Moladh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sna Gardaí mar gur ‘bac’ é ar dhaoine le disléicse agus imircigh

Dúradh nár léir cén ‘fiúntas’ a bhí leis an riachtanas Gaeilge dóibh siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí sa Gharda Síochána

Moladh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sna Gardaí mar gur ‘bac’ é ar dhaoine le disléicse agus imircigh

Bhí an tuairim go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina bac ar dhaoine a bhfuil disléicse orthu agus ar dhaoine ó thíortha eile ar na cúiseanna ar moladh go bhfaighfí réidh leis an riachtanas teanga a bhain le hardú céime sa Gharda Síochána.

Ar an 13 Iúil anuraidh, a chinn na Gardaí go foirmeálta go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhain le poist na sáirsintí agus cigirí.

Ach, de réir eolais atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, is i nóta polasaí a ullmhaíodh sa Roinn Dlí agus Cirt i mí Dheireadh Fómhair 2018 a moladh go bhfaighfí réidh leis an riachtanas sin.

Dúradh faoin riachtanas sa nóta sin nach raibh sé soiléir “what value it brings to the process”.

Dúradh go raibh an riachtanas Gaeilge mar ábhar in “go leor” ceisteanna Dála agus gur chruthaigh sé deacrachtaí do dhaoine a bhfuil disléicse orthu agus a raibh díolúine ón nGaeilge faighte acu agus iad ar scoil.

Measadh freisin go bhféadfadh gur “bac” a bheadh sa riachtanas ó thaobh iarrthóirí éagsúla a mhealladh i dtreo an Gharda Síochána.

“It could also be an impediment to the requirement to opening diversity in AGS and to encouraging entrants from other national and ethnic backgrounds now living in Ireland.”

Is léir freisin ó na cáipéisí ón Roinn Dlí agus Cirt nár thug an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ná an Garda Síochána feidhm riamh don dualgas reachtúil a leagadh orthu in 2006 caighdeán líofachta Gaeilge a shocrú don riachtanas teanga.

Ina áit sin, glacadh leis gur leor pas sa scrúdú Gaeilge a dhéanann Gardaí faoi oiliúint chun an riachtanas teanga i dtaobh phoist na sáirsintí agus na gcigirí a chomhlíonadh.

Bhí Gardaí faoi oiliúint ar theip orthu sa bhéaltriail Ghaeilge fós in ann a bheith ina nGardaí ach ní bheadh siad incháilithe d’ardú céime.

Bhí an cinneadh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge i measc roinnt athruithe a moladh do chomórtais arduithe céime sa Gharda Síochána “ar mhaithe le teacht le dea-chleachtas ó thaobh cúrsaí earcaíochta”.

Tuarascáil Chigireachta an Gharda Síochána a foilsíodh in 2015 a spreag na hathrutihe nuair a moladh inti go mbunófaí próisis nua maidir le roghnú agus arduithe céime sna Gardaí. Measadh freisin in iniúchadh an Choimisiúin um Cheapacháin Phoiblí an bhliain chéanna go raibh na rialacháin a bhain le harduithe céime sa Gharda Síochána as dáta agus go raibh gá le hathbhreithniú.

Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt gur mhair an plé ar na rialacháin nua ó 2018 go dtí 2021. Is léir ó na cáipéisí a cuireadh ar fáil do Tuairisc, áfach, nach ndearnadh aon phlé sa Roinn faoi dheireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge tar éis 2018.

“Cinneadh go luath sa phróiseas sin nár ceart go mbraithfeadh incháilitheacht le hardú céime a fháil chuig céim Sáirsint ar phas a bheith faighte ag Garda i dtástáil inniúlachta sa Ghaeilge mar chuid den phróiseas comórtais,” a dúirt an Roinn.

“Rinneadh an cinneadh sin á chur san áireamh go dtéann iontrálaithe uile sa Gharda Síochána faoi an-chuid oiliúna, lena n-áirítear oiliúint i gcomhair inniúlachta sa Ghaeilge.”

Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris an tseachtain seo caite nach raibh an eagraíocht ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge ach gur aontaíodh an t-athrú i ndiaidh “an-chuid cainteanna” idir na Gardaí, an Roinn Dlí & Cirt, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an tÚdarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí.

Fág freagra ar 'Moladh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sna Gardaí mar gur ‘bac’ é ar dhaoine le disléicse agus imircigh'

  • Seán ÓM

    Is léir nach bhfuil aon deacrachtaí leis an litriú i mBearla …. agus má tá is cuma. Ach na deacrachtaí i litriú na Gaeilge – is leithcheal iad!

    Nach dtuigeann sibh – is teanga draíochtúil é an Béarla:

    Má tá fadhbanna ag daoine le disléicse nó imircigh leis an mBéarla, tá réiteach le haimsiú go mbeidh siad in ann Béarla a fhoghlaim.

    Má tá fadhbanna ag daoine le disléicse nó imircigh leis an nGaeilge,
    tá an locht ar an nGaeilge agus caithfear fáil réidh léi.

    Chomh maith leis sin, ní raibh ariamh aon chainteoirí dúchais na Gaeilge nó dalta Gaelscoil ann a bhí disléicse orthu agus fadhbanna acu leis an litriú i mBéarla.

    Téann an fhadhb in aon treo amháin.
    Ní leithcheal é seo – tá muid i gcoinne leithcheal.

    Ach dáiríre:
    Ba chóir do Tuairisc ráiteas a fháil ó na heagraíochtaí atá ar son imirceach agus ar son daoine le disléicse faoi scéalta mar seo. Níl fhios agam an dtagann smaointe mar seo ón Rialtas féin amháin – nó an bhfuil na pobail sin ag tacú leis na hiarrachtaí seo.

  • Liam

    D’fhéadfá a rá gur chóir fáil réidh leis an riachtanas Béarla leis an teoiric céanna

  • Risteárd

    Agus an é sin beartas teanga tíortha eile an AE? Ní gá le Fraincis sa bhFrainc, agus mar sin de? Nó an bhfuil namhaid na Gaeilge ag cur dallamullóg orainn arís?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Seans maith go ndéantar an cinneadh i dtosach, i gcásanna mar seo, agus lorgaítear an leithscéal leis an gcinnneadh ina dhiaidh sin. Sin mar a oibríonn an córas stáit.