“Is gá Bille Teanga láidir, fiúntach agus ciallmhar a achtú, le cothrom na Féinne a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta fá dheireadh ina dtír féin.”

Tá an Bille Teanga fós ag imeacht trí Thithe an Oireachtais agus tháinig Céim an Choiste chun deiridh an mhí seo caite.

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta go ndéanfadh sé moltaí dá chuid féin i leith os cionn dhá scór leasú roimh an gcéad chéim eile ach dhiúltaigh sé do leasuithe a leagfadh síos spriocanna cinnte faoi cathain a bheadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh sé féin ag iarraidh a chinntiú go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht, ach go raibh imní air go mbeifí ag “teacht salach” ar obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin reachtaíocht dá dtosófaí ar spriocanna a leagan síos anois.

Fág freagra ar '‘Muintir na Gaeltachta 100 bliain ag fanacht ar an gceart plé leis an Stát ina dteanga féin’'

  • S. Mac Muirí

    Tá an tacaíocht stáit sin anoir riachtanach go deimhin. Caithfidh dream bairr, Catherine Connolly srl. go leor dá gcomhghleacaithe a earcú isteach i ngníomhaíocht Ghaeilge .i. an teanga, dá bunúsaí í, a labhairt 7 a scríobh. Ón mbarr anuas a thabharfar aon athrú iompair i bhfeidhm.
    Tá an-tábhacht le héileamh mar so ón mbun aníos .i. ón nGaeltacht aniar. Maith sibh.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ach cad iad na ‘seirbhísí’ atá ar fáil sa ‘Ghaeltacht’ faoi láthair?? m.sh. tá malartann fostaíochta i nDún Fionnachaidh i dTír Chonaill – taobh amuigh den ‘Ghaeltacht’ – ag cuir seirbhís leasa shóisialaigh ar fáil do cheantracha Gaeltachta ó Chloich Cheann Fhaolaigh go Fánad agus Ros Goill. Agus nach bhfuil go leor seirbhísí stáit riachtanach agus tábhachtach NACH BHFUIL ar fáil nó nach bhfuil lonnaithe sa ‘Ghaeltacht’ mar tá an réigiún róbheag?

    I mo thuairimse ní leor bheith ag achainí chun seirbhísí Gaeilge bheith ar fáil sa Ghaeltacht ach go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do bhunadh na Gaeltachta go díreach agus an seirbhís céanna ar fáil i mBéarla do shaoránaigh taobh amuigh den Ghaeltacht. Sé sin, go mbeadh sé intuigthe ag ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit – is cuma cá háit sa tír atá siad lonnaithe – go gcuirfí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil AR TÚS d’achan saoránach a bhfuil seoladh acu agus cónaí orthu sa Ghaeltacht, is cuma má bhíonn Gaeilg ag an saoránach sin nó nach mbíonn.

    Mar is eol dúinn, le céad bliain anuas tá sé de chleachtadh ag saoránaigh na hÉireann – bunadh na ‘Gaeltachta’ ina measc – a ngnóithe a dhéanamh leis an stáit i mBéarla; ar an ghuthán, i litir/ríomhphost nó nuair a bhuaileann siad isteach in oifig de chuid an stáit. Tóg an comhairle contae mar shampla; cé mhéad iarratas pleanála a dhéantar trí mheán na Gaeilge? Cé mhéad pleanálaí a bhfuil Gaeilg acu? Cé mhéad oifigigh/cléir atá ábalta a ngnóithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge leis an phobal?? Agus cé mhéad atá sásta diúltú do shaoránaigh a bhfuil seoladh acu sa ‘Ghaeltacht’ aon seirbhís i mBéarla a chuir ar fáil daofa?

    Má táthar dáiríre fá chaomhnú agus buanú na Gaeilge sa ‘Ghaeltacht’ agus leoga, ar fud na tíre, tá sé in am don stáit idirdhealú a dhéanamh eatarthu siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ar a dtugtar ‘Gaeltachtaí’ (ba cheart Gaeltacht bheith in ACHAN contae sa tír agus sna cathracha agus bailte móra fosta) agus an chuid eile den tír agus cónaitheoirí Gaeltachta a aistriú go seirbhís uathoibríoch Gaeilge AR TÚS. Má bhíonn deacrachtaí ag daoine a ngnóithe a dhéanamh trí Ghaeilge bíodh cúpla rogha acu le teora ama: 1. tabharfar cuidiú daofa ar feadh tréimhse agus cuidiú leis na téarmaí Gaeilge a fhoghlaim. 2. cuir iad ar aghaidh chuig seirbhís Béarla agus liosta fada feithimh leis.

    ‘Ach níl seo daonlathach’ cluinim. Ach cá bhfuil an daonlathachas agus cothrom na féinne daofa siúd atá ag cuardú seirbhís le Gaeilge agus atá ag iarraidh an Ghaeilg sa Ghaeltacht a bhuanú? Nach raibh na bainceanna sa tír seo ábalta saoránaigh a bhogadh ó seirbhísí i mbrainsí go baincéireacht ar líne? Cinnte tá daoine aosta sa sochaí nach bhfuil eolach ar ríomhairí ach bíonn orthusan duine atá eolach a fháil chun cuidiú leo! Cad chuige nach dtig le Béarlóirí sa ‘Ghaeltacht’ an rud céanna a dhéanamh?

    Muna dtosaíonn an stáit ag diúltú seirbhísí i mBéarla do chónaitheoirí sa ‘Ghaeltacht’ ní tharlóidh rud ar bith. Tá a fhios againn go bhfuil sé sa nádúr ag an duine daonna bheith falsa agus leisciúil agus mar sin ní fiú bheith ag brath ar ‘mhuintir na Gaeltachta’ bheith ina cheannródaithe i dtaca le cuir chun cinn na Gaeilge de agus iad ag plé leis an stáit – níl sé de mhúinín acu a leithéid a dhéanamh agus cad chuige ar cheart é bheith fágtha ag daoine aonaracha an stró sin a chuir orthu féin? Cinnte, tá sé á dhéanamh ag roinnt daoine ach an amharcann stáitsheirbhísigh siar ná aniar ar na daoine seo nó an tchítear iad mar eisceachtaí sa chóras agus ní bhíonn dáiríreacht ar bith ann i dtaca le seirbhís trí Ghaeilg de?

    Tá ceannaireacht a dhith ón bharr anuas. Bhí an rialtas agus an stáit breá ábalta srianta a chuir i bhfeidhm leis an phaindéim a chuir faoi smacht, cad chuige nach dtig leo amhlaidh a dhéanamh le aitheantas cheart a thabhairt do chéad teanga na tíre??