Míle lá ó shin inniu a thosaigh an cogadh san Úcráin, ach i bhfianaise thoradh an olltoghcháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ní dóigh go mbeidh sé ina chogadh dearg ar feadh míle lá eile. Cé go bhfuil seans ann go mairfidh sé mar chogadh tnáite ar leibhéal níos ísle ar feadh i bhfad, tá an chuma air go bhfuil an cogadh dearg ag druidim chun deiridh.
B’iomaí cor sa chogadh roimhe seo ar maíodh gur chor cinniúnach é ach fágfaidh uachtarán agus rialtas nuathofa Stáit Aontaithe Mheiriceá athrú buan ar chúrsaí as seo amach. Tá sé ráite ag urlabhraí i ndiaidh urlabhraí de chuid an uachtaráin tofa, Donald Trump, gurb é seo an t-am chun deireadh a chur leis an gcúnamh míleata don Úcráin agus leideanna tugtha acu go gcuirfidh na Stáit Aontaithe iallach ar an Úcráin glacadh le sos cogaidh.
Roghanna na Rúiseach
Beidh cinntí le déanamh ag na páirtithe eile sa chogadh tar éis searmanas insealbhaithe Trump, ach beidh i bhfad níos mó roghanna ag na Rúisigh ná mar a bheidh ag an hÚcránaigh. Is féidir leo glacadh le sos cogaidh go luath agus cé nach mbeidh siad in ann a mhaíomh go bhfuil a spriocanna bainte amach acu go hiomlán beidh siad in ann cuma na maitheasa a chur ar an méid talún atá gafa acu.
Ach tá seans ann freisin go leanfaidh siad leis an troid go dtí go ndíbreoidh siad na hÚcránaigh ó chúige Kursk sa Rúis agus go ngabhfaidh siad an Donbas ar fad. Léiríonn líon na n-ionsaithe atá ag tarlú gach lá chomh dian is atá an Rúis ag iarraidh na spriocanna gearrthéarmacha seo a bhaint amach roimh aon sos cogaidh a d’fhéadfadh a bheith ann.
Ní hamháin go n-éireoidh leis na hionsaithe níos déine seo ach leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh leis na hionsaithe diúracán chun an brú is mó is féidir a chur ar na hÚcránaigh sula dtiocfaidh sos cogaidh i bhfeidhm.
Nó b’fhéidir go ndéanfaidh siad cinneadh dul sa seans agus leanúint leis an ionradh sa tsúil is nach dtiocfaidh na Stáit Aontaithe i gcabhair ar an Úcráin go deo arís.
Ach bheadh deacrachtaí leis an gcur chuige sin. Bheadh baol ann go leanfaí leis na smachtbhannaí ar an Rúis agus cé go raibh na Rúisigh in ann tionchar na smachtbhannaí a laghdú go dtí seo, tuigeann siad go bhfuil agus go mbeidh drochthionchar acu ar an ráta boilscithe agus ar theacht isteach na tíre.
Cé nach dtitfidh an tóin as geilleagar na tíre go luath, tá comharthaí ann go bhfuil cúrsaí ag éirí níos measa toisc go bhfuil an ráta boilscithe thart ar 12% agus an ráta úis níos mó ná 25%.
Anuas air seo meastar gur chaill na Rúisigh idir 60% agus 70% den trealamh míleata, lena n-áirítear tancanna, feithiclí armúrtha troda, agus airtléire, a bhí coimeádta i dtaisce acu roimh an ionradh. Tá siad ag brath ar sheantrealamh níos mó ná riamh agus níl na monarchana in ann coimeád suas leis an méid trealaimh atá á chailleadh acu, go fóill.
In ainneoin an cúnamh a fhaigheann na Rúisigh ón gCóiré Thuaidh meastar go mbeidh deacrachtaí acu trealamh a sholáthar do na haonaid ar an talamh faoi dheireadh 2025.
Bheadh sé ar a gcumas leanúint leis an gcogadh sa mheántéarma, ach an ndéanfaidh siad an cinneadh gan glacadh le sos cogaidh ar an mbonn go scaoilfear na smachtbhannaí agus go gcuirfear deireadh leis an gcúnamh míleata don Úcráin beag beann ar an gcinneadh a dhéanfaidh siadsan?
Idir dhá thine Bhealtaine
Má chuireann na Meiriceánaigh iallach ar na hÚcránaigh glacadh le sos cogaidh tar éis an tsearmanais insealbhaithe beidh siad idir dhá thine Bhealtaine agus cinneadh le déanamh acu géilleadh don bhrú nó seasamh ina aghaidh chomh fada agus is féidir leo.
Cé go raibh na hÚcránaigh in ann maireachtáil ar feadh naoi mí gan cúnamh míleata ó Mheiriceá tuigeann siad, ní hamháin go bhféadfaí deireadh a chur leis an gcúnamh, ach go bhféadfadh na Meiriceánaigh cuid den chóras teachtaireachta atá á úsáid ar an talamh a ghearradh agus deireadh a chur leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn siad chomh maith.
Beidh drogall orthu géilleadh don bhrú seo go dtí go mbeidh siad in ann a chinntiú roimh ré go bhfaighidh siad barántas slándála as seo amach.
Ar ndóigh beidh rogha eile acu, agus is é sin leanúint le cosaint na tíre sa tsúil is go mbeidh comhghuaillithe eile, seachas na Meiriceánaigh, in ann cuid den bhearna a líonadh.
Bheadh deacrachtaí leis an gcinneadh sin. Agus níos lú ná leath den chúnamh míleata a bhí geallta ag na comhghuaillithe eile faighte ag na hÚcránaigh tuigeann siad nach ndéanann roinnt tíortha beart de réir a mbriathra.
Ina theannta sin, cé go mbeidh roinnt tíortha in ann airm agus armlón a sholáthair, rud a chuirfidh leis an gcosaint ar an talamh, ní bheidh sé ar a gcumas a ndóthain diúracán frith-aerárthaí a chur a fáil agus mar gheall air sin beidh cathracha agus saoráidí bonneagair na hÚcráine i mbaol i gcónaí.
Tar éis an tsearmanais insealbhaithe
Tar éis insealbhú Donald Trump ar an 20 Eanáir, cuirfidh an rialtas nua i Stáit Aontaithe Mheiriceá iallach ar na hÚcránaigh teacht ar chomhaontú ionas go mbeidh siadsan in ann sos cogaidh a fhógairt. Toisc go bhfuil taithí ag na hÚcránaigh maireachtáil gan cúnamh ó na Stáit Aontaithe seasfaidh siad in aghaidh an bhrú chomh fada agus is féidir leo.
Sula nglacfaidh siad le sos cogaidh beidh siad ag súil go mbeidh na Meiriceánaigh in ann tabhairt ar na Rúisigh glacadh le sos cogaidh ag an am céanna.
Ach mar gheall ar ráitis ó dhaoine éagsúla sa chomhaireacht nua i Meiriceá, lena n-áirítear JD Vance, Elon Musk agus Tulsi Gabbard (stiúrthóir faisnéise náisiúnta nua-ainmnithe), tá an chuma air go bhfuil an rialtas nua ar tí caitheamh leis na Rúisigh go pointe áirithe mar chomhghuaillithe seachas mar chéilí comhraic.
Anuas ar na buntáistí eile atá ag na Rúisigh feicfimid linn an gcuirfear an cathú orthu leanúint leis an ionradh mar gheall ar an tacaíocht, de réir cosúlachta, a thugann roinnt daoine sa chomhaireacht nua i Meiriceá dóibh.
Fág freagra ar 'Míle lá ó thosaigh an t-ionradh ar an Úcráin, is cosúil go bhfuil an cogadh dearg ag druidim chun deiridh'