Ina dhiaidh sin féin, téann bainne as Laois i leite bhricfeasta na cathrach

An córas náisiúnta polaitíochta atá againn in Éirinn, tugann sé an buntáiste do chathracha thar cheantair thuaithe

Ina dhiaidh sin féin, téann bainne as Laois i leite bhricfeasta na cathrach

Beirt Seanadóirí a chuireann Nua-Eabhrac go Washington; beirt Seanadóirí a chuireann North Dakota go Washington. 20 milliún an daonra atá i Stát Nua-Eabhrac agus níl ach 784,000 duine i Stát North Dakota. Socraíodh ag Comhdháil an Bhunreachta i Meiriceá in 1887 gur mar seo a bheadh sa gcaoi agus go mbeadh cothromaíocht cumhachta i measc na Státaí ar fad. Tugann sé stádas níos fearr do réigiúin faoin tuath, agus do réigiúin ina bhfuil an daonra íseal.

Tá bealaí eile ann freisin. Bhí Hillary Clinton trí mhilliún vóta chun cinn ar Donald Trump i dtoghchán Uachtaránachta 2016. Ach bhí farasbarr glan ag Trump sa gColáiste Toghlaigh, atá bunaithe ar choibhneas i measc na Státaí. D’fhág sin an Teach Bán ag Trump. Cé go raibh tromlach na vótaí ag Clinton, bhí i bhfad níos mó den tír buaite ag Trump. An vóta taobh amuigh de na cathracha móra, ar nós North Dakota – an vóta tuaithe ar bhealaí – a chinntigh an bua do Trump.

Bheadh brí loighciúil leis an argóint go dteastaíonn chuile chineál duine, agus chuile chineál ceird. Ach, dá rachfaí go snaidhm i rópa leis, is dóigh go mbeadh loighic níos láidre fós leis an tuairim go bhfuil na daoine a chuireann beatha ar fáil don phobal ar an dream is riachtanaí uilig.

Ba Mheiriceánach é Abraham Maslow a cheap amach an triantán a thugann léargas ar riachtanais an chine dhaonna. Ar nós teach maith, tá an bhunchloch aigesean in íochtar – beatha agus foscadh.

Cén chaoi a mbeadh na comparáidí idir Nua-Eabhrac agus North Dakota ó thaobh na bunchloiche de? Stát mór le fás cruithneachta agus lusanna na gréine é North Dakota, agus is é an Stát is mó i Meiriceá é a chuireann mil ar an margadh. Cuireann North Dakota go leor artola thar teorainn amach chomh maith le go leor feithiclí troma tionsclaíochta a bhíonn á n-úsáid ar fud na tíre uilig.

Níl Nua-Eabhrac –áirítear go bhfuil beagnach 15 milliún [den 20 milliún duine atá sa stát] ina gcónaí i gceantar iomlán chathair Nua-Eabhrac, áit nach bhfuil láidir, beag ná mór, ó thaobh na bunchloiche siúd, beatha an duine.

Ar ndóigh, bíonn díospóireacht sna Státaí scaití faoin gcóras toghchánaíochta ach dá mbunófaí an toghchán Uachtaránachta ar vótaí iomlán na tíre, bheadh na Státaí leis an daonra íseal fágtha amuigh go brách.

An córas náisiúnta atá againn in Éirinn, tugann sé an buntáiste do chathracha thar cheantair tuaithe. Cuir i gcás gur mhol duine éigin sa bpolaitíocht go mbeadh Baile Átha Cliath agus contae Laoise taobh leis an líon céanna Teachtaí Dála sa dá chontae sin? Samhlaigh an cáineadh a dhéanfaí ar an duine sin.

Ach, ina dhiaidh sin féin, téann bainne as Laois i leite bhricfeasta na cathrach.

Anois, ní comparáid réasúnach é mar go bhfuil líon mór Ionadaithe Comhdhála sna Státaí. Bíonn 435 Feisire Comhdhála ann agus 100 seanadóir agus na feisirí sin roghnaithe de réir daonra, agus dualgas orthu talamh a sheasamh i dtoghcháin chuile dhara bliain.

Ach ní córas slán ó mhairg é an daonlathas agus níl cosaint na tuaithe ann sa tír seo, ar bhonn toghcheantair ná ar bhonn inmheánach cathrach agus contae.

Contae tuaithe é Gaillimh ach tá thoir agus thiar ann. Ba ar an talamh – dá bhoichte é in áiteacha – a mhair tromlach na ndaoine sa gcontae, go traidisiúnta. Tá athrú mór ann. Is cosúla le saol cathrach é an ceantar as An Teach Dóite soir agus as Indreabhán soir anois.

Ach tá thoir agus thiar fós ann, agus de réir mar atá meastachán caiteachais na bliana 2026 do chontae na Gaillimhe á réiteach, tá sampla an-mhaith (nó an-olc!) ann aríst don cheantar thiar a bheith thíos le riaradh an daonlathais.

Deich nduine fhichead Comhairleoirí atá sa gceantar uilig taobh thoir den chathair agus naonúr atá taobh thiar. Beidh bóithre ar cheann de na ceisteanna is mó a bheidh le réiteach, ceist atá fíorthábhachtach sna ceantair thuaithe.

Maireann an deasú a dhéantar ar bhóthar in oirthear an chontae cuid mhaith de scór blianta de bharr nádúr na talún; ní mhaireann sé ach 6 bliana, ar an meán, i gConamara. Fós féin, tá caiteachas na Comhairle bunaithe go simplí agus go “cothrom”; an t-airgead céanna do chuile chiliméadar, bíodh sé thoir no thiar. Tá togha na ndaoine thoir atá tofa go daonlathach, agus tá 30 acu ann. Is leor nod don eolach.

Céard faoi chóras Nua-Eabhrac agus North Dakota?

Fág freagra ar 'Ina dhiaidh sin féin, téann bainne as Laois i leite bhricfeasta na cathrach'

  • TÓC

    Deabhaltaí an tóir atá agat ar SAM agus gan aird ar bith agat ar Inis Bearachain!