Tá an Ghaeilge ag dul trí thréimhse ghuaiseach chinniúnach i láthair na huaire, ní hamháin sa Ghaeltacht ach i dTeach Laighean chomh maith. Tá géarchéim shochtheangeolaíoch agus géarchéim dhlíthiúil ann in éineacht. B’fhéidir nár mhiste ár gcuid smaointe a shoiléiriú sa tréimhse ‘shuimiúil’ seo.
Tá trí dhearcadh ann ar an nGaeilge, dar liom: gur teanga ar leith í; go bhfuil cearta ag lucht a labhartha; gurb í an teanga náisiúnta í. Geall le dioscúrsa faoi leith gach ceann acu sin lena loighic agus a luacha féin. Tosaímis leis an gceann deireanach agus oibrímis siar.
Dhá aiste a chuimsigh an dearcadh den Ghaeilge mar theanga náisiúnta agus a rinne a gcion féin chun daoine ar fud na tíre a bhogadh i dtreo na teanga: The Necessity for De-Anglicising Ireland le Dubhghlas de hÍde agus The National Language le hEoghan Ó Gramhnaigh. D’eascair Conradh na Gaeilge as an gcoimpléacs náisiúnach, sóisialta, cultúrtha agus teanga sin. Níor mhiste an ghné thábhachtach thraschreidmheach a lua, chomh maith, a raibh an sagart óg agus mac an mhinistéara mar eiseamláirí uirthi. I ndiaidh 1915 agus 1916 múnlaíodh sintéis láidir den náisiúnachas agus den phoblachtachas. Thug an tsintéis sin áit shuntasach shiombalach don Ghaeilge.
Nuair a thosaigh idé-eolaíocht an náisiúnachais ag trá i measc intleachtóirí áirithe sa domhan ‘iartharach’ ag deireadh na 1950idí agus sna 1960idí tosaíodh ag ceistiú stádas náisiúnta na Gaeilge. Tá na ceisteanna a eascraíonn as an dearcadh náisiúnach fós beo. An gá Gaeilge le bheith i d’Éireannach? An gá Gaeilge le go mbeadh Éire ina náisiún? Más gá, cé mhéad Gaeilge atá riachtanach? Nach féidir Gaeilge a labhairt agus a bheith dílis don Bhanríon agus don Aontas? Céard is Éireannach ann ar aon chuma? Céard is náisiún ann? etc. etc. Toradh amháin ar an gcúlú náisiúnach ó dheas gur baineadh riachtanas na Gaeilge sa státseirbhís agus níor cuireadh aon soláthar seirbhísí do lucht na Gaeilge ina áit.
Agus sin dearcadh bunúsach eile i leith na Gaeilge: go bhfuil cearta dosheachanta ag lucht a labhartha. Mar dhaoine aonair agus mar phobal tá ceart againn ar sheirbhís iomlán inár dteanga féin ón Stát agus ó riarachán iomlán na tíre idir náisiúnta agus áitiúil. Is ceart bunúsach daonna é sin, go bhfreastalódh riarachán tíre ar a pobal féin ina dteanga féin.
An dearcadh deireanach ba mhaith liom a chur san áireamh fiúntas na teanga féin. Scéal a bhí sa Ghúm nuair a bhí mé féin ag obair ann faoin bponcánach seo i gcontae an Chláir ag breathnú suas ar chomhartha bóthair i nGaeilge: ‘When did all this Irish thing start anyway?’ Chuirfinn féin i gcás gur thosaigh sé níos mó go maith ná dhá mhíle bliain ó shin. Cuirim i gcás go ndearnadh cumasc idir béascna agus teanga bundúchasach agus teanga agus béascna Indeorpach éigin nuair a bhain lucht na hiarnaoise ‘Éire’ amach den chéad uair. Tháinig ann don Ghaeilge.
Níl a fhios againn céard a thug na daoine a labhair í ar an teanga sin. Bélra, seans. Cibé scéal é tá ‘an Ghaeilge’ á saothrú le hos cionn dhá mhíle bliain agus faoin am seo is teanga ríshaibhir sholúbtha cheolmhar í (dar linn) nach bhfuil a leithéid eile ar domhan agus atá luachmhar thar meon dá réir sin. Ach deir UNESCO go bhfuil sí i mbaol (‘definitely endangered’). Má imíonn sí as mar theanga phobail imíonn béascna faoi leith in éineacht léi, dearcadh faoi leith ar an saol, traidisiúin a théann siar na cianta, gan trácht ar shaibhreas litríochta, amhránaíochta, staire, seanchais agus deabhóide, etc, idir scríofa agus bhéil.
Muidne agus an Stát a bhfuilimid ag maireachtáil ann, a shocróidh an mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail. Mura ndéanfaidh muidne é, mura ndéanfaidh an Stát seo againne é, beag an baol go ndéanfaidh aon dream eile é.
Cluain Sceach
Ábhar machnaimh ó Liam mar is iondúil.
Eoin Ó Murchú
Bhí an Ghaeilge tabhachtach do idé-eolaíocht an náisiunachais in Eirinn nuair a bhíothas ag iarraidh Éire a mhíniu mar náisiun ar leith a mbeadh a stát fein uaithi , sé sin neamhspleáchas.
Ach nuair a chinn Bunaíocht an Deiscirt – Whitaker is Lemass – gur theip ar neamhspleáchas an naisiún a thbheóchain nó stop a chur le heisimirce. thosaigh siad ag cúlú ón neamhspleáchas ar fad. Níor oir an Ghaeilge a thuilleadh don íomhá nua.
Sin é ceapaim atá taobh thiar den namhadas searbh don Ghaeilge atá le tabhairt faoi ndear inár stáitsheirbhís ach go háirithe. Ómo thaithíse mar iriseoir is féidir liom a rá go cinnte nach bhfuil aon Ghaeilge ag formhor na staitsheirbhísigh is sinsearaí.
Ag deire thiar is ár naimhde iad.
S. Mac Muirí
Is léir ó Chogadh na Talún, ó bhunú CLG, CnaG, Éirí Amach 1916, bunú CCÉ, RnaG, TnaG /TG4 gur ar NEAMHchead don stát 7 gur de ghlan-aindeoin an stáit a dhéantar aon dul chun cinn in Athghabháil na hÉireann 7 in atreisiú a saíochta. Dá leanfaí an chonair atá molta thuas ag Liam .i. comhoibriú leis an stát, ní bheadh de thoradh air ach an meath síoraí gnóthaí na Gaeilge de sa dá mhacstát breatbhunaithe béarla.
Thairis sin, tá a seal tugtha mar stáit mar gheallt ar fhás anmhéideach an tsasanachais i sasain móide an fás faoi líon náisiúnach na 6 co. Níorbh fhéidir FNA / UDI a oibriú sna 6 co. ach an oiread. Mar soin, Buailfidh muintir na hAlban an dlaoi mhullaigh ar chliseadh na himpireachta, fógrófar Poblachd na h-Albainn. Anois cén ‘stát’ a gobfas aníos abhus? Tá TUVDUPPUPSFFGFF srl. ag meá na ceiste cheana féin.
Is mór idir ‘imeacht as mar theanga phobail’ 7 teacht ar an bhfód mar theanga phobail. Más é an teacht ann atá uainn beidh comhoibriú le haon stát marfach don nGaeilg. Comhoibriú in éadan an stáit atá de dhíth. Nuair a bheas an stát ag labhairt ár dteangadh, ag tógáil tithe 7 ag rialú na baincéireachta (seachas droim ar ais)
7 ag riaradh na córach ar fud na bhfud, beidh sé daonlathach 7 beidh a dtuarastail arda saothraithe acu.
Ba chóir dearcadh chun cinn go misniúil, an dá stát, nach mbeidh i bhfad eile mar a bhí le 100 bl., a lascadh, a chiapadh, a bhrú mar is gá dúinn 7 ár gcearta a fháisceadh amach astu gach am is gá go háitiúil, go náisiúnta 7 go idirnáisiúnta.