Más crá croí an easpa leictreachais in Lviv, ní faic é i gcomparáid leis an mbriseadh croí 

Trí seachtaine a chaith ár ndialannaí taistil le déanaí san Úcráin agus é ag súil le blaiseadh a fháil den chultúr, den teanga agus de shaol na háite

Más crá croí an easpa leictreachais in Lviv, ní faic é i gcomparáid leis an mbriseadh croí 

Sochraid Іриною Цибух “Чека” foilsithe le caoinchead Radio Free Europe/Radio Liberty (c) RFE/RL

An samhradh atá ann agus tá sráideanna chathair Lviv lán le ceol, dathanna agus beocht mar a bheadh in aon chathair Eorpach eile an tráth seo den bhliain.

Tá fuaim na mbonnán ag éirí rud beag níos rialta le cúpla lá anseo i Lviv. Ach go fóill féin ní mhothaím go bhfuil mé in aon bhaol mór anseo. Ní aontódh foireann Ambasáid na hÉireann liom dar ndóigh.

Bhí roinnt comhfhreagrais agam le hAmbasáid na hÉireann san Úcráin roimh thaisteal dom. Bhí mé ag súil, dá dtiocfadh liom lá a chaitheamh i Kyiv agus mé ar mo bhealach go Dnipro an tseachtain seo chugainn, go mbeinn ábalta bualadh isteach agus an Ambasadóir, Therese Healy, a fheiceáil b’fhéidir.

Sochraid Іриною Цибух “Чека” foilsithe le caoinchead Radio Free Europe/Radio Liberty (c) RFE/RL

Ní haon iontas nach bhfuair mé ach freagra ag rá ‘De réir ár gcomhairle taistil oifigiúil (ar fáil anseo), molaimid go láidir gan taisteal chun na hÚcráine ar chor ar bith. Is áit i mbun cogaidh í an Úcráin, agus bíonn an tír go léir (go háirithe na cathracha atá luaite (Lviv, Kyiv agus Dnipro) i mbaol ó ionsaithe drón agus diúracán’. 

Ghabh mé buíochas leo ach tá mé an-sásta nár ghlac mé lena gcomhairle. Tá mé ag baint an oiread sásaimh as mo chuairt go dtí seo. Ag freastal ar mo chuid ranganna Úcráinise san Ollscoil, ag cur aithne ar dhaoine de réir a chéile agus ag foghlaim níos mó maidir le stair na háite agus na tíre.

An samhradh atá ann agus tá sráideanna chathair Lviv lán le ceol, dathanna agus beocht mar a bheadh in aon chathair Eorpach eile an tráth seo den bhliain.

Andriy, sa t-léine geal sa chúl, agus a fhoireann ó Softserve ag Древній град (Drevny Grad)

Tá dul chun cinn beag á dhéanamh agam le mo chuid Úcráinise. Ach bíonn Marta, mo mhúinteoir, ag ligean sraoth anois agus arís. Slaghdán atá uirthi a deir sí. Go magúil bíonn mé ag rá léi gur ailléirge le mac léinn nach dtuigeann gramadach atá uirthi! Cibé, tá frasa úr foghlamtha agam ‘Будь здоровa’ (Bud’ zdoróva) – beannacht ort!

Nuair thosaigh mé ag déanamh taighde agus mé ar thóir ranganna Úcráinise i Lviv tháinig cúpla rogha aníos. Rinne mé teagmháil leo uilig ach ní raibh ach aon dream amháin a d’fhreagair mé www.learn-ukrainian.org.ua/, atá faoi stiúir Solomija Buk, Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Ivan Franko, an Ollscoil Náisiúnta i Lviv. Ní raibh aon ranganna do ghrúpaí ar siúl, barraíocht eagla ar dhaoine taisteal is dóigh. Mar sin is ranganna aonair a bhí agam.

Chas mé le Solomija tráthnóna amháin. Roghnaigh sí bialann a bhfuil cáil uirthi as bia blasta na Gailíse agus a bhfuil drioglann dá gcuid féin aici. D’ordaigh muid meascán bia agus cúpla gloine de dheochanna éagsúla dá gcuid.

Clár Fógraí i mbloc árasáin i Lviv

Bhí Товста кишка як на праздник (Tovsta kyshka yak na prazdnyk), teideal spraíúil fa choinne trí phutóg dhubh fhíorbhlasta le hanlann raidise, trí chineál БАНОШ (banosh) déanta as min arbhair, agus bhí féasta Bареники (varenyky), domplagáin a bhí líonta le prátaí is beacáin agus uaineoil.

Roinn Solomija neart scéalta agus eolais liom. Ach scéal amháin a sheas amach dom, scéal faoi chomhghleacaí ollscoile dá cuid, Oksana (ní hin a fíor-ainm). De gnáth bheadh Oksana ag caitheamh a cuid ama ag múineadh i seomraí léachta na hOllscoile. Ach iarradh uirthi a cuid scileanna teangeolaíochta a úsáid le tacú lena tír. Níor ghá an cheist a chur faoi dhó agus tá sí, le breis agus bliain, lonnaithe ar bhunáit de chuid NATO taobh amuigh den Úcráin.

Tá sí anois ag obair mar aistritheoir míleata i dtrinsí agus i dtancanna agus codlaíonn sí i leaba bhuinc i bpuball le scata eile. Seo duine a bhfuil a gnáthshaol curtha i leataobh aici. Íobairt ar mhaithe lena tír agus a pobal. Tá súil ag Solomija go mbeidh deis agam bualadh le hOksana mar go mbeidh sí sa bhaile i Lviv ar feadh cúpla lá gan mhoill.

Marta Kashchyshyn – múinteoir Úcráinise

A bhuíochas do mo chara Andriy tá aithne curtha agam ar ghrúpa comhghleacaithe dá chuid. Is bainisteoir i gcomhlacht idirnáisiúnta teicneolaíocht faisnéise de chuid na hÚcráine, Softserve, é Andriy agus tharla go raibh cuid d’fhoireann s’aige i Lviv fá choinne cúpla lá ‘neartú foirne’. Rinne siad mise a uchtú agus thug siad amach chuig imeachtaí sóisialta s’acu mé ar feadh na ceithre lá.

Is daoine óga iad seo a bhfuil a saol iompaithe bunoscionn ag an chogadh. Tá cuid acu anois ina gcónaí agus ag obair don chomhlacht agus iad thar lear. Tá gaolta agus cairde leo ag troid sa chogadh nó i mbailte gar don chogadh agus tá gaolta agus cairde nach bhfaca siad le fada siocair iad sin a bheith éalaithe leo thar lear.

Fadhb atá ag éirí níos measa achan seachtain ná go bhfuil orthu cur suas leis an leictreachas a bheith gearrtha ar feadh tréimhsí fada achan lá. Is beag briseadh a thug mise faoi deara i rith na chéad chúig lá dom i Lviv.

Pasáiste ó Площа Ринок – Cearnóg Rynok – go dtí árasáin

Ach ó shin tá ionsaithe leanúnacha á ndéanamh ag na Rúisigh ar stáisiúin theirmeacha leictreachais agus na stáisiúin giniúna teasa (sna cathracha móra). Ag an bpointe seo tá thart fá 80-90% de na stáisiúin theirmeacha agus 45% de na stáisiúin hidrileictreacha curtha as feidhm ag na hionsaithe.

Dar ndóigh cruthaíonn sé seo deacrachtaí i ngach aon réimse – déantúsaíocht, sláinte, siopaí, iompar, gnólachtaí, cumarsáid srl – gan trácht ar an saol sa bhaile. Is crá croí é anois, ach sé an samhradh atá againn. Is cúis mhór imní dóibh an geimhreadh seo atá ag teacht. Ní ardaíonn an teocht os cionn an reophointe i rith an ama sin agus thig leis titim go -20°C.

Nuair a bhuail mé le Andriy agus a chomhghleacaithe an chéad tráthnóna sin i lár Lviv tharraing sé m’aird ar na cosáin. Bhí gineadóirí suite taobh amuigh de na siopaí, na hóstáin agus na bialanna uilig. Iad ar aire. Réidh le cur sa tsiúl nuair a theipfeadh ar an leictreachas. Ach más crá croí é an easpa leictreachais ní faic é i gcomparáid leis an mbriseadh croí.

Sráid Horodotska, agus cúldoras Áras Náisiúnta Ceoldrámaíochta Lviv ar dheis

Ag deireadh ceann de na ranganna Úcráinise shiúil mé isteach go lár an bhaile le Marta. Siúlóid ghairid 10 mbomaite ón ollscoil. Thug muid slua ollmhór, na céadta, faoi deara agus muid ag ag teacht gar do shéipéal Pheadar agus Pól. Bhí éadaí galánta traidisiúnta na tíre, Bишиванка (vyshyvanka), léinteacha agus blúsanna a bhí maisithe le bróidnéireacht de phatrúin chasta gheoiméadracha agus bláthanna le feiceáil á gcaitheamh ag go leor de na daoine seo.

Tá siad bródúil as a gcultúr, a bhféiniúlacht agus as a dtír. Ach ní haon ábhar ceiliúrtha a bhí acu inniu agus iad ag tabhairt bean óg, Іриною Цибух “Чека” (Iryna Tsybukh “Cheka”), paraimhíochaineoir i gcathlán leighis nach raibh ach 25 bliain d’aois, go cré na cille.

Ar an drochuair is radharc róchoitianta é seo i dtír atá á cosaint féin ó thír naimhdeach. Radharc coitianta ar na sráideanna chomh maith daoine a bhfuil cos phróistéiteach acu nó sciathán ar iarraidh. Lorg buan fágtha ag an chogaíocht ar choirp agus ar chroíthe.

Solomija Buk, Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Ivan Franko ag tabhairt bronntanas do Dhara Ó Baoill

Mar chuid den ‘neartú foirne’ a dhéanann Andriy lena fhoireann de ghnáth, caitheann siad lá nó dhó sna sléibhte Cairp (Carpathian). Siocair na trioblóidí, ní raibh sé sin indéanta an babhta seo agus is go Древній град (Drevny Grad) a chuaigh muid. Ionad saoire é seo atá suite i gcoill mhór le tithe beaga agus óstán thart ar 11 ciliméadar taobh amuigh de Lviv.

Leaid óg atá ar choláiste ag traenáil le bheith ina fhear dóiteáin a bhí ag tiomáint a chairr féin mar thacsaí Uber. Naoi mbliana déag d’aois. Chuir caighdeán a chuid Béarla iontas orm. Dúirt sé go n-íocann sé as ranganna príobháideacha ar líne. Éiríonn leis suas le míle dollar a shaothrú in aghaidh na míosa leis an tacsaí. Sin ioncam maith i dtír gur thart fá €500 an meánteacht isteach. Ach gan dabht bíonn air uaireanta iontach fada a dhéanamh.

Mhínigh sé dom go bhfuil sé ina chónaí leis fhéin i Lviv ó bhog a thuismitheoirí agus a dheirfiúr go Ceanada dhá bhliain ó shin. Tá sé san aoisghrúpa sin ar a bhfuil bac an tír a fhágáil.

Gineadóir 02 Tá gineadóirí suite taobh amuigh de na siopaí, óstáin agus bialanna uilig. Iad ar aire. Réidh le cur sa tsiúl nuair a theipfeadh ar an leictreachas

Ag Древній град (Drevny Grad) chan muid neart amhrán traidisiúnta de chuid na hÚcráine. Rinne mé fhéin mo dhícheall ceol in éindí leo. Chuidigh ChatGPT go mór liom leis an fhoghraíocht! Bhí giotáir beirthe leo ag Andriy agus ag Ann agus bhí m’fheadóg stáin agam féin. Caithfidh sé nach raibh mé ró-olc nó níor dhíbir siad mé cibé. Cuireadh féasta amach os ár gcomhair. Achan chineál feola, sailéid, glasra, cáis agus na вареники (varenyky) arís eile.

Nós deas a thug mé faoi deara mar is ceart an oíche sin ná go n-óltar sláinte agus go ndéanann duine den chomhluadar píosa beag cainte sula dtosnaítear ag ól. Déantar é seo achan uair a líontar gloine. Ní cuimhin liom cé mhéad uair ar líonadh na gloiní nó cé mhéad píosa cainte a rinneadh. Is leor a rá go raibh oíche go maidin againn ag ithe, ag ól agus ag ceol.

An lá dár gcionn bhí treoraí curtha in áirithe ag Andriy le cuairt a thabhairt ar lár Lviv ag 13:00. Bhí cuid mhaith cloigne tinn agus daoine tuirseach nuair a b’éigean éirí agus pilleadh ar an chathair don chuairt. Ach b’fhiú uilig é.

 Tá gineadóirí suite taobh amuigh de na siopaí, óstáin agus bialanna uilig. Iad ar aire. Réidh le cur sa tsiúl nuair a theipfeadh ar an leictreachas

Tá lár Lviv aitheanta mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO as an saibhreas cultúrtha agus staire atá ann a bhaineann le hOirthear na hEorpa. Tá leagan amach agus gnéithe meánaoiseacha caomhnaithe ar an bhaile, foirgnimh ón Renaissance agus ón aimsir Bharócach chomh maith le hoidhreacht ilchultúrtha – Polannach, Airméanach, Giúdach agus Úcránach.

Tá meascán de stíleanna ailtireachta le feiceáil san ardeaglais Airméanach a tógadh i 1363 agus a ndearnadh athchóiriú uirthi agus ar cuireadh cúpla síneadh léi ó shin. Is léir ailtireacht Airméanach,
Ghotach agus Bharócach inti.

Thug cara misean neamhghnách dom le déanamh an Mháirt dár gcionn. Iarradh orm beart, gan ainm, a bhailiú go discréideach ó thraein a bhí ag teacht ó oirthear na tíre agus é a fhágáil do dhuine ar leith ag deasc fáilte i mbloc oifigí i Lviv. Bhí mé le dul go dtí carráiste uimhir a sé agus scairt fóin a chur ar gharda/freastalaí an charráiste sin. Ní bheadh an traein sa stáisiún ach ar feadh fiche bomaite, mar sin bhí ormsa a bheith in am.

Freascó de Sochraid N.Odilon in ardeaglais Airméinecah

Fuair mé tacsaí go dtí an stáisiún, d’aimsigh mé an traein agus chuaigh mé i dtreo carráiste uimhir a sé. Bhí fear mór ina sheasamh ag na céimeanna isteach go dtí an carráiste. Tharraing mé amach an fón agus scairt ar an uimhir a tugadh dom. D’fhéach sé anall. Sea, ba é seo Ігор (Ihor – Igor). Mhothaigh mé ar nós spiaire nó gníomhaire rúnda! Bhí sé ag súil liom.

Shiúil mé go dtí é agus dúirt go raibh mé ansin le rud a bhailiú uaidh. D’fhéach an fathach fir, troigh níos airde ná mé féin déarfainn, orm. Threoraigh sé suas na céimeanna mé isteach go dtí an seomra beag codlata/cónaithe a bhí aige sa charráiste. D’oscail sé cófra agus tharraing sé amach pacáiste oráiste. Ach níor thug sé dom láithreach é.

D’amharc (d’anc) sé orm agus chuimhnigh mé go raibh pasfhocal agam le haithris. Bhí sé ar nós radharc i scannán. D’aithris mé an pasfhocal agus ansin chuir seisean glaoch gutháin ar dhuine éicint, níl tuairim agam cé. Nuair a bhí deireadh lena ghlaoch ba léir go raibh sé sásta agus thug sé an beart dom.

Fógra Earcaíochta don arm i mbloc árasán i Lviv

Is ansin a thosaigh sé ag comhrá is ag fiosrú cárbh as dom agus caidé a bhí ar bun agam anseo in Lviv. Ní raibh sé riamh in Éirinn ach nuair a bheas an cogadh thart ba bhreá leis cuairt a thabhairt anall. Tá a uimhir agam cibé. Cá bhfios nach gcuirfinn scairt air nuair a thiocfas an t-am?

Ach caidé a bhí sa bheart? Bhuel, fuair mé amach ina dhiaidh sin gur cartúis mhíleata chaite, ón chogadh, a bhí ann. Bronntanas lá breithe don té a fuair iad. Is léir gur maith le daoine cuimhneacháin den sórt seo a bheith acu. Ach siocair gur tharla roinnt timpistí nuair a tógadh ar shiúl ábhar nach raibh caite, tá iarrachtaí á ndéanamh srian a chur ar aon chuimhneacháin a thabhairt ar shiúl anois agus is faoi cheilt amháin is féidir sin a dhéanamh feasta.

I dtacsaí a chuaigh mé leis an bheart a sheachadadh. Bhí mo thiománaí iontach cáinteach faoin líon fear óg aclaí in Lviv nach raibh cláraithe chun troid ar son na tíre. Labhair sé liom faoin obair dheonach a dhéanann sé ag ceannacht agus ag cóiriú feithiclí faoi thiomáint ceithre roth le tabhairt go dtí na saighdiúirí a bhfuil siad de dhíth orthu ag an líne thosaigh.

Tá breis agus 160 carr feiliúnach tugtha aige go dtí láthair an chogaidh in oirthear na tíre. Tugann daoine síntiúis dó agus faigheann sé na carranna ón Ghearmáin agus ó thíortha eile.

Fógra Earcaíochta don tslándáil teorainn – Sráid Horodotska – Lviv

Dúirt sé liom gur tháinig sé ar ais ó cheantar Харків (Kharkiv) ag a aon a chlog an mhaidin sin agus go mbeadh sé ag tiomáint a thacsaí ar feadh trí lá le dóthain airgid a shaothrú le deisiúcháin a dhéanamh ar charr a tháinig ag an deireadh seachtaine. “Caithfidh achan charr a bheith ag obair mar is ceart,” a dúirt sé. “Tá beatha na saighdiúirí ag brath air.”

Mhothaigh mé an fhearg nuair a labhair sé faoi na fir óga aclaí a fheiceann sé ina suí taobh amuigh de bhialanna ag caitheamh a gcuid airgid ar ól agus spraoi nuair a thiocfadh leo a bheith ag troid nó ag tacú leis an troid in aghaidh ionradh na Rúise.

B’fhéidir go dtiocfaidh athrú ar an scéal sin. Ní hé amháin go mbíonn foirne d’oifigigh ón arm a chaitheann a gcuid ama amuigh sna sráideanna le coinscríobh a chur i bhfeidhm, ach tá dlí úr ann a cuireadh i bhfeidhm i mí Aibreáin seo caite a deir go gcaithfidh achan fear idir 18 bliain agus 60 bliain d’aois a chinntiú go bhfuil an t-eolas a bhaineann leo chun dáta leis na húdaráis.

Agus ó lár mhí Bealtaine tá dualgais úra ar fhostóirí sonraí faoi aon fhostaithe a bheadh incháilithe do sheirbhís mhíleata a chur in iúl do na húdaráis. Faoin dlí úr is fir os cionn 25 (íslithe ó 27) atá ceaptha seirbhís mhíleata a dhéanamh.

Beidh mé ar ais sa stáisiún traenach faoi cheann cúpla lá. Tá mo thicéad curtha in áirithe agam le turas ceithre huaire déag, thar oíche, a dhéanamh as seo soir an bealach go cathair Dnipro. Tá mé ag súil go mór abhainn an Dnipro a fheiceáil. Abhainn atá luaite go minic sa litríocht, sa cheol agus sa bhéaloideas agus uiscebhealach tábhachtach a bhí ag na Scitiaigh agus na Gréagaigh roimh ré na Críostaíochta, ag na Lochlannaigh sa 9ú agus 10ú céad, agus ag go leor eile ó shin.

Déanfaidh mé cur síos ar mo chuid eachtraí sa taobh sin tíre sa chéad iontráil eile i mo dhialann taistil.

Fág freagra ar 'Más crá croí an easpa leictreachais in Lviv, ní faic é i gcomparáid leis an mbriseadh croí '