Moladh an Choimisinéara maidir le córas nua scéimeanna teanga á scrúdú ag an Aire Stáit Kyne

Ghéill an tAire Stáit Kyne inniu go bhfuil ‘fadhbanna’ le córas na scéimeanna teanga mar atá sé faoi láthair

Moladh an Choimisinéara maidir le córas nua scéimeanna teanga á scrúdú ag an Aire Stáit Kyne

Tá moladh an Choimisinéara Teanga go dtabharfaí isteach córas atá bunaithe ar chaighdeáin chomónta agus ar rialacháin in áit chóras na scéimeanna teanga á scrúdú ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Ghéill an tAire Stáit Kyne inniu go bhfuil “fadhbanna” le córas na scéimeanna teanga mar atá sé faoi láthair agus thug sé le fios gur chas sé féin le Alun Davies, an tAire Rialtais sa Bhreatain Bheag atá ag plé leis an mBreatnais, chun labhairt leis faoi chúrsaí teanga in Éirinn agus sa tír sin.

Tá córas scéimeanna teanga na Breataine Bige bunaithe ar chaighdeáin chomónta seachas ar aontú scéimeanna aonaracha le comhlachtaí poiblí mar a dhéantar sa tír seo.

Thug an tAire le fios chomh maith go bhfuil oifigigh a Roinne le casadh le hoifigigh sa Bhreatain Bheag an tseachtain seo “chun ceist na scéimeanna, na gcaighdeán agus na rialachán a phlé chun córas níos éifeachtaí a chur ar bun anseo in Éirinn”.

Dúirt an tAire Kyne go raibh na spriocanna céanna aige mar Aire is atá ag an gCoimisinéir Teanga agus go mbeidh sé ag obair i gcomhar leis an gCoimisinéir Teanga chun feabhas a chur ar reachtaíocht teanga sa tír seo.

I dtuarascáil speisialta a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga inniu, dúirt se go bhfuil an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc”.

Léiríonn an tuarascáil speisialta ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht Teanga gur minic a dhéanann an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas a bheith ag cur leo.

“Is léir ón anailís seo go bhfuil teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú.

“Tá moltaí déanta agam sa tráchtaireacht seo maidir le malairt cur chuige a chuirfeadh go mór le héifeacht na reachtaíochta. Tá súil agam go dtabharfar aird orthu,” a dúirt Ó Domhnaill.

Ar cheann de na moltaí sin a rinne an Coimisinéir, moladh “laghdú a dhéanamh ar réimse feidhme na scéimeanna teanga, de réir a chéile, trí níos mó seirbhísí a rialú faoi chóras rialachán. Ba é an toradh a bheadh air sin sa deireadh, a deirtear, ná caighdeáin chomónta seirbhíse a laghdódh ‘an t-ualach riaracháin’ a bhaineann le haontú scéimeanna teanga aonaracha”.

Thug Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, “ardmholadh” don Choimisinéir Teanga as an “taighde críochnúil” atá curtha os comhair an phobail aige.

“Is léir nach dtuigeann an státchóras go bhfuil siad ann chun feidhmiú ar son shaoránaigh na tíre agus chun freastal ar mhianta an phobail. Léiríonn taighde an Choimisinéara an dearcadh sin atá acu agus nach bhfuil siad sásta cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge.

“Tá sé seo le feiceáil ach go háirithe san easpa dul chun cinn ó scéim go scéim agus go deimhin gur minic gur cúlú a bhíonn i gceist nuair a dhéantar uasdhátú ar scéimeanna. Is léir freisin a laghad aird  a thugtar ar sheirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta nó chun a chinntiú go mbíonn foireann le Gaeilge fostaithe chun seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht,” a dúirt an Dr Comer.

Fág freagra ar 'Moladh an Choimisinéara maidir le córas nua scéimeanna teanga á scrúdú ag an Aire Stáit Kyne'