Coinneoidh Verona Murphy a suíochán in ainneoin Mick Wallace a bheith sa rás

Tá bratach an neamhspleáigh i Loch Garman ardaithe ag Verona Murphy ó d’imigh Mick Wallace chun na hEorpa

Coinneoidh Verona Murphy a suíochán in ainneoin Mick Wallace a bheith sa rás

Loch Garman
Líon na suíochán: 4

D’fhág Mick Wallace (Ind4Ch) sách deireanach é a fhógairt go poiblí go mbeadh sé ag seasamh sa dáilcheantar seo agus é ag súil an suíochán a ghnóthaigh sé in 2011 agus arís in 2016 a fháil ar ais. Ach tá an saol bogtha ar aghaidh ó shin.  In 2016 bhí cúig shuíochán le líonadh sa dáilcheantar ach ós rud é go bhfuil sciar mór de thuaisceart Loch Garman curtha le sciar de dheisceart Chill Mantáin le dáilcheantar nua a chruthú, tá suíochán amháin níos lú le líonadh an babhta seo.

Chomh maith leis sin, an fhad is a bhí sé féin i  bParlaimint na hEorpa, tá bratach an neamhspleáigh i Loch Garman ardaithe ag Verona Murphy (Nspl), a toghadh go héasca in 2020 agus ar léir go bhfuil gréasán tacaíochta láidir aici sa Wexford Independent Alliance. Tá an chuma ar an scéal go gcoinneoidh Verona Murphy (Nspl) a suíochán in ainneoin Mick Wallace (Nspl) a bheith sa rása. Is minic a cloistear í ar na meáin náisiúnta. Cúlra Fine Gael atá aici.

As an gcúigear a toghadh in 2020, tá beirt ag seasamh siar: Brendan Howlin (LO) iarcheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre agus Paul Kehoe (FG). Bhí Teachta Dála ag Páirtí an Lucht Oibre le cuimhne na ndaoine i Loch Garman ach seans nach mbeidh tar éis an toghcháin seo. Ag seasamh an fhóid don Lucht Oibre tá an Comhairleoir George Lawlor (LO), a fuair 2,361 sna toghcháin áitiúla mí an Mheithimh seo caite i mbaile Loch Garman.

Bhí 18,717 vóta ag Johnny Mythen (SF) in 2020. Dá bhfaigheadh sé leath den vóta sin an babhta seo, ba leor é lena shuíochán a choinneáil. Is fiú a rá go ndearna Sinn Féin beagáinín níos fearr sna toghcháin áitiúla i Loch Garman ná Páirtí an Lucht Oibre: bhí 11% ag iarrthóirí Shinn Féin agus 9% ag iarrthóirí an Lucht Oibre. Ar an láimh eile bhí 15% ag iarrthóirí ón Wexford Independent Alliance, an grúpa a bhunaigh Verona Murphy (Nspl).

Lena shuíochán a choinneáil ní mhór do Johnny Mythen (SF), ar as Inis Chórthaigh dhó, a bheith chun tosaigh ar Mick Wallace (Nspl).

Is iarrthóir láidir é an Comhairleoir Jim Codd (Aon) ó Aontú. Fuair sé 2,455 sna toghcháin áitiúla i gceantar Ros Láir agus d’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht ag an deireadh don cheathrú suíochán, le Johnny Mythen (SF) agus leis an gComhairleoir George Lawlor (LO).

Ba cheart go gcoinneodh James Brown (FF) a shuíochán, gan mórán stró. Ag seasamh in éindí leis tá Michelle O’Neill (FF). Ní bhfuair sí ach 368 vóta sna toghcháin áitiúla ag seasamh don Wexford Independent Alliance. Mar gur roghnaíodh ise thar an gComhairleoir Michael Sheehan ag an gcoinbhinsiún tá Sheehan (Nspl) ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách.

Seans maith go gcaillfidh Páirtí an Lucht Oibre an suíochán atá acu sa Dáilcheantar seo le fada an lá, go gcoinneoidh Sinn Féin an suíochán atá ag Johnny Mythen (SF), cé gur iarrthóir an-láidir é an Comhairleoir George Lawlor (LO) agus chomh maith leis sin ní féidir an Comhairleoir Jim Codd (Aon) a chur as an áireamh.

Creidim go dtoghfar aríst Verona Murphy (Nspl) agus James Browne (FF). Tá an chuma ar an scéal gurb é an Comhairleoir Cathal Byrne (FG) a bhuafaidh suíochán d’Fhine Gael. Fuair sé 2,275 vóta i gceantar Inis Córthaidh sna toghcháin áitiúla, an ceantar arb as Paul Kehoe (FG), an Teachta Dála atá ag éirí as.

Ag seasamh chomh maith tá Peadar McDonald (CG) ón gComhaontas Glas agus Martina Stafford (PsB) ó Phobal seachas Brabús. Tá beirt san iomaíocht do pháirtithe ar an eite dheis: Stephen Power (IP) ag seasamh don Irish People agus Martina Stafford (NP) ag caitheamh geansaí an National Party.

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1

Fág freagra ar 'Coinneoidh Verona Murphy a suíochán in ainneoin Mick Wallace a bheith sa rás'

  • Darren

    Go bunúsach tá Sinn Féin ag tógáil anall áit Pháirtí an Lucht Oibre agus is cosúil nach mbeidh áit ar bith i ndán do Mhick Wallace de réir seo? Bheinn in amhras faoi Shinn Féin agus Mick sa rás aríst ach cá bhfios.