Michael Darragh MacAuley agus Linda Ervine i measc ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge

Tá Michael Darragh MacAuley, Linda Ervine, Sibéal Ní Chasaide agus Tracy Clifford ainmnithe mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2019, a seoladh inniu i mBaile Átha Cliath

Michael Darragh MacAuley agus Linda Ervine i measc ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge

Is iad an peileadóir as Baile Átha Cliath Michael Darragh MacAuley, an t-amhránaí as Ráth Chairn, Sibéal Ní Chasaide, an gníomhaí teanga as Béal Feirste Linda Ervine agus an láithreoir raidió le 2fm Tracy Clifford ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2019.

Seoladh go hoifigiúil inniu i mBaile Átha Cliath féile Sheachtain na Gaeilge 2019, a bheidh ar siúl idir 1 – 17 Márta.

Dúirt Tracy Clifford, ó 2fm go raibh an ceathrar ambasadóirí “an-sásta” tacú leis an bhféile.

Dúirt Amy O’Shaughnessey, Bainisteoir Urraíochta Energia gur údar “bróid” ag an gcomhlacht é a bheith ag déanamh urraíochta ar an bhféile. 

Tracy Clifford, Michael Darragh Macauley agus Linda Ervine. Pictiúr: Conor McCabe

Fág freagra ar 'Michael Darragh MacAuley agus Linda Ervine i measc ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge'