MIONLÉIRMHEAS: Faoi dhraíocht ag cat a ainmníodh i ndiaidh ninja cháiliúil

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, cat ón tSeapáin agus grianghraif as gach cuid den Mhongóil

MIONLÉIRMHEAS: Faoi dhraíocht ag cat a ainmníodh i ndiaidh ninja cháiliúil

Masahisa Fukase: Sasuke 

Foilsithe ag EXB 

Grianghraif le  Masahisa Fukase 

Téacs: Masahisa Fukase & Tomo Kosuga, Stiúrthóir Chartlann Masahisa Fukase  

Teangacha: Fraincis agus Béarla 

Clúdach crua: 18,5 x 26 cm 

123 grianghraf dubh is bán 

192 lch 

Luach: € 45  

ISBN : 978-2-36511-290-1

Nílimse an-tógtha le cait, caithfidh mé a rá, ach chaithfeá a bheith ceanúil ar Sasuke, an peata a bhí ag an ngrianghrafadóir Seapánach mór le rá Masahisa Fukase.  

Ainmníodh an cat Sasuke i ndiaidh ninja cháiliúil agus dhírigh an grianghrafadóir a lionsa air sa bhliain 1977. Chuaigh an ninja beag ar strae, áfach, tar éis deich lá agus chroch Fukase céad póstaer de sa chomharsanacht. Tháinig duine éigin ar an gcat – ach ba léir don ghrianghrafadóir géarshúileach nárbh é Sasuke é. Ba chuma. Bhí an dara Sasuke chomh gleoite leis an gcéad cheann. Bheidís doscartha ón lá sin amach. Thugadh sé an cat leis gach aon áit, grianghraif iontacha á nglacadh aige de, ó mhaidin go hoíche. 

Sin é an Seapánach duit – ag scríobh haiku dó, nó ag glacadh grianghraf: ní caitheamh aimsire aige é; is é a shaol ar fad é.  

Is maith liom an T-léine seo: 

Cé hí sin in aice le Sasuke?


Tá an saol ag athrú 

Mongolia Felix
Grianghraif le Michele Palazzi 

Origini Edizioni a d’fhoilsigh ( 2021) 

 68 leathanach 

 49 léaráid 

Toisí:  11¾x17″ 

Teangacha: Iodáilis & Béarla

 

Tá an saol ag athrú, abairt a chloisfeá i dtíortha ar fud an domhain. Samhlaímse, áfach, nár chualathas an abairt sin rómhinic go dtí le déanaí sa Mhongóil.  

Tá an saol ag athrú ar dalladh, cinnte, agus toisc go gcreideann an chuid is mó againn i mbolscaireacht an ‘dul chun cinn,’ ligimid do na hathruithe go léir tarlú, nó glacaimid leis nach bhfuil aon chur ina gcoinne. Is beag tír – tá an Bhútáin eisceachtúil sa tslí sin – a chuireann rialacha dochta i bhfeidhm maidir le luas agus méid na n-athruithe a cheadaítear. 

Tá gach éinne ag iarraidh a bheith ar nós mhuintir an Iarthair anois agus an galar sin á leathadh sa Mhongóil mar phaindéim. 

Faightear grianghraif as gach cuid den Mhongóil sa leabhar seo, Gaineamhlach Ghóibí san áireamh agus an pobal ann ag iarraidh cloí le nósanna traidisiúnta maireachtála; gheofá sa leabhar seo chomh maith páistí sa phríomhchathair Ulaanbaatar agus iad lorg bia i mboscaí bruscair. 

Is fiú breathnú tríd an leabhar suaithinseach seo san fhíseán atmaisféarach atá ag an nasc seo. 

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Faoi dhraíocht ag cat a ainmníodh i ndiaidh ninja cháiliúil'