Méadú eile ar líon na ndaoine le Covid-19 in Éirinn agus 22 cás anois ann

Tá beagnach 102,000 cás de Covid-19 dearbhaithe anois ar fud an domhain agus nach mór 3,500 duine básaithe de bharr an ghalair

Méadú eile ar líon na ndaoine le Covid-19 in Éirinn agus 22 cás anois ann

Tá méadú suntasach eile tagtha ar líon na gcás den choróinvíreas atá dearbhaithe in Éirinn agus 22 cás atá anois ann.

18 cás atá ann ó dheas, i gcomparáid le 13 cás inné.

Ceithre chás atá deimhnithe ó thuaidh.

Oibrí sláinte is ea duine den chúigear is déanaí atá buailte ag an aicíd agus baineann formhór na gcásanna nua le hothair atá ag fáil cóir leighis in ospidéil i Luimneach agus i gCorcaigh.

Bhí gartheaghmháil ag cuid de na hothair nua le hothair eile a tuairiscíodh an galar a bheith toghtha acu roimhe seo.

Chuathas i dteagmháil leis na céadta duine a raibh gartheagmháil acu leis na hothair sna hospidéil i Luimneach agus i gCorcaigh agus iarradh orthu fanacht glan ar dhaoine ar feadh 14 lá, tréimhse ghoir an ghalair.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce tráthnóna nach raibh aon ghá fós leas a bhaint as na fórsaí cosanta chun dul i ngleic le géarchéim an choróinvíris, ach go mb’fhéidir go mbeifear ag iarraidh ar oibrithe sláinte atá ar scor filleadh ar an obair sna seachtainí amach romhainn.

D’fhógair an Taoiseach tráthnóna nach raibh sé i gceist ag an Rialtas aon mhórócáidí a chur ar ceal “ag an tráth seo”.

D’iarr sé chomh maith ar dhaoine gan cinneadh a dhéanamh as a gconlán féin scoileanna a dhúnadh nó ócáidí a chur ar ceal.

Bhí Leo Varadkar ag labhairt tar éis  cruinniú i dTithe an Rialtais le dreamanna éagsúla a bhfuil baint acu le tionóil éagsúla.

Tá beagnach 102,000 cás de Covid-19 dearbhaithe anois ar fud an domhain agus nach mór 3,500 duine básaithe de bharr an ghalair.

Tá téarnamh déanta cheana ag os cionn leath de na daoine a bhuail an galar a bhfuil a lorg fágtha aige ar 85 tír ar fud an domhain mhóir.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil John Hopkins, baineann breis is 80,500 cás den ghalar leis an tSín, mar ar thosaigh Covid-19, tá os cionn 6,500 cás sa Chóiré Theas agus tá beagnach 5,000 cás san Iaráin. An Iodáil an tír is measa atá buailte san Eoraip agus beagnach 5,000 cás sa tír sin.

Idir an dá linn, iarradh ar bhreis is 60 ball foirne in Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh iad féin a choinneáil amach ó dhaoine eile mar gheall ar an gcás den choróinvíreas a aimsíodh san ospidéal.

Is é an cás sin an chéad chás de Covid-19 in Éirinn nár tolgadh thar lear é agus baineann sé le fear a chaith seal san ospidéal sular tastáladh don ghalar é.

Tá diansrianta ar chuairteoirí i bhfeidhm san ospidéal i gCorcaigh mar a bhfuil cúram leighis á chur ar an bhfear meánaosta atá á choinneáil amach ó dhaoine eile.

Tuairiscítear, áfach, go bhfuil lucht leighis den tuairim go mbeidh na céadta cás eile ann as seo go ceann cúpla seachtain.

Sa chás go rachadh an scéal in olcas dhúnfaí scoileanna agus gnóanna go leor agus chuirfí ócáidí spóirt agus ócáidí poiblí eile ar ceal.

Táthar ag súil i gcónaí nach mbeidh gá lena leithéid cé go bhfuil sé ina imní mhór go mbeidh an galar á scaipeadh i measc an phobail laistigh den tír féin.

Tá gach coinne obráide agus coinne a bhí ag othair sheachtracha Dé Luain agus Dé Máirt curtha ar ceal i sé ospidéal ghrúpa Ollscoil Luimnigh.

Chuir Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath in iúl do mhic léinn agus baill foirne aréir go raibh baint ag cás den ghalar leis an gcampas sin. Tá cuid den champas dúnta mar bheartas réamhchúraim.

Moltar don phobal cloí le comhairle lucht sláinte maidir le glaineacht agus sláinteachas.

Fág freagra ar 'Méadú eile ar líon na ndaoine le Covid-19 in Éirinn agus 22 cás anois ann'