Moladh mór náisiúnta do Marty Walsh i SAM, ach súil ghéar aige ar pholaitíocht an bhaile

Tá aitheantas náisiúnta á thabhairt do Mhéara Bhoston Marty Walsh, arbh as Gaeltacht Chonamara a mhuintir

Moladh mór náisiúnta do Marty Walsh i SAM, ach súil ghéar aige ar pholaitíocht an bhaile

Nuair a shiúil Bill Clinton isteach i measc Méaraí chathracha Mheiriceá i Miami le gairid ba do Mharty Walsh ba thúisce a thug sé suntas.  ‘Ah, Marty – how are you doin’?’ arsa iarUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an bpolaiteoir de bhunadh Ghaeltacht Chonamara.  Ní fear postúil é Marty Walsh – a mhalairt ar fad – ach d’admhódh sé gur bhain sé sásamh beag as an aitheantas sin i measc a chomhghleacaithe.  Bhí 265 acu ann, ceannairí as cathracha agus ceantair chathrach ar fud na Stát Aontaithe.  Ba é seo cruinniú bliantúil Chomhdháil Mhéaraí Chathracha Mhóra Mheiriceá.

Ag labhairt dó ag an gcomhdháil thagair Bill Clinton d’obair an Mhéara Walsh i mBoston agus an seasamh atá tógtha aige ar chúiseanna éagsúla.  Ba mhór an ní é sin.   

Ach ní taobh leis an aitheantas sin amháin atá an Méara le gairid.  Tá ardmholadh tugtha dó sa bhfoilseachán mór le rá i saol na polaitíochta Politico.   Roghnaigh Politico an Méara Walsh mar dhuine den 11 ceannaire cathrach i Meiriceá ar fiú suntas agus aitheantas ar leith a thabhairt dóibh – b’in as 265 méara a bhí ag an gcomhdháil i Florida.

Foilsíonn Politico tuairiscí agus tuairimíocht ar líne agus  áirítear go mbreathnaíonn 26 milliún duine sna Stáit Aontaithe agus 1.5 milliún san Eoraip ar an suíomh sin. Foilsíonn Politico iris ar pháipéar freisin sna Stáit Aontaithe chuile dhara mí.

Tugann an méid atá ráite faoi Mharty Walsh acu aitheantas do thréithe pearsanta an Mhéara, an chaoi a láimhseálann sé na haicmí éagsúla i gcathair Bhoston agus dá mhisneach.

‘A recovering alcoholic and survivor of childhood cancer, Walsh, 50, has always bridged two worlds: the hard-bitten and socially conservative landscape of Boston’s long time white residents, and contemporary progressive Massachusetts politics. He got his start as the head of a local labor union—one his uncle had run, and for which Walsh had hauled building materials for two years.’ 

Ar ndóigh, is é Pat Mháirtín Tom (Breathnach) as Caladh Mhaínse i gCarna an t-uncail atá i gceist acu ansin.

Luaitear san gcur síos atá déanta ar an Méara Walsh freisin gur throid sé i gcónaí ar son cearta pósta do dhaoine den inscne chéanna agus gur chroch sé bratach na ngrúpaí trasinscneacha os cionn Chearnóg na Cathrach i mBoston le gairid nuair a bhí bus tacaíochta na gluaiseachta ag teannadh isteach.   Ní thagann an dearcadh liobrálach atá ag an Méara Walsh ar na cúrsaí seo le cuid den phobal scaití ach ní athraíonn sin a intinn.

Tá an dúshlán a thug an Méara Walsh don Uachtarán Trump nuair a fógraíodh go gcoinneofaí cuntas níos géire ar imircigh mídhleathacha tar éis aird a tharraingt ar cheannaire Bhoston ar fud na Stát Aontaithe.

Thug an suáilceas sin ag an gComhdháil i Miami léargas ar an gcairdeas atá idir an Méara Walsh agus Bill agus Hillary Clinton le scaitheamh blianta.  Cé go raibh sé tamall maith sular fhógair sé a thacaíocht go poiblí do Hillary Clinton sa gcomórtas d’ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na huachtaránachta anuraidh (cairde pearsanta iad an Méara Walsh agus an t-iar-leasuachtarán, Joe Biden a raibh caint air mar iarrthóir ar feadh tamaill) rinne sé go leor oibre di le linn an fheachtais.  Dá mbeadh an bua ag Hillary Clinton, bhí caint ann go bhfaigheadh an Méara Walsh glaoch go Washington.  Ní mar sin a tharla ach dúirt Marty Walsh le gairid nach n-imeodh sé as Boston le linn a chéad tréimhse mar Mhéara, fiú agus dá dtabharfaí cuireadh dó.

Ina chathair dhúchais féin atá an sprioc is gaire d’intinn Mharty Walsh faoi láthair. Beidh sé san iomaíocht don dara téarma ceithre bliana i mí na Samhna.  Is é an Comhairleoir Cathrach, Tito Jackson, an t-iarrthóir is mó a thabharfaidh dúshlán do Mharty Walsh ach dar le lucht Politico gur dóigh nach mbeidh mórán stró air na cosa a thabhairt leis.  Léirigh torthaí pobalbhreithe le gairid go raibh 31 pointe d’fharasbarr ag Walsh.

“Níl toghchán ar bith buaite nó go mbeidh na vótaí istigh,” arsa Gerry McDonough agus é tagtha as Boston go ceantar dúchais a athar i gCarna do chruinniú theaghlach Mhic Dhonnchadha ar Lá Mhic Dara.  Aturnae é Gerry agus ba é a bhí ina chomhairleoir dlí ag feachtas Mharty Walsh ceithre bliana ó shin.  “Caithfear tabhairt faoin toghchán seo chomh diongbháilte céanna agus a tugadh faoi thoghchán 2013 i mBoston,”, a deir Gerry.

Ba é Tip O’Neill féin a dúirt ‘all politics is local’ agus tá an moladh ó Miami agus ó Politico i bhfad ó bhaile – nó go mbeidh an toghchán seo thart, ar aon nós.   

Fág freagra ar 'Moladh mór náisiúnta do Marty Walsh i SAM, ach súil ghéar aige ar pholaitíocht an bhaile'