‘Mo ghraidhin iad’ mar a deireadh Meaig Ghinneá lá den saol

Tá seachtain mhór eile romhainn ag na Cluichí Oilimpeacha agus na lúthchleasaithe i lár an aonaigh

‘Mo ghraidhin iad’ mar a deireadh Meaig Ghinneá lá den saol

Sinéad Diver. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Dá ndéarfaí leat gur Bridget, Sinéad, Aoife agus Fionnuala atá ar cheathrar de na lúthchleasaithe a bheas san iomaíocht i rás maratóin na mban ag na Cluichí Oilimpeacha Dé Sathairn seo chugainn, níor mhilleán duit a cheapadh go bhfuil Éire ag sárú riail nach gceadaíonn do thír ar bith ach triúr iomaitheoirí in aon chomórtas.

Féach go mbeidh an ceathrar ann mar sin féin – ach nach mbeidh geansaí glas na tíre seo ach ar bheirt acu – Aoife Cooke as Corcaigh agus Fionnuala McCormack as Cill Mhantáin.

Ós rud é gurb é seo an ceathrú huair ag Fionnuala a bheith páirteach sna Cluichí Oilimpeacha bheadh aithne leitheadach uirthise. Bhí sí níos cáiliúla fós b’fhéidir faoin ainm a bhí uirthi sular phós sí, Fionnuala Britton.

B’in a bhí uirthi nuair a bhuaigh sí trí bhonn óir ag Craobhacha Trastíre na hEorpa agus nuair a bhí sí sa gcoimhlint sa rás 3,000m i Beijing agus 10,000m i Londain.

Phós sí ó shin agus beirt chailíní beaga tugtha ar an saol aici. Aimsir na Nollag seo caite a rugadh an duine is óige acu.

As Eochaill in oirthear Chorcaí d’Aoife Cooke arbh í an chéad Éireannach ar éirigh léi Maratón Bhaile Átha Cliath a bhuachan nuair a rinne sí sin in 2019. Bhí a seanathair Jack Dempsey ar fhoireann Chorcaí a bhuaigh Craobh Iomána na hÉireann i ngrád na mionúr i 1951 agus an Chraobh Shóisearach i 1958.

Tá a laghad téagair in Aoife gur bhaist a traenálaí ‘An tSióigín’ uirthi. Fós, ainneoin go gceapfá go séidfeá de do bhos í, tá sí thar a bheith stuifiúil. Ní hé déine an rása a rithfidh sí i dteas Thóiceo amháin a chruthaíonn sin. Le linn di a bheith ar scoláireacht lúthchleasaithe sna Stáit Aontaithe agus gan í ach 17 bliain d’aois, frítheadh amach go raibh an galar osteopenia (cnámha briosca) uirthi. Ní raibh de rogha aici ach filleadh abhaile agus tosú ó bhonn arís.

Ar an gCorrchloch i nGaeltacht Mhaigh Eo a saolaíodh Sinéad Diver – sin é an baile fearainn is gaire do bhaile Bhéal an Mhuirthead agus tú ag déanamh do bhealaigh ó thuaidh ar an R313.

Tar éis di céim a bhaint amach ina teanga dhúchais agus sa gcorpoideachas thug sí aghaidh ar an Astráil in 2002. Bhí sí pósta ansiúd agus beirt mhac aici agus na deich mbliana fichead sáraithe go réidh aici nuair a chuir sí suim sa reathaíocht, tar éis dá deirfiúr Gráinne iarraidh uirthi a bheith páirteach i rás spraoi.

Ba ghearr a thóg sé a thuiscint go raibh cumas as an ngnáth i Sinéad Diver agus níorbh fhada go raibh sí ag buachan rásaí agus ag cruthú curiarrachtaí ar fud na hAstráile agus ar fud an domhain.

Geansaí glas na hÉireann in áit cheann na hAstráile a bheadh á chaitheamh ansiúd ag Diver Dé Sathairn seo chugainn murach athrú intinne a tháinig ar Chumann Lúthchleasaíochta na tíre seo in 2015 agus ise ag díriú isteach ag áit a bhaint amach ar fhoireann na tíre seo i Rio.

Bhí an cháilíocht sin bainte amach ag bean na Corrchloiche agus í faoi réir a dhul ag iomaíocht ar son na tíre inar saolaíodh í an uair sin, nó gur athraigh Aonad Ardfheidhmíochta an chumainn anseo an sprioc-am don mharatón a bhí leagtha síos acu féin.

Shocraigh Sinéad ansin gur don Astráil a thabharfadh sí a dílseacht agus bhain sí cáilíocht do Thóiceo amach cúpla mí ó shin in aois a mbeadh go leor eile ag cuimhneamh éirí as an iomaíocht.

Sé Nic Bideau, fear céile agus iarthraenálaí Sonia O’Sullivan, an cóitseálaí atá á comhairliú faoi láthair.

Tharlódh gur buntáiste don reathaí maratóin páistí a bheith tugtha ar an saol aici agus ní duine amháin ach cúpla atá ag an ‘mBríd’ atá ar ár liosta – Faith agus Brian.

An obair mhisinéireachta a rinne sagairt, bráithre agus mná rialta Éireannacha i gceantar an Rift Valley i lár na Céinia a fhágann ainm dhuine de naomh-phátrúin na hÉireann ar mháthair na beirte – Bridgit Kosgei, an bhean is tapúla riamh go dtí seo sa rás 42.2km nó 26.2 míle.

Sin é an ceantar céanna ar ndóigh ina bhfuil an Bráthair Colm Ó Conaill leis na blianta, é ag meascadh na hoibre a bhaineann le scaipeadh na Críostaíochta le hoiliúint a chur ar lúthchleasaithe. Tá go hard os cionn 100 campa traenála faoina chúram anois agus oiliúint curtha aige ar dhaoine a bhuaigh 25 craobh dhomhanda agus ceithre bhonn óir Oilimpeach.

Duine de sheachtar clainne a thóg máthair shingil is ea Bridgit. Fearacht go leor dá comhghleacaithe bhí an scoil tuairim 10km óna teach agus a bhfearacht siúd freisin ba mhinic a rith Bridgit ann agus abhaile as.

Scoláire maith ab ea í, ach bhí a chostas féin ag baint leis an oideachas – fiacha $1,500 (nach raibh acu) ar a máthair nuair a bhí Bridgit seacht mbliana déag agus tuilleadh scolaíochta le déanamh.

Ba ag an bpointe sin a shocraigh sí an scoil a fhágáil agus iarracht a dhéanamh maireachtáil a bhaint as an lúthchleasaíocht di féin, dá stócach (reathaí eile Matthew Kosgei), dá máthair agus dá deartháireacha agus deirfiúracha.

Socrú a bhí ann a d’íoc a bhealach go rábach.

Chríochnaigh sí ceithre nóiméad chun cinn ar an iomaitheoir ba ghaire di sa gcéad mharatón a rith sí sa bPortaingéil agus ní fada go raibh dóthain airgid buaite aici agus a ghlan na fiacha, ní áirím talamh a cheannach sa mbaile a d’fhág go bhfuil sí féin agus a muintir deisiúil go leor. Sí Bridgit a bhuaigh an dá gheábh deireanach nuair a ritheadh maratóin i Londain agus i Chicago, cuir i gcás.

Beidh maratón na mban ar cheann de na rásaí a mbeidh mé ag breathnú go cinnte air an tseachtain seo amach romhainn nuair a thiocfaidh ardú de réir a chéile ar an iomaíocht i Tóiceo. Tá maratón na bhfear lá arna mhárach ar an liosta freisin.

Ceist mhór eile a bheidh le freagairt is ea cén comharba a bheidh ar Usain Bolt i rásaí an 100 méadar agus an 200 méadar. Aigeasean amháin atá na boinn óir a bhaineann leis na coimhlintí sin curtha timpeall a mhuiníl ó rinne Justin Gatlin agus Shawn Crawford sin san Aithin seacht mbliana déag ó shin.

Beidh babhtaí ceannais na rásaí 800m agus 1500m ar siúl ag déanamh ar dheireadh na seachtaine seo chugainn freisin – chinn ar sheaimpín domhanda 800m na bhfear Donavan Brazier áit a bhaint amach ar fhoireann na Státaí i Eugene Oregon.

Beidh Leona Maguire agus Stephanie Meadow in iomaíocht an ghailf i lár na seachtaine agus beidh na súile leáite ionainn faoin Domhnach nuair a thiocfaidh maratón na bhfear agus an Searmanas Scoir – milseog a fhágfaidh blas na Seapáine inár mbéil agus apéritif a chuirfidh faobhar ar an ngoile agus muid ag cuimhneamh ar Pháras.

D’éirigh mé i lár an mheán oíche go bhfeicfinn beirt Chonamara, cailín na Cabraí agus an Sciobairín, ag tabhairt an bhoinn leo i lár na seachtaine.

‘Mo ghraidhin iad’ mar a deireadh Meaig Ghinneá lá den saol.

Fág freagra ar '‘Mo ghraidhin iad’ mar a deireadh Meaig Ghinneá lá den saol'