McHugh fós gan cuairt a thabhairt ar fhormhór na gceantar Gaeltachta

“Ní miste a nótáil sa chomhthéacs seo go bhfuil cúraimí air mar Aire Stáit in dhá Roinn Rialtais,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Joe McHugh screen shot

Is “de réir a chéile” a thabharfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh aghaidh ar na ceantair Ghaeltachta nár thug sé cuairt oifigiúil fós orthu.

De réir scagadh atá déanta ag Tuairisc.ie ar chóip de dhialann an Aire Stáit, níor thug sé cuairt fós ar cheantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge, na Mí ná Mhaigh Eo.

Dúirt urlabhraí na Roinne Gaeltachta go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit cuairt a thabhairt ‘de réir a chéile’ ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla.

“Ní miste a nótáil sa chomhthéacs seo go bhfuil cúraimí air mar Aire Stáit in dhá Roinn Rialtais,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Trí lá a thug an tAire Stáit i nGaeltacht na Gaillimhe ó ceapadh é agus bhain na coinní Gaeltachta eile ar fad le hócáidí agus cruinnithe i dTír Chonaill.

Ar ndóigh, is i dTír Chonaill atá dáilcheantar an Aire agus nuair a chuirtear san áireamh a chúraimí mar Theachta Dála, luíonn sé le réasún go mbeadh i bhfad níos mó coinní sa chontae sin aige.

Ach tá imní ar dhaoine ar labhair Tuairisc.ie leo nach bhfuil dóthain airde á tabhairt ag an Aire Stáit ar cheantair Ghaeltachta eile.

Dúirt fostaí sinsearach in eagraíocht teanga náisiúnta, nár theastaigh uaidh go n-ainmneofaí é, gur chóir don Aire Stáit McHugh níos mó airde a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta eile.

“Ba chóir don Aire briseadh a thógáil óna aistear foghlama teanga agus níos mó airde a thabhairt ar an nGaeltacht agus ar chomhlíonadh a dhualgas mar a shonraítear iad i dteideal a phoist,” a dúirt sé.

As an 36 coinne oifigiúil i gceantair Gaeltachta atá liostáilte i ndialann an Aire ó lár mhí Iúil go dtí lár na seachtaine seo caite, ba i dTír Chonaill a bhí 29 ceann acu.

Seacht gcoinne dhifriúla a bhí ag an Aire Stáit i nGaeltacht na Gaillimhe agus d’fhreastail sé ar chúig cinn acu in aon lá amháin.

Bhain an dá choinne eile sa Ghaillimh le cruinniú leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus le cuairt Mhéara Bhostún, Marty Walsh, ar a fhód dúchais i gCarna.

Chuaigh an tAire chomh fada ó dheas le Ciarraí le linn Oireachtas na Samhna ach níor leag sé cos i gceantar Gaeltachta an chontae sin.

Ba é an tAire a sheol Oireachtas na Samhna 2014 i gCill Airne ach d’fhág sé an fhéile go gairid i ndiaidh a seolta le freastal ar ócáid i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall.

Níor fhreastail an tAire Stáit Gaeltachta ar aon imeacht sna contaetha Gaeltachta eile – Maigh Eo, An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge – ó ceapadh é cúig mhí ó shin.

Iarradh air teacht go hOileán Chléire, oileán Gaeltachta amach ó chósta Chorcaí, chomh maith, ach cuireadh ionadaí ann ina áit.

Bhí roinnt cruinnithe a bhain le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an Aire Stáit i mBaile Átha Cliath ó ceapadh mar Aire é. Chaith an tAire Stáit nach mór seachtain i nGleann Cholm Cille i lár an tsamhraidh áit a raibh sé ag foghlaim na Gaeilge agus thug sé ceithre lá i mBostún áit ar fhreastail sé ar Chomhdháil na nDroichead Órga i measc imeachtaí eile.

D’fheastail sé chomh maith ar chomhdháil lae sa Bhreatain Bheag a bhain le mionteangacha.

Fág freagra ar 'McHugh fós gan cuairt a thabhairt ar fhormhór na gceantar Gaeltachta'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Dearcadh aisteach léirithe anseo sílim: gur cineál máistir cóilíneach é an tAire a thabharfaidh cuairt ar na ceantair atá faoina chúram ar nós leasrí. Is ar éigin go bhfuil sé ábalta don obair, ach cén mhaith timchuairt ríoga a dhéanamh?

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    B`fheidir go bhfuil sé ag fanacht go mbeidh sé liofa sa Ghaoluinn.Tá an Ghaoluinn comh lag I measc baill a Roinne féin go mbearr dó dul níos minicí go dtí an Ghaoltacht.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Más féidir Aire Gaeltachta gan Gaeilge a bheith ann, an féidir Gaeltacht gan Gaeilge a bheth ann chomh maith? B’fearr é a choineall chomh fada ón Gaeltacht agus is féidir.