Muineachán san iomaíocht ‘go láidir’ le bheith ina Líonra Gaeilge – Aire na Gaeltachta

Deir Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhfuil sé i gceist i mbliana deis a thabhairt dá thuilleadh bailte cur isteach ar stádas mar Líonra Gaeilge

Muineachán san iomaíocht ‘go láidir’ le bheith ina Líonra Gaeilge – Aire na Gaeltachta

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta go bhfuil seans “láidir” ann go n-aithneofar baile Mhuineacháin mar Líonra Gaeilge nuair a chuirfear leis an scéim amach anseo.

Tá stádas Líonra Gaeilge ag cúig bhaile in Éirinn go dtí seo faoin bpróiseas pleanála teanga – Baile Locha Riach i nGaillimh, Inis i gcontae an Chláir, Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, Iarthar Bhéal Feirste in Aontroim agus Carn Tóchair i nDoire. Bronntar maoiniú beagnach €100,000 sa bhliain ar na bailte sin chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí phleananna teanga.

Dúirt an tAire Catherine Martin sa Dáil go bhfuil sé i gceist forbairt a dhéanamh ar an scéim agus fógra a chur amach níos déanaí i mbliana chun deis a thabhairt dá thuilleadh bailte cur isteach ar stádas mar Líonra Gaeilge agus go bhfuil Muineachán ar cheann de na bailte atá san iomaíocht.

“Tá muid i mbun comhairle le Foras na Gaeilge agus tuigim go bhfuil Muineachán go láidir san iomaíocht [i dtaobh stádas Líonra Gaeltachta a bhaint amach], a dúirt an tAire Martin, arb as contae Mhuineacháin ó dhúchas di ach atá ina Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath-Ráth an Dúin.

De réir Daonáireamh 2022, bhí Muineachán ar an gcontae is fearr sa stát ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge, lasmuigh de na contaetha Gaeltachta agus Baile Átha Cliath. Freisin, mheas 12% de dhaonra Mhuineacháin go raibh líofacht ‘an-mhaith’ acu sa Ghaeilge, céatadán níos airde ná in aon chontae eile seachas contae na Gaillimhe, Dún na nGall agus Ciarraí.

Is i Muineacháin atá an céatadán is airde sa stát de dhaltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí.

Dúirt an Teachta Pauline Tully ó Shinn Féin go raibh scéim na Líonraí Gaeilge “úsáideach” ach nach leor í don obair a bhí go leor grúpaí pobail ag iarraidh a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Tá grúpaí pobail i mo dháilcheantar [An Cabhán-Muineachán] ag rá liom go bhfuil fadhbanna tromchúiseacha ann. Níl dóthain maoinithe ann don líon foirne cuí. Níl na cúinsí oibre agus pá iomaíoch go leor agus fadhb ann maidir le foireann a choinneáil dá réir. Tá go leor de na grúpaí ag súil le foireann bhreise a earcú i rólanna ar leith chun a bheith ag plé leis an óige nó mar oifigigh forbartha gnó,” a dúirt Tully.

Mheas sí gur chaill an Rialtas deis iontach tacaíocht a léiriú don teanga nuair nár ghlac sé leis na moltaí a leagadh amach i bplean infheistíochta Chonradh na Gaeilge, Plean Fáis 2024-2029. Dá nglacfaí leis na moltaí sin, a dúirt Tully, bheadh tús curtha le cúiteamh a dhéanamh ar na blianta fada nár cuireadh dóthain maoinithe i dtreo na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Muineachán san iomaíocht ‘go láidir’ le bheith ina Líonra Gaeilge – Aire na Gaeltachta'