Meascán Mearaí 03 – Oifig an Phríomhoide (Cartlann 2016)

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MM03

Cuireadh beirt scoláirí chuig Oifig an Phríomhoide mar go ndearna siad rud éigin as bealach.

1) Tá an comhrá a bhí eatarthu scríofa síos ach tá caint le duine acu fágtha folamh. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint Sheáin a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déan an comhrá a aithris os ard.

Máire: Ní chreidim go ndearna tú é sin.

Seán:

Máire: Cé a bhris é mar sin?

Seán:

Máire: Níl a fhios agam ó thalamh an domhain cén chaoi a bhfuil an múinteoir in amhras fúmsa. An dúirt tú aon ní léi?

Seán:

Máire: Tomás! Ní dhéanfadh Tomás aon ní mar sin, an ndéanfadh?

Seán:

Máire: Ní raibh a fhios agam é sin in aon chor. Ach cén fáth go mbeadh sé ag síneadh méara chugamsa?

Seán:

Máire: Tá a fhios agam. Beidh mo thuismitheoirí ar deargbhuile liom.  Céard a déarfaidh do thuismitheoirí?

Seán:

2) Tá comhrá samplach thíos. An féidir leat na bearnaí a líonadh.

Nuair a bheidh sé déanta, déan é a aithris os ard leis an duine in aice leat.

Máire: Ní chreidim go _______________ tú é sin.

Seán: Tá a fhios agat go maith nach mise a rinne é. Ní_______________  mé i ngiorracht scread_______________  don taisceadán sin.

Máire: Cé a bhris é mar sin?

Seán: Níl_______________  faoin spéir agam.

Máire: Níl a fhios agam ó thalamh an_______________  cén chaoi a bhfuil an múinteoir in_______________  fúmsa. An dúirt tú aon ní léi?

Seán: Ní dúirt mé tada. “Is binn_______________  in a thost.” Tá mise ag ceapadh gurb é Tomás a_______________  ormsa. Tá an chloch sa mhuinchille aige dom ó thosach na bliana.

Máire: Tomás! Ní dhéanfadh Tomás aon ní mar sin an_______________ ?

Seán: Dhéanfadh agus níos measa. Nach é a bhris fuinneog na_______________  arú anuraidh, an t-amadán. Tá an ghráin agam air.

Máire: Ní raibh a fhios agam é sin in aon chor. Ach cén fáth go mbeadh sé ag síneadh_______________  chugamsa?

Seán: Cá bhfios domsa? Is cuma ar aon nós mar táimid in umar na_______________  anois ar aon nós.

Máire: Tá a fhios agam. Beidh mo thuismitheoirí ar_______________  liom.  Céard a déarfaidh do thuismitheoirí?

Seán: Táim sa chor céanna leat féin. ‘Sé_______________  ná a mhalairt – nach mbeidh cead agam dul ag an dioscó oíche Shathairn.

3) Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bain úsáid as cuid de na focail sa chomhrá samplach. Déan nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  1. Nuair a bheidh sé déanta, déan é a aithris os ard.
  2. Déan é a aithris do bheirt eile agus éist leis an gcomhrá a bhí acusan.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 03 – Oifig an Phríomhoide (Cartlann 2016)'