Meascán tuairimí ag múinteoirí faoi Pháipéar a hAon na Gaeilge

Tabharfaidh daltaí ardteiste faoi Pháipéar 2 den scrúdú Gaeilge ar maidin

Meascán tuairimí ag múinteoirí faoi Pháipéar a hAon na Gaeilge

Bhí meascán tuairimí ag múinteoirí Gaeilge faoi Pháipéar a hAon den scrúdú ardteiste Gaeilge cé gur cheap siad ar fad nach raibh aon rud ann a chruthódh dúshlán rómhór do dhaltaí.

Ar an iomlán, páipéar ‘an-fhéaráilte’ agus “oiriúnach” a bhí ann ó thaobh ábhair de agus “gan aon rud deacair” nó aon chastacht ann, a dúradh.

“Ach seans go raibh sé beagainín leamh,” a dúirt Tony Ó Murchú, Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara.

“Ní raibh aon rud deacair ann ach an rud a thugaimse faoi deara nach mbíonn siad róshamhlaíoch riamh faoi na haistí. Déanann formhór na ndaltaí na haistí agus tagann na rudaí céanna suas go minic. D’fhéadfaí ábhar a bheith ann le níos mó feola. Ní raibh aon rud ann faoin chogadh san Úcráin mar shampla,” a dúirt sé.

Sna hábhair do na haistí tugadh deis do dhaltaí scríobh faoin chostas ard maireachtála in Éirinn, fadhb na ndrugaí, cúrsaí sláinte agus daoine cáiliúla in Éirinn.

Bhí rogha ag daltaí ceist faoin Ghaeilge a fhreagairt mar dhíospóireacht –  ‘An bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa ré dhigiteach seo?’

Dúirt Mairéad Ní Fhlátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin, gur cheap sí gur páipéar “an-fhéaráilte, an-oiriúnach” a bhí ann.

“Níl aon ionadh ann. Tá sé ag teacht leis na páipéir a chuaigh roimhe. Ní cheapaim go raibh aon rud ann a chuirfeadh daltaí ar strae seachas an focal ‘beo beathach’ san aiste faoin Ghaeilge, seans nach dtuigfeadh chuile scoláire é ach i ndáiríre ba cheart go mbeadh chuile dhalta ardteiste ardleibhéil in ann tabhairt faoin pháipéar seo.”

Dúirt Tomas Mac Aodha, múinteoir Gaeilge i gColáiste Iognáid i nGaillimh go raibh “rogha fhéaráilte agus reatha” ag daltaí sa cheapadóireacht “gan mórán ábhar iontais” sa pháipéar ardleibhéil ná sa pháipéar gnáthleibhéil .

“Bhí raon leathan, oscailte aistí sa pháipéar. Cuirim i gcás ‘Éagóir i Saol an Lae inniu’, bhí an-scóip ansin.

“Is beag dalta nach mbeadh ar a chumas aiste réamhullmhaithe nó dhó a tharraingt isteach.”

Maidir leis an pháipéar gnáthleibhéil, dúirt Mac Aodha go raibh sé “sothomhaiste agus féaráilte”.

Dúirt Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, Tríona Uí Mhurchú, gur páipéar “thar a bheith féaráilte” a bhí ann a thug deis do dhaltaí a gcuid Gaeilge a thaispeáint.

“Shíl na gasúir féin go raibh réimse an-leathan acu, go raibh réimse leathan ábhar ann, rudaí ar nós fadhbanna sláinte an lae inniu, fadhb na ndrugaí sa lá inniu, costas maireachtála an lae inniu, bhí an Ghaeilge ann ach bhí sí ar bhealach beagáinín difriúil, ‘an bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa ré dhigiteach seo?’ seachas sin, shíl mé go raibh sé thar a bheith féaráilte.”

Dúirt Uí Mhurchú go raibh “chuile dheis” ag daltaí “rogha dheas” a dhéanamh sna haistí.

“Sílim go bhfuair siad chuile dheis rogha dheas a dhéanamh. Rinne go leor acu costas maireachtála agus bhí go leor acu a rinne [an aiste] ‘daoine cáiliúla sa lá atá inniu’ agus ar ndóigh tá go leor eolais acu faoi dhaoine cáiliúla só ar an iomlán, an-an-sásta.

“Sásta” go maith a bhí daltaí leis an chluastuiscint chomh maith, a dúirt Uí Mhurchú.

“Cé go raibh sé intuigthe, bhí na freagraí a bhí ag teastáil sách fada agus bhí brú ama i gceist ach i ndáiríre ar an iomlán tá mé thar a bheith sásta go bhfuair siad deis a gcuid Gaeilge a léiriú.”

Fág freagra ar 'Meascán tuairimí ag múinteoirí faoi Pháipéar a hAon na Gaeilge'

  • Siún

    Páipéar le topaicí as dáta a bhí sa cheapadóireacht. Níor tugadh an deis do scoláirí an obair mhór a bhí déanta acu a léiriú. Deacair a shamhlú go mbeadh cur amach ar shaol an tseomra ranga ag an té a chum an páipéar. Dí-scarúint leis an óige i bpáipéar 1.

  • Seosamh O Ciaardha

    Bhi an paipear cothromach go leor_aisti a mbeadh tu ag suil.leo

    Cluas tuiscint cothromach

    Nil na scolairi ag gearain faoi!