Na comharthaí toghcháin sin nach bhfaca mé mórán acu i bhfuinneoga na dtithe i lár Philadelphia, is cosúil go bhfuil gairdíní na mbruachbhailte breac leo.
Agus na coillte freisin – nó sin a léigh mé sa Philadelphia Inquirer agus mé ar an traein ó dheas ó Swing State Pennsylvania go stát dearg Florida.
Is é an chaoi go bhfuil comharthaí Kamala Harris á ngoid ag leantóirí Donald Trump agus gur caitheadh ar a laghad 250 acu i gcoill sa bhruachbhaile Lansdale, i bhfad amach ar an taobh ó thuaidh den chathair.
Ach níl leantóirí Harris gan locht ach oiread, agus scrios forleathan déanta le péint spraeála acu sin ar chomharthaí Trump i mbruachbhailte Philly.
Is i ngéire atá an choimhlint ag dul de réir cosúlachta.
Ní hionann agus blianta eile, tá gearáin déanta leis na póilíní ag roinnt mhaith daoine ar goideadh nó ar loiteadh comharthaí toghcháin as a gcuid gairdíní. Má bheirtear ar na loitiméirí, gearrfar fíneáil suas go $2,000 orthu.
Léiriú thar a bheith feiceálach cogadh seo na gcomharthaí ar an scoilt leathan i gcroílár shochaí Mheiriceá, a bhíonn dofheicthe de ghnáth toisc gur ina gcuid bolgán féin a bhíonn na daoine den chuid is mó, ní hamháin ar líne ach san fhíorshaol freisin: de réir taighde a rinne an biúró PewResearch thiar in 2020, deir 80 faoin gcéad de mhuintir Mheiriceá nach bhfuil cairde acu ar an taobh thall den scoilt pholaitiúil.
Ach dá fheiceálaí iad, an modh éifeachtach iad comharthaí cairtchláir nach mbíonn le feiceáil orthu ach ainmneacha na n-iarrthóirí chun an beagán vótóirí sin nach bhfuil a fhios acu go fóill cén taobh den scoilt ar a bhfuil siad a mhealladh, nó a chur ina luí orthu siúd a bhfuil a fhios acu go maith cén taobh lena mbaineann siad dul amach agus vóta a chaitheamh dáiríre?
Tá na céadta milliún dollar caite ag Harris agus ag Trump araon ag iarraidh vótóirí an Swing State uilethábhachtach Pennsylvania a mhealladh, agus níor chosain na comharthaí cairtchláir sin ach céatadán beag bídeach den airgead sin.
Léiríonn taighde ó Ollscoil Columbia nach mbíonn mórán tionchair ag comharthaí cairtchláir ar thoradh an toghcháin ar chor ar bith, ach gur bealach atá ann do vótóirí a rogha pholaitiúil féin a chur in iúl agus an lá mór ag druidim agus gur arm cumhachtach síceolaíoch a bhíonn i ‘bhfarraige’ de chomharthaí dearga, nó gorma, aimsir thoghcháin.
Go deimhin 20 bliain ó shin, nuair a bhí mé sna Stáit ag scríobh faoi thoghchán uachtaránachta 2004 don nuachtán Foinse, ba í an fharraige de chomharthaí dearga ag tabhairt tacaíochta do George W. Bush a chonaic mé i stáit ar nós Ohio, Kentucky agus Virginia ba chúis leis nár chuir bua GWB ar John Kerry aon iontas ormsa.
Is cinnte go mbeidh mé ag ‘comhaireamh’ na gcomharthaí sin i m’aigne arís i mbliana. Ceann gorm a chonaic mé in gayborhood Philly a bhí sa cheann is spéisiúla go dtí seo: Harris /Walz – Country over Party: léiriú nach bhfuil an scoilt pholaitiúil i sochaí Mheiriceá go hiomlán dothrasnaithe, agus go bhfuil Poblachtánaigh ann nach bhfuil sásta vóta a chaitheamh do Donald Trump agus dá leathbhádóir don leasuachtaránacht, J.D. Vance.
Pádraig
Is fiú ailt Hijmans a léamh i gcónaí – duine den bheagán ar an suíomh seo a léim le fonn. Ní bhíonn baothchaint ná tuairimí gan bhunús ina chuid scríbhneoireachta ach tuairiscí meáite, suimiúla. Agus is deas tuairiseoireacht ‘ar an láthair’ a bheith againn freisin – rud is annamh is iontach sna meáin Ghaeilge. Tuigim go mbíonn eagarthóirí Tuairisc.ie an-ghnóthach agus gur dócha nach bhfoilseofar mo nóta tráchta go ceann roinnt laethanta dá bharr ach cuirim anseo é ar aon nós ionas go dtuigfidh siad go bhfuil léitheoirí ann ag tabhairt airde ar an méid a fhoilsítear ar an suíomh.