Mórúdair na Gaeilge le tabhairt chun cuimhne mar chuid de sceideal na Nollag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pléifear saol agus saothar deichniúr údar Gaeilge, Breandán Ó hEithir, Mairéad Ní Ghráda agus Seosamh Mac Grianna ina measc, i sraith nua atá ar sceideal na Nollag ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Mórúdair na Gaeilge le tabhairt chun cuimhne mar chuid de sceideal na Nollag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Breandán Ó hEithir

Tá sraith nua ar shaothar deichniúr mórúdar Gaeilge agus ceann eile faoi chúrsaí canúna i measc bhuaicphointí sceideal na Nollag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sa tsraith Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge, a gcuirfear tús léi Lá Fhéile Stiofáin, déanfaidh Mairéad Uí Dhomhnaill cur síos agus plé ar shaol agus ar shaothar cuid de na scríbhneoirí Gaeilge is mó le rá atá anois ar shlí na fírinne, Breandán Ó hEithir, Mairéad Ní Ghráda agus Seosamh Mac Grianna ina measc.

Cuirfear tús an lá céanna le sraith nua eile, Canúintí. Is é Rossa Ó Snodaigh a chuirfidh an tsraith seo i láthair. Thug Ó Snodaigh cuairt ar Ghaelscoileanna i gcontaetha Shligigh, Dhún na nGall, Fhear Manach agus Liatroma chun labhairt le daltaí agus chun foghlaim faoi chanúintí na bpáistí, agus an gaol atá acu, má tá, le canúintí dúchasacha na háite i mBéarla agus i nGaeilge.

Tabharfar ómós d’amhránaithe agus d’fhilí aitheanta atá imithe ar shlí na fírinne i rith na Nollag chomh maith. Tabharfaidh An Saol ó Dheas Maidhc Dainín Ó Sé chun cuimhne Lá Fhéile Stiofáin le taifeadadh den oíche chomórtha don údar aitheanta a bhí ar siúl ag Féile Litríochta an Daingin an mhí seo caite.

Ar an 27 Nollaig, an t-amhránaí as iarthar Duibhneach, Seán de hÓra, a thabharfar chun cuimhne ar An Saol ó Dheas, tríocha bliain ó cailleadh é.

Déanfar ceiliúradh ar shaol Aodh Uí Dhomhnaill, scríbhneoir, cumadóir amhrán, file agus drámadóir an lá dár gcionn, an 28 Eanáir, nuair a chraolfar Aodh Ó Domhnaill – Liriceoir, Drámadóir, File. Colm Mac Séalaigh a chuirfidh an clár seo i láthair agus beidh cairde agus comhghleacaithe Aodha le cloisteáil, chomh maith le taifeadtaí cartlainne de féin.

Cuirfidh Mac Dara Mac Donncha sraith dhá chuid dar teideal Bráithre an Cheoil i láthair ar an 26 agus 27 Nollaig. Rugadh Seán ‘ac Dhonncha, Seosamh Ó hÉanaí agus Séamus Ennis i 1919 agus tabharfar léargas pearsanta ar shaol agus ar shaothar an triúr dlúthchairde.

Beidh clár eile ag Mac Dara Mac Donncha Lá Caille, Maidíneach Chnoc Mheilearaí, agus é i mbun agallaimh leis an Athair Uinseann Ó Maidín, a oirníodh san Ord Cistéirseach i 1949, agus atá ar dhuine de dheichniúr bráithre atá fágtha i mainistir Chnoc Mheilearaí anois.

Maidir le cúrsaí spóirt, beidh clár speisialta ag Cárthach Bán Breathnach, Na Dubs, ar an 27 Nollaig agus é ag ceiliúradh éacht stairiúil fhoireann pheile Átha Cliath, a thug Craobh Shinsir na hÉireann leo den chúigiú huair as a chéile in 2019.

Caithfidh aíonna speisialta súil siar agus súil eile chun cinn ar chúrsaí peile ar Spórt an tSathairn ar an 28 Nollaig agus is cúrsaí iománaíochta a bheidh á bplé an lá dár gcionn ar Spórt an Lae.

Ar an 30 Nollaig, beifear ag caitheamh súil siar breis is leathchéad bliain tráth ar dúnadh an bhunscoil ar Oileán Ghabhla ar chósta Dhún na nGall, eachtra a chuir dlús le bánú an oileáin. Cuirfidh Áine Ní Bhreisleáin Slán le Gabhla i láthair agus beidh deis ag an bpobal cuid de na scéalta a bhí ag muintir an oileáin sin agus a craoladh san am a chuaigh thart a chloisteáil.

Fág freagra ar 'Mórúdair na Gaeilge le tabhairt chun cuimhne mar chuid de sceideal na Nollag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta'