Drochlá do theaghlaigh na n-íobartach, do riar na córa agus do na Paras

Bhí díomá ar theaghlaigh Dhomhnach na Fola faoin mbreithiúnas go raibh Saighdiúir F neamhchiontach, cé nach raibh ionadh orthu

Drochlá do theaghlaigh na n-íobartach, do riar na córa agus do na Paras

Sin é. An t-aon saighdiúir a cúisíodh as sléacht Dhomhnach na Fola neamhchiontach as dúnmharú beirte agus as iarrachtaí chun cúigear eile a dhúnmharú.

Bhí díomá ar theaghlaigh Dhomhnach na Fola faoin mbreithiúnas cé nach raibh ionadh orthu. Bhí siad bródúil áfach gur éirigh leo triail sa chúirt a bhaint amach 53 bliain i ndiaidh an lae uafair sin nuair a mharaigh paratrúpaí na Breataine trí dhuine dhéag agus ghoin 14 eile i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Glanadh an té a bhí ar a thriail ach bhí an breitheamh soiléir gur dhúnmharuithe a rinneadh mar a mhaígh an lucht feachtais ariamh.

Shéan an t-iarbhall de reisimint pharaisiút na Breataine, an saighdiúir F seacht gcúis, dúnmharú William McKinney, 26, agus James Wray, 22, chomh maith le hiarrachtaí chun Michael Quinn, Patrick O’Donnell, Joseph Friel, Joe Mahon agus duine eile a dhúnmharú ar an 30 Eanáir 1972. Tharla na seacht n-ionsaí sin in achar an-ghearr, cúpla nóiméad ar a mhéid i bPáirc Ghleann Fada Thuaidh.

Rialaigh an Breitheamh Patrick Lynch nár chruthaigh an t-ionchúiseamh thar amhras réasúnta go raibh an saighdiúir ciontach. Bhí sé go mór in amhras faoin bhfianaise ó chomhghleacaithe F, na saighdiuirí G agus H. Níor thug siadsan fianaise don triail, dhiúltaigh duine agus tá an duine eile marbh ach bhí cás an ionchúisimh in aghaidh F bunaithe ar ráitis a tugadh cheana. Chinn an Breitheamh Lynch go raibh na ráitis sin bréagach, iad athraithe cúpla babhta ar mhaithe leo féin agus chuir sé mionnú éithigh ina leith.

Rinne an breitheamh cáineadh feanntach ar iompar na saighdiúirí i bPáirc Ghleann Fada Thuaidh. Ní raibh siad i mbaol a n-ionsaithe ó éinne agus níor ghá dóibh scaoileadh chun iad féin a chosaint. Tá 59 leathanach sa bhreithiúnas is féidir a léamh anseo https://www.judiciaryni.uk/files/judiciaryni/2025-10/%5B2025%5DNICC30Final%20-%20Approved_0.pdf

Sna conclúidí, tar éis dhá uair go leith ag tabhairt achoimre i dteach na cúirte Déardaoin, bhí an breitheamh cinnte ‘go ndeachaigh buíon saighdiúirí isteach i bPáirc Ghleann Fada Thuaidh tamall tar éis a 4.00 a chlog agus gur thosaigh siad ag scaoileadh ar an toirt nach mór, le gunnaí ardluais, ar shibhialtaigh neamharmtha i bhfoisceacht caoga méadar nó níos lú dóibh’.

Ba é a thoradh sin, arsa an Breitheamh Lynch ‘gur dúnmharaíodh William McKinney agus James Wray agus gur goineadh go mídhleathach ceathrar nó cúigear eile. Bhí na saighdiúirí G, H, F agus E san mbuíon sin agus iad freagrach as na maruithe agus an goineadh’. Lean sé ‘ní raibh beann ar bith acu ar smacht míleata…smál ar chlú a reisiminte ab ea é sibhialtaigh neamharmtha a bhí ag teitheadh uathu ar shráideanna cathrach sa Bhreatain (sic) a scaoileadh sa droim. Ba cheart dóibh sin a bhí freagrach ceann faoi a bheith orthu le teann náire’.

Conas a tharla sé nárbh fhéidir ciontú a bhaint amach? Níl ciontacht chomhchoiteann aitheanta san dlí abhus, a dúirt an breitheamh. Ní raibh fianaise na saighdiúirí eile inmhuiníne agus níorbh fhéidir iad a chroscheistiú, níor thug an cosantóir, an saighdiúir F ráiteas ná fianaise agus ní raibh an t-ionchúiseamh in ann a chruthú, thar amhras réasúnta, gurbh é an saighdiúir F a rinne na coireanna. Thug scór sibhialtach, daoine a gortaíodh ina measc, fianaise le linn na trialach ach ní raibh siad in ann F a aithint go deifnídeach.

Bhí a fhios ag na teaghlaigh ón tús go raibh an fhianaise mantach, go leor de na finnéithe ar shlí na fírinne agus easpa fianaise eile toisc nár fhiosraigh an RUC an cás ag an am – d’fhág siad faoi phóilíní an Airm é agus bhí a gcuid oibre siúd easnamhach, féinchúiseach fiú. Níor bailíodh ábhar fóiréinseach agus ní raibh fáil ar an ngunna a d’úsáid F mar dhíol Roinn Cosanta na Breataine é.

Níl cead achomhairc ach tá dlíodóirí ag fiosrú cad is féidir a dhéanamh maidir le mionnú éithigh. Beidh siad i dteagmháil leis an tSeirbhís Ionchúisimh faoin gceist.

Bhí ríméad ar lucht tacaíochta an tsaighdiúra agus orthu sin a deir nár cheart a bheith ag ‘ciapadh’ iarshaighdiúirí. Deir roinnt ceannairí míleata nach bhfuil éinne saor ón dlí. Mar sin féin tá rialtas na Breataine tar éis géilleadh do bhrú gur ghá ‘cosaint’ d’iarshaighdiúirí a bheith san reachtaíocht faoi Oidhreacht na dTrioblóidí. Bhí polaiteoirí aontachtacha sásta leis an toradh chomh maith.

Thug an UUP seóthriail uirthi. D’fháiltigh ceannaire an DUP, Gavin Robinson, roimh an toradh le suaitheantas reisimint na bparatrúpaí, é ag rá nár mhór bealach eile a fháil chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí. Bhí ceannaire an TUV diongbháilte nár cheart don tseirbhís ionchúisimh an cás a cheadú in aon chor.

Ar an láimh eile bhí Sinn Féin agus an SDLP díomách faoin toradh. D’ainneoin é a bheith ráite go poiblí ag an bPríomh-Aire Cameron in 2010 i ndiaidh fhiosrú Saville go raibh na dúnmharuithe gan údar agus dochosanta, níl oiread is duine amháin ciontaithe, arsa Michelle O’Neill, Sinn Féin; easonóir don cheart is ea é sin, dar léi.

Dúirt Colum Eastwood, SDLP, feisire Parlaiminte an Fheabhail, a thaistil chun na cúirte leis na teaghlaigh go raibh Doire bródúil as a bhfeachtas. Fearacht Mickey McKinney, deartháir William McKinney, ní raibh aon ghearán aige faoin mBreitheamh Lynch, iad ag maíomh gurb iad údaráis na Breataine a cheil an chóir orthu le heaspa fiosraithe agus le bréaga.

Sa deireadh, gach dream míshásta ar chúiseanna éagsúla agus riar na córa á cheistiú arís.

Fág freagra ar 'Drochlá do theaghlaigh na n-íobartach, do riar na córa agus do na Paras'