Meileann muilte Xi go mall ach meileann siad go mín

Is léir nach bhfuil aon bhealach éifeachtach ag Donald Trump le brú a chur ar Valdimir Putin teacht go bord na gcainteanna, seachas b’fhéidir géilleadh dá n-éilimh go léir

Meileann muilte Xi go mall ach meileann siad go mín

Is léir anois nach bhfuil agus nach raibh riamh aon fhíorphlean ag Donald Trump faoi conas deireadh a chur le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Ní raibh riamh ina chuid cainte faoi dheireadh a chur leis an gcogadh i lá amháin ach baothchaint agus rómhuinín ina mhiotas –  ‘Ealaín an Mhargaidh’.

Is léir nach bhfuil aon bhealach éifeachtach aige le brú a chur ar Putin teacht go bord na gcainteanna, seachas b’fhéidir géilleadh dá n-éilimh go léir. Léiríonn ionsaithe leanúnacha sceimhlitheoireachta Putin ar ghnáth-Úcránaigh, agus go háirithe sléacht Dhomhnach na Pailme i Sumy, nach bhfuil imní ar bith ar Putin faoi olc a chur ar Trump.

Mhaígh Trump gur ‘botún’ a bhí san ionsaí agus é ag iarraidh a éagumas follasach fhéin srian a chur ar chíocras fola Putin a cheilt. Is amaitéarach é Trump i gcúrsaí geopolaitiúla agus is amaitéaraigh cuid mhaith de na daoine atá ag cur comhairle air faoin Úcráin, go háirithe a thoscaire Steve Witkoff atá aineolach ar fhíricí bunúsacha faoin Úcráin – ar nós nach léiríonn teanga dhúchais daoine san Úcráin cé acu an dtacaíonn siad leis an Rúis nó leis an Úcráin agus go bhfuil tromlach mór pro-Úcránach i gcúigí Kherson agus Zaporizhzhia.

Is maith an rud é go mbeadh éagsúlacht tuairimíochta i measc chomhairleoirí an Uachtaráin, a fhaid is go bhfuil bunaidhm chomónta éigin acu.

Tá roinnt dá chomhairleoirí sinsearacha go follasach ag taobhú leis an Rúis sa chogadh – Steve Witkoff, Tulsi Gabbard – agus cuid eile acu a bhfuil seasamh pro-Úcránach acu, ar nós Keith Kellog. Tá go maith, ach nuair atá Uachtarán agat a bhfuil claonadh ann géilleadh do pé tuairim a bhí ag an duine deireanach a labhair leis, ní féidir a bheith ag súil leis go dtiocfaidh aon chur chuige stuama as an meascán tuairimí sin.

Ach tá deis anseo anois ag an tSín agus ag an Uachtarán Xi Jinping, más mian leis í a thapú. Tá spleáchas níos mó ag an Rúis ar an tSín ná ar thír ar bith eile le leanúint ar aghaidh lena cogadh i gcoinne na hÚcráine. Mar sin is féidir leis an tSín brú a chur ar an Rúis ar shlí nach féidir le Meiriceá.

Chomh maith leis sin tá taidhleoirí gairmiúla ag an tSín a bhfuil taithí fhada acu ar a bheith ag déileáil leis an Rúis. Níl an tSín tar éis an tionchar atá acu ar an Rúis maidir leis an gcogadh san Úcráin a úsáid ach ar shlí amháin. Chuir siad in iúl go soiléir don Rúis nár theastaigh uathu go mbeadh an Rúis ag déanamh bagairtí núicléacha agus ní dhéanann an Rúis é sin a thuilleadh. Ach seachas sin, tá siad tar éis seasamh leis an Rúis, in ainneoin an Rúis a bheith ag sárú phrionsabal an fhlaithis náisiúnta a bhfuil an tSín ina habhcóide ar a shon le fada an lá.

Níl aon rúndiamhair faoin gcúis atá leis seo. Cé go bhfuil prionsabal an fhlaithis náisiúnta tábhachtach don tSín, tá aidhm níos tábhachtaí fós acu, deireadh a chur le forlámhas domhanda Mheiriceá agus ord domhanda ‘ilpholach’ a thógáil ina mbeadh ról níos tábhachtaí ag an tSín.

Ba chuid lárnach den straitéis sin an chomhghuaillíocht idir an tSín agus an Rúis. Nuair a bhí Meiriceá go soiléir ar thaobh na hÚcráine, ba bhuille tubaisteach don ais fhrithMheiriceánach seo a bheadh ann dá dteipfeadh ar an Rúis ina cogadh i gcoinne na hÚcráine.

Tá cúrsaí athraithe go hiomlán anois áfach.

Níl Meiriceá ar thaobh na hÚcráine a thuilleadh. Tá Donald Trump é fhéin ag déanamh níos mó chun tionchar idirnáisiúnta Mheiriceá a scrios agus domhan ilpholach a bhaint amach lena chogaí trádála agus a chuid polasaithe eile ná mar a d’fhéadfadh an tSín féin a dhéanamh.

D’oirfeadh sé don tSín an deis seo a thapú chun caidreamh níos fearr a chothú leis an Eoraip agus tá an Eoraip níos oscailte faoin smaoineamh sin de bharr iompar Trump – ach is dris sa chosán atá i dtacaíocht de facto na Síne do chogadh na Rúise san Eoraip. Chomh maith leis sin, tá rialtas Trump ag iarraidh bagairt na dtaraifí a úsáid chun brú a chur ar an Eoraip rogha a dhéanamh idir a caidreamh trádála leis an tSín agus a caidreamh trádála le Meiriceá.

Is chun leas na Síne a bheadh sé an tairiscint is mealltaí is féidir a dhéanamh don Eoraip agus níl tairiscint níos mealltaí a d’fhéadfadh sí a dhéanamh ná cabhrú le síocháin agus slándáil na hEorpa a chinntiú.

Dá gcuirfeadh an tSín brú ar an Rúis éirí as an gcogadh san Úcráin ní ag cabhrú le Meiriceá a bheadh siad ach a mhalairt. Dá mbainfeadh an tSín amach an rud nár éirigh le Trump é a bhaint amach lagódh sé sin stádas idirnáisiúnta Mheiriceá agus láidreodh sé stádas na Síne.

Bheadh sé ag dul thar fóir a rá go dtarraingeodh sé an Eoraip isteach i gcomhghuaillíocht le stát aon pháirtí uathlathach na Síne, ach is cinnte go rachadh sé i bhfeidhm go mór ar an Eoraip gurbh í an tSín a d’imir ról dearfach ar son na seasmhachta agus na síochána san Eoraip seachas Meiriceá.

Ní chuirfeadh an tSín brú ar an Rúis tarraingt amach as na críocha gafa mar chuid d’aon socrú síochána. Ach murab ionann is na Meiriceánaigh ní chuirfeadh siad brú ach an oiread ar an Úcráin flaitheas de jure a ghéilleadh ar na críocha gafa mar go mbeadh sin ag teacht salach go hiomlán ar theagasc seanbhunaithe na Síne. Mar sin is dócha gur cineál éigin coimhlint ‘reoite’ a bheadh mar thoradh ar idirghabháil na Síne agus nach mbeadh ach faoiseamh teoranta ann don Rúis ó smachtbhannaí na hEorpa.

Dá dteastódh ón Rúis caidreamh iomlán a athbhunú leis an Eoraip amach anseo bheadh orthu ar a laghad roinnt de na críocha gafa a thabhairt ar ais don Úcráin chun an normalú sin a bhaint amach.

Meileann muilte Xi go mall ach meileann siad go mín. An dtapóidh sé an deis stairiúil seo stádas na Síne a neartú agus stádas Mheiriceá a lagú? Is ag Xi amháin atá a fhios.

 

Fág freagra ar 'Meileann muilte Xi go mall ach meileann siad go mín'