Grianghraif le Abigail Varney Foilsithe ag Trespasser, Austin, 2022 Teanga: Béarla, 68 lch, 32 pláta daite agus 14 pláta dubh is bán. Toisí: 10x12½”
Áit i lár na hAstráile nár chuala mórán againn trácht air, is dócha, is ea Coober Pedy agus tá beagnach gach ópal bainte as an talamh ansin faoin am seo. Mar sin féin, tá an dream a mhaireann ann ag súil le míorúilt: béarfaidh bó éigin lao éigin lá éigin.
Thángthas ar na hópail sa bhliain 1915 agus tá mianadóirí ann ag tochailt ó shin. Thíos seal, thuas seal. Níl mórán eile san áit. Tart agus gaineamhlach.
Ar Leac an Dorais
Téacs le Tijs Goldschmidt Recto Verso Publications a d’fhoilsigh, An Ísiltír Teangacha: Dúitsis & Béarla 108 léaráid Toisí: 9¾x6¾”
Bíonn grianghrafadóirí ann a thaistealaíonn ceithre hairde na cruinne agus ansin bíonn daoine eile ann a aimsíonn iontais an domhain ar leac an dorais acu féin.
Tá cónaí ar Hans Bol in oirthear na hÍsiltíre, san Ooijpolder, ó 1993. Talamh a tugadh ar ais ón bhfarraige is ea poldar. Ceapann daoine áirithe go bhféadfaí fadhb na tithíochta i gcathracha na hÉireann atá cois cósta a leigheas ach na Dúitsigh a thabhairt isteach agus poldair a dhéanamh dúinn ar a dtógfaí tithe.
Ba le linn na paindéime a thosaigh Bol ag dul i ngleic le tírdhreach an pholdair agus gan aon phlean aige ach grianghraif a ghlacadh. Ag rothaíocht thart nó ag siúl dó, tá meas nua anois aige, a deir sé, ar a fhód dúchais.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Sa tóir ar na hópail agus iontais an tsaoil'