CULTÚR: Cú Chulainn agus an Mhonarcha Seacláide, Gradam NÓS 2025 agus Pop Up Gaeltacht i gCathair Saidhbhín

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Cú Chulainn agus an Mhonarcha Seacláide, Gradam NÓS 2025 agus Pop Up Gaeltacht i gCathair Saidhbhín

AMHARCLANNAÍOCH

Cú Chulainn and the Chocolate Factory i gCorcaigh

Beidh dráma Gaeilge do dhaoine óga ar bun sa Cork Arts Theatre go dtí Dé Sathairn, 21 Nollaig. Cú Chulainn and the Chocolate Factory an t-ainm atá ar an léiriú atá á chur ar stáitse ag Cois Laoi Productions le cuidiú maoinithe ó Fhoras na Gaeilge agus Comhairle Cathrach Chorcaí. Geamaireacht dhátheangach é seo atá scríofa ag Antóin Ó Dúllaing agus á stiúradh ag Aisling Nic Carthaigh.

Tarraingíonn an scéal ar an mbéaloideas, an litríocht do pháistí agus neart foinsí eile chun seó a chur ar stáitse atá lán le ceol, spraoi agus spórt agus feiliúnach don chlann ar fad. Déanann Geppetta guí do réalta oíche amháin agus faigheann sí a hachainí, buachaill beag óg ach é déanta as adhmad, Setanta an t-ainm atá air. Níl a fhios aige cé acu ab fhearr leis imirt d’fhoireann iománaíochta Chorcaí nó monarcha seacláide a rith. Neosfar dúinn ar stáitse an deireadh seachtaine seo.

Ticéid anseo.

 

Little John Nee ar camchuairt leis an Zeitgeist Jukebox

Ealaíontóir ildánach é John Nee, nó Little John Nee mar is fearr aithne air. Cuireann sé seónna ceoil agus drámaíochta aonair ar bun atá spraíúil bríomhar agus a stíl shainiúil féin aige. Beidh seó nua aige sa mbliain nua ag tosú in Amharclann Mick Lally i nGaillimh i mí Eanáir agus ag dul ar aghaidh as sin go Sligeach, Cill Dara, Corcaigh agus áiteanna eile ar fud na tíre.

Scéalaí, file, ceoltóir agus amhránaí é Nee a bhfuil réimse an-leathan saothar cruthaithe aige. Sa dráma The Mental, a rinne sé mar chuid de thréimhse cónaitheachta le hamharclann An Grianán, thug sé aghaidh ar cheisteanna maidir leis an  meabhairshláinte agus rinne sé ceiliúradh ar an údar Seosamh Mac Grianna.

Tá stíl ar leith scéalaíochta aige a chuireann scéal inár láthair le ceol, cultacha agus geáitsíocht. Bhuaigh sé duais amharclannaíochta The Irish Times don seó ‘Sparkplug’ sa mbliain 2013 agus fuair sé duais don leagan raidió ar RTÉ sa Prix Italia.

Tá ticéid agus sonraí na camchuairte anseo.

CEOL

Moltaí á lorg do Ghradaim NÓS 2025

Tá moltaí á lorg ón bpobal do Ghradaim NÓS 2025, gradaim a dhíríonn ar cheiliúradh a dhéanamh ar cheol na Gaeilge. Beidh na gradaim ar siúl arís i mBéal Feirste i mí Feabhra na bliana seo chugainn. Naoi rannóg atá i gceist leis na gradaim agus tá moltaí á lorg d’Amhrán na Bliana, Amhrán Dátheangach na Bliana, Albam Na Bliana (Nua-Cheol), Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta), Físeán na Bliana, Ealaín Albaim na Bliana, Ceoltóir Aonair na Bliana, Banna na Bliana agus gradam nua ar cuireadh tús leis anuraidh, Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí (Nuatheachtaí na Bliana).

I measc iarbhuaiteoirí an ghradaim do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ tá KNEECAP, IMLÉ, agus Aeons. Painéal moltóirí ar a bhfuil ionadaithe ó NÓS, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Féile na Gealaí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach rannóg.

Glacfar le moltaí go dtí an 1 Eanáir, 2025.

LITRÍOCHT

Comórtas Gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne ar oscailt

Tá iarratais á lorg do chomórtas gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne 2025. Glacfar le hiarratais i nGaeilge agus i mBéarla agus is iad moltóirí na bliana seo ná Éilis Ní Dhuibhne agus John Patrick McHugh. Trí dhuais a bheidh i gceist le comórtas na bliana seo, an chéad duais €500, an dara duais ná €250 agus bronnfar €100 agus ardmholadh mar dhuais don tríú háit. Foilseofar na scéalta buacacha ar shuíomh idirlín na féile agus tabharfar cuireadh do na scríbhneoirí saothar a léamh ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne 2025.

Gach eolas agus foirm iarratais anseo.

IMEACHTAÍ

POP-UP Gaeltacht Chathair Saidhbhín

Beidh ócáid lán le ceol agus craic ar bun an Satharn beag seo, an 21 Nollaig, i gCathair Saidhbhín áit a mbeidh Pop Up Gaeltacht ar siúl. Tá fáilte roimh chách isteach Tigh Mike Murts tráthnóna Dé Sathairn ag tosú ag 7:30 i.n. Moltar do cheoltóirí a n-uirlisí ceoil a thabhairt leo agus mura bhfuil uirlis agat, beidh fáilte roimh amhrán freisin. Beidh fáilte roimh dhaoine i bhfeistis Nollaigiúla agus beidh duaiseanna ar fáil don té is fearr a chuirfidh cuma na Nollag ar a bhfeisteas.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Cú Chulainn agus an Mhonarcha Seacláide, Gradam NÓS 2025 agus Pop Up Gaeltacht i gCathair Saidhbhín'