Muintir Gaza i ngarbhaol ‘tubaiste’, trúpaí Iosrael ag déanamh ar Chathair Gaza

Dhiúltaigh Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu do na hachainíocha atá á ndéanamh ar Iosrael go bhfógrófaí sos cogaidh agus dúirt gurb é seo ‘tráth na cogaíochta’

Muintir Gaza i ngarbhaol ‘tubaiste’, trúpaí Iosrael ag déanamh ar Chathair Gaza

In olcas atá cás mhuintir Gaza ag dul agus trúpaí Iosrael ag déanamh ar Chathair Gaza sa tuaisceart.

Meastar gur dírithe ar an taobh ó thuaidh den stráice a ghearradh ón taobh ó dheas atá ionradh le talamh Iosrael faoi láthair.

Mhaígh Iosrael go raibh comhraic nó “malartuithe airtléire móra” acu le Hamas in Gaza aréir agus an t-ionradh talún ar an gceantar ag dul ar aghaidh i gcónaí.

Dúirt Fórsa Cosanta Iosrael gur ionsaigh “sceimhlitheoirí” a gcuid trúpaí diúracáin fhritancanna agus meaisínghunnaí.

Leanadh chomh maith le haerbhombardú Gaza agus mhaígh Iosrael gur éirigh leo breis is 300 targaid a bhualadh.

Deir Iosrael go bhfuil siad ag díriú ar thuaisceart Gaza ach go bhfuil gach cuid den cheantar faoi ionsaí acu.

Dúirt Hamas gur éirigh leo luíochán a dhéanamh le diúracáin fhritancanna ar thrí fheithicil de chuid Iosrael. Mhaígh Hamas leis gur ionsaigh siad trúpaí le sliogáin.

Dhiúltaigh Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu aréir do na hachainíocha atá á ndéanamh ar Iosrael go bhfógrófaí sos cogaidh. “Seo tráth na cogaíochta,” arsa Netanyahu.

Tá Gaza á bhuamáil gan stad ag Iosrael ó ionsaí thar teorainn Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar maraíodh 1,400 agus inar fuadaíodh 240 duine atá á gcoimeád ina ngialla in Gaza.

Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh breis is 8,500 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas.

Agus na mílte Palaistíneach maraithe san ionsaí ón aer, chuir Iosrael tús lena n-ionradh le talamh ar Gaza trí lá ó shin.

De réir a chéile, agus níos moille ná mar a bhíothas ag súil, atá Iosrael ag géarú ar a n-ionsaí le talamh.

Níl Cathair Gaza sa tuaisceart bainte amach go fóill ag a dtrúpaí talún agus iad faoin tuath agus sna ceantair máguaird go fóill.

Tuairiscítear áfach go bhfuil saighdiúirí agus tancanna Iosrael ag déanamh ar chathair Gaza ó dhá threo. Ta tancanna acu ar an bpríomhbhóthair idir an tuaisceart agus an deisceart agus iarracht ar siúl acu, a deirtear, an stráice a roinnt ina dhá leath.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh Gaza i ngarbhaol “tubaiste sláinte phoiblí” mar gheall ar an róphlódú, oiread daoine a bheith ruaigthe as baile agus oiread dochair a bheith déanta don chóras uisce agus sláintíochta. Dúirt na Náisiúin Aontaithe go raibh beatha leanaí an cheantair i mbaol de dheasca an díhiodráitithe.

Fág freagra ar 'Muintir Gaza i ngarbhaol ‘tubaiste’, trúpaí Iosrael ag déanamh ar Chathair Gaza'