Meascán Mearaí 7 – Garda agus déagóir (Cartlann)

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 7 – Garda agus déagóir (Cartlann)

Gníomhaíocht 1:

Tá Garda ag siúl síos an bóthar agus feiceann sé déagóir ag iarraidh glas a bhaint de rothar. Ag obair leis an duine in aice leat déanaigí iarracht caint an Gharda a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déanaigí an comhrá a aithris os ard.

Garda:

Déagóir: Tada. Táim ag feitheamh anseo ar dhuine éigin.

Garda:

Déagóir: Is liom, ach ní féidir liom an glas a bhaint de mar tá an eochair caillte agam. Táim tar éis glaoch a chur ar m’athair agus beidh sé anseo sula i bhfad.

Garda:

Déagóir: Cé hé Micheál Ó Ruairc?

Garda:

Déagóir: Ahh…..Seán Ó Sé.

Garda:

Déagóir: Ní raibh.

Garda:

Déagóir: Ahh…Ascaill na Páirce

Garda:

Déagóir: 25

Garda:

Déagóir: Ahh…. Is Ascaill na Fuinseoige a bhí i gceist agam.

Garda:

Micheál Ó Ruairc: Hé…. cad atá sibh a dhéanamh le mo rothar.

Gníomhaíocht 2:

 

Gníomhaíocht 3:

Ag obair leis an duine in aice  leat déanaigí iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bainigí úsáid as cuid de na focail sa chomhrá samplach. Déanaigí nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair atá sé déanta déanaigí é a aithris os ard.
  • Déanaigí é a aithris do bheirt eile agus éistigí leis an gcomhrá bhí acusan.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 7 – Garda agus déagóir (Cartlann)'