Creideann formhór an phobail i gcónaí nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, de réir suirbhé nua.
De réir na pobalbhreithe náisiúnta a rinne an comhlacht taighde Kantar do Chonradh na Gaeilge, níl ach duine as gach ceathrar sa stát ar son fáil réidh leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach.
D’aontaigh 58% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé gur chóir don Ghaeilge fanacht ina croí-ábhar agus go mbeadh ar gach dalta staidéar a dhéanamh uirthi suas go dtí an Ardteist.
Cé gur móramh a bhí i gceist, laghdú a bhí sa 58% sin ar an 64% a dúirt in 2019 nár cheart stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a athrú.
23% a thug le fios i suirbhé na bliana seo gur cheap siad gur chóir deireadh a chur leis an nGaeilge mar chroí-ábhar agus dúirt 19% nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.
Tagann ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais chun cinn go minic.
Caitheadh amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste in 2018. Dúradh go mbeadh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé a dhéanfaí san athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach ach nuair a foilsíodh an tuarascáil faoin athbhreithniú sin níos túisce i mbliana, ní raibh stádas na teanga luaite beag ná mór inti.
Moladh sa tuarascáil, áfach, go ndéanfaí iniúchadh ar churaclam na hArdteiste agus ar na hábhair go léir a mhúintear.
Thug an tAire Oideachais Norma Foley le fios do Tuairisc anuraidh nach bhfuil sé i gceist aici aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Dúradh go raibh an tAire “tiomanta go huile agus go hiomlán don Ghaeilge”.
Tugadh léargas freisin i dtorthaí an tsuirbhé a rinne Kantar ar an tacaíocht atá ann ó thuaidh do theangacha a bheith áirithe i measc na gcroí-ábhar don GCSE.
Tá imní léirithe faoi thodhchaí na Gaeilge mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal de bharr an titim atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag tabhairt faoi theanga eile seachas an Béarla.
Deir 64% den phobal ó thuaidh, beirt as gach triúr, gur chóir go mbeadh teangacha áirithe i measc na gcroí-ábhar ag leibhéal an GCSE agus go mbeadh dualgas ar dhaltaí staidéar a dhéanamh ar theanga amháin eile seachas an Béarla.
Níor easaontaigh ach 18% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé leis an tuairim sin agus 18% nár thug le fios cé acu ar aontaigh siad nó nár aontaigh siad leis an tuairim.
In 2004 cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas staidéar a dhéanamh ar theanga eile don GCSE agus tháinig laghdú mór ó shin ar líon na ndaltaí a mbíonn teangacha á roghnú acu.
De réir suirbhé a rinne an BBC in 2019, chinn breis is aon trian de na scoileanna i dTuaisceart Éireann gan an Fhraincis, an Ghearmáinis nó an Spáinnis a chur ar fáil sna cúig bliana roimhe sin.
In achainí a rinne lucht an Ghaeloideachais anuraidh ar Aire Oideachais an Tuaiscirt, dúradh go raibh “gníomh práinneach” ag teastáil chun stop a chur leis an meath.
Tá dhá chúrsa Gaeilge ar fáil don GCSE ó thuaidh, GCSE Irish, atá dírithe ar dhaltaí sa chóras oideachais Béarla agus GCSE Gaeilge, atá dírithe ar dhaltaí an ghaeloideachais.
Tá laghdú mór tagtha ar líon na ndaltaí a thugann faoi ‘GSCE Irish’, a mhúintear i scoileanna Béarla agus a dhéanann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge mar ábhar breise.
Thit líon na ndaltaí a dhéanann ‘Irish’ don GCSE ó 2,665 in 2007 go dtí 1,519 in 2021, laghdú 1,146 dalta.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ó thuaidh, go léiríonn torthaí na pobalbhreithe go bhfuil gá le gníomh, ó Rialtas na Breataine ach go háirithe, chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais.
“Cuireann na figiúirí seo dlús faoinár gcuid oibre an stádas croí-ábhair a chosaint ó dheas tráth a bhfuil muid ag brú ar pholaiteoirí ó thuaidh teanga a aithint arís ag leibhéal TGMO,” a dúirt Ó Muadaigh.
“Léiríonn na figiúirí dúinn gur thit líon na ndaoine a roghnaigh an Ghaeilge ag TGMO ó thuaidh go mór ó cuireadh deireadh le teanga mar chroí-ábhar ó thuaidh. Is mian linn anois an cinneadh sin, cinneadh a rinne Rialtas na Breataine, a athrú ó thuaidh sna blianta atá amach romhainn.”
Tá sraith scéalta faoi príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á foilsiú go heisiach ag Tuairisc an tseachtain seo.
Roghnaíodh 2,051 duine don suirbhé, idir thuaidh agus theas, ach níor cuireadh an cheist maidir leis an bpolasaí oideachais don Ghaeilge ach ar an dream ó dheas. Roghnaíodh na rannpháirtithe ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.
Éamonn Ó Gribín
Tá mé i bhfábhar na Gaeilge!
Padriag ó riain
Tá mé I bhfábhar an ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar don ardteist. I mo thuairimse is cuid luachmhar dár n-oidhreacht an Ghaeilge. Má chaillimid an teanga beidh aiféala orainn.
Proinsias Ó Cionnaith
Toisc a fheabhas is a d’éirigh leis an bpolasaí thar céad bliain, ar ndóigh.