Muinín léirithe ag Micheál Martin i Leo Varadkar agus an Tánaiste faoi bhrú mar gheall ar sceitheadh eolais

Dúirt an Taoiseach nárbh ‘dea-chleachtas’ é ag Leo Varadkar conradh idir an IMO agus an Rialtas a thabhairt do chara dá chuid, an dochtúir aitheanta Gaeltachta Maitiú Ó Tuathail, a bhí i gceannas ar ghrúpa eile dochtúirí

Muinín léirithe ag Micheál Martin i Leo Varadkar agus an Tánaiste faoi bhrú mar gheall ar sceitheadh eolais

Tá ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil “muinín” aige as Leo Varadkar, tráth a bhfuil an Tánaiste sáinnithe i gconspóid faoin scéala gur sceith sé cáipéis a bhí faoi rún go dtí grúpa dochtúirí.

Dúirt Martin nárbh “dea-chleachtas” é ag Leo Varadkar an dréachtchonradh le Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann (IMO) a thabhairt ar láimh do chara dá chuid, an dochtúir aitheanta Gaeltachta Maitiú Ó Tuathail, a bhí i gceannas ar ghrúpa eile dochtúirí, an NAGP, ag an am.

Nuair a fiafraíodh de inniu an raibh muinín aige as an Tánaiste, dúirt Micheál Martin, “Tá. Sea, agus níl aon amhras orm faoin mbealach atáimid ag obair lena chéile.”

Dúirt Martin gur mheas sé nár sháraigh Varadkar aon dlí. Cé nach raibh aon airgead le fáil ag aon duine as sceitheadh na cáipéise, bhí an tslí ar scaip an t-iarThaoiseach í “míchuí”, a dúirt Martin.

Bheadh ar Varadkar freagra “cuimsitheach” a thabhairt ar cheisteanna faoin scéal sa Dáil amárach, a dúirt Martin.

Tá Leo Varadkar faoi bhrú ó tuairiscíodh san iris Village gur thug sé, agus é ina Thaoiseach, eolas a bhí faoi rún do Chumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh (NAGP).

Tháinig sé chun solais chomh maith inniu nár chuir Varadkar an té a bhí ina aire sláinte ag an am, Simon Harris, ar an eolas faoin scéala go raibh dréacht den chonradh curtha aige go dtí an grúpa eile.

Tá admhaithe ag Leo Varadkar féin nach “dea-chleachtas” a bhí ann an comhaontú leis an IMO a thabhairt ar láimh go dtí eagraíocht eile ar bhealach, a dúirt sé, a bhí “míchuí”.

Ach mhaígh Varadkar go raibh an comhaontú déanta leis an IMO faoin am gur sheol sé chuig Maitiú Ó Tuathail é agus nach eolas rúnda nó íogair a bhí i gceist ó fógraíodh an scéal ar an 6 Aibreán 2019. Idir an 11-16 Aibreán a sheol Varadkar an cháipéis go dtí an NAGP agus bhí ‘subject to change’ scríofa air de láimh. Níor foilsíodh an cháipéis go dtí an mhí dár gcionn.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu gur chóir go mbeadh an comhaontú curtha ar fáil go poiblí níos luaithe agus gur cheacht le foghlaim ab ea é sin.

Mhaígh Varadkar gurb é an aidhm a bhí aige le seoladh na cáipéise ná a chinntiú go dtacódh na dochtúirí go léir leis an gcomhaontú.

Tá ráite ag polaiteoirí an fhreasúra go bhfuil go leor ceisteanna le freagairt go fóill ag Varadkar faoin scéal ach a bhfillfidh an Dáil amárach.

Dúirt leascheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin go mbeadh ar an Tánaiste a mhíniú cén fáth gur chuir sé a ladar isteach i bpróiseas nár bhain leis trí cháipéis rúnda a thabhairt do chara leis. Chaithfeadh an Tánaiste a rá chomh maith, arsa Ó Ríordáin, ar dhein sé a leithéid i gcásanna eile roimhe ná ó shin.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin’s Pearse Doherty go raibh sé “thar a bheith míchuí agus mícheart amach is amach” ag Varadkar an comhaontú a rinne an Rialtas leis an IMO a thabhairt ar láimh don NAGP. Mhaígh Doherty go raibh lucht Fhine Gael a bhí ag cosaint an Tánaiste “ag iarraidh an taobh is fearr a chur taobh amuigh agus iad ar a ndícheall aird a tharraingt den scéal”.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee nach raibh an t-eolas go léir a bhí sa cháipéis foilsithe faoin am ar sheol Varadkar chuig Ó Tuathail é ach go raibh formhór na sonraí faoi ar fáil go poiblí.

Fág freagra ar 'Muinín léirithe ag Micheál Martin i Leo Varadkar agus an Tánaiste faoi bhrú mar gheall ar sceitheadh eolais'