McCarthy ceaptha mar bhainisteoir na hÉireann agus Kenny ainmnithe mar a chomharba

Fógraíodh go hoifigiúil inniu gurb é Mick McCarthy a thiocfaidh i gcomarbacht ar Martin O’Neill mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann

McCarthy ceaptha mar bhainisteoir na hÉireann agus Kenny ainmnithe mar a chomharba

Tá sé fógartha go bhfuil Mick McCarthy le ceapadh den dara huair ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann agus gurb é Stephen Kenny a thiocfaidh i gcomharbacht air in 2020.

Ag preasócáid i mBaile Átha Cliath tráthnóna, McCarthy go raibh sé ag súil go mór leis an dúshlán a bhí roimhe maidir le cáiliú do EURO 2020.

“Is onóir mhór dom a bheith ar ais le Poblacht na hÉireann agus táim ar bís faoi. Tá an-áthas orm gur bhronn an FAI agus an Príomhfheidhmeannach orm a bheith mar cheannaire ag na bhfoireann.

“Táim ag plé leis an sacar ag leibhéal an chlub le 15 bliain anuas, agus dúshlán nua a bheidh anseo dá bharr, ach tá taithí agam ar a leithéid de dhúshlán. Táim an-sásta go mbeidh Terry O’Connor, comhghleacaí a bhfuil muinín agam as agus cóitseálaí den scoth, agus Robbie Keane, duine de na himreoirí is fearr a raibh sé de phléisiúr agam a bheith mar bhainisteoir orthu, ag tacú liom mar leaschóitseálaithe.” 

Dúirt Príomhfheidhmeannach an FAI John Delaney go raibh áthas an domhain air faoin gceapachán McCarthy agus faoin scéala go raibh Stephen Kenny le ceapadh mar bhainisteoir ar an bhfoireann faoi 21 agus go mbeadh sé ag teacht i gcomharbacht ar McCarthy in 2020. 

“Tréimhse iontach í seo don pheil in Éirinn, mar go bhfuilimid ag fáilte ar ais roimh bhainisteoir cruthanta agus ag an am céanna ag féachaint chun tosaigh le Stephen Kenny,” arsa Delaney.

Tháinig deireadh le ré cúig bliana Martin O’Neill i gceannas ar an bhfoireann an tseachtain seo nuair a tháinig sé féin agus leasbhainisteoir Roy Keane ar shocrú leis an FAI go n-imeoidís.

Chaith Mick McCarthy sé bliana i gceannas ar fhoireann na hÉireann cheana, idir 1996 agus 2002. Ba le linn Chorn an Domhain 2002 ba mhó a rinne sé gaisce nuair a chuaigh Éire chomh fada leis an dara babhta ach ba roimh an gcomórtas sin ba mhó a tharraing sé conspóid nuair d’éirigh idir é féin agus captaen na hÉireann Roy Keane i Saipan.

Ó d’fhág sé post na hÉireann mí na Samhna 2002, tá tréimhsí caite aige i gceannas ar roinnt foirne i Sasana. Thuas seal thíos seal a bhí sé le linn na tréimhse sin, ach bhain sé ardú céime go dtí an Phríomhroinn amach le Wolves agus arís le Sunderland. Tá sé díomhaoin mar bhainisteoir ó d’fhág sé Ipswich níos luaithe i mbliana agus sé bliana tugtha aige leo.

Tá Sraith na hÉireann buaite ceithre huaire ag Dundalk FC le cúig bliana anuas faoi cheannas Stephen Kenny agus Corn FAI buaite acu faoi dhó san achar céanna.

Chaith sé bliain i gceannas ar Dunfermline Athletic idir 2006 agus 2007 agus cé gur éirigh leis áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chorn na hAlban, díbríodh Dunfermline as an bPríomhroinn an bhliain cheanna agus tugadh bata agus bóthar do Kenny.

Is maith atá cruthaithe aige ó shin, áfach, agus rinne sé sárjab nuair a bhain Dún Dealgan áit amach i mbabhta na ngrúpaí de Shraith Europa in 2016.

Fág freagra ar 'McCarthy ceaptha mar bhainisteoir na hÉireann agus Kenny ainmnithe mar a chomharba'