Tá sé dochreidte. Teach Comhdhála Mheiriceá go léir ina seasamh ag bualadh bos do phríomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, duine a dhúnmharaigh na sluaite is atá ag marú na sluaite i gcónaí. Gan náire, gan cur i gcoinne ar bith.
Tá na coirp feicthe againn: páistí dóite ag buamaí, buamaí a thug Meiriceá d’Iosrael, agus tá siad fós ag tabhairt buamaí dóibh. Gaza ar fad scriosta, gan scoil ar bith fágtha, gan aon institiúid ardléinn, gan ospidéil, is ar éigean aon tithe fágtha.
Tá Iosrael cáinte go poiblí ag cúirteanna coiriúla idirnáisiúnta de chuid na Náisiún Aontaithe, ach fós bhí Comhdháil Mheiriceá ag tabhairt bualadh bos don té atá ciontach as an sléacht is an slad.
Cén chaoi gur féidir le héinne labhairt faoi luachanna polaitiúla Mheiriceá, labhairt faoi prionsabail daonlathais Mheiriceá?
Tá Meiriceá féin in aimhréidh ar ndóigh. An tír deighilte ina dhá leath. Ach is cuma cé a bhuafaidh i mí na Samhna, leanfar leis an marú, leis an slad, agus leis an gcinedhíothú i nGaza is ar an mBruach Thiar.
Bíonn Biden – tá sé fós ann – ag labhairt níos ciúine ná Trump, ach tá sé ag soláthar an ábhair chogaidh d’Iosrael gan stop.
Go híorónta, in Iosrael féin is cosúil nach seasfadh an Knesset ar fad chun bualadh bos a thabhairt don phríomh-aire. In Iosrael bíonn na mílte i mbun agóide in aghaidh Netanyahu.
Chun a gceart a thabhairt dóibh bhí na mílte gnáthMheiriceánach amuigh ar na sráideanna i Washington ag déanamh agóide i gcoinne Netanyahu, agus istigh i bhfoirgneamh na Comhdhála léirigh cúig chéad Giúdach nach raibh siadsan sásta glacadh le cuma na sibhialtachta a chur ar an réimeas is barbartha ar domhan.
Is céard atá le rá ag polaiteoirí na hÉireann faoin radharc náireach seo le Netanyahu? Tada. Ní fiú labhairt faoi.
Ag an am céanna ar fud an domhain bhí daoine ag breathnú air agus céard a chonaic siad ach lucht an Iarthair ag soiléiriú cé hiad féin – lucht slada is coilínigh.
Ach ní in Gaza amháin atá Meiriceá ag soláthar arm, go díreach nó go hindíreach. An Rúis, an tSín, an Iaráin, an Veiniséala … níl aon stop leis an liosta de thíortha a bhfuil Meiriceá i gcoimhlint leo.
Ach tá athrú mór sa domhan. Tá fiacha móra ar Mheiriceá, mar is mó a dtomhaltas ná a dtáirgíocht. Go dtí seo bhí Meiriceá in ann an t-airgead a bhí curtha i dtaisce ag eachtrannaigh a úsáid le híoc as an tomhaltas. Bhí siad in ann sin a dhéanamh toisc go raibh ar an domhan mór an dollar a úsáid le haghaidh aon trádáil idirnáisiúnta.
Ach scrios Meiriceá féin an córas sin, trí smachtbhannaí is airgead i dtaisce a ghabháil. Níl muinín ag an domhan as an dollar a thuilleadh, is tá smacht an dollair ag dul i laghad mar gheall air sin. Tá rogha airgeadra ann anois leis na BRICS.
Ní thugann muid aon aird air seo in Éirinn mar is fearr leis an dream atá i gceannas go gcreidfeadh muid go mbeidh Meiriceá in uachtar i gcónaí.
Ach, tráth dá raibh bhí neart amháin ag Meiriceá nach raibh ag an aon tír eile, a gcumas nuálaíochta.
Féach anois ámh gurb í an tSín atá chun cinn – cairr leictreacha, fuinneamh hidrigine, aimsiú hidrigine, is eile.
Is le déistin a fhéachann an domhan ar an bhfáilte a chuir Meiriceá roimh Netanyahu.
Nuair nach raibh aon rogha eile ann, ba chuma. Ach tá rogha ann anois – rogha airgeadra, rogha mhargaidh freisin agus an tSín agus an India ag leanúint le fás mór eacnamaíochta.
Feiceann an saol mór a bhfuil ar siúl, agus cloiseann an saol mór nach bhfuil á rá. Feiceann an domhan an fhimíneacht a bhaineann le cáineadh teoranta a dhéanamh agus muid inár dtost go fírinneach ar fhaitíos go gcuirfeadh muid olc ar na cumhachtaí móra.
Sea, feiceann an domhan mór go bhfuil muide gafa ar fad ag an Iarthar, ag an dream a chothaíonn cogadh, ag an dream atá freagrach as slad is sléacht Ghaza.
Má tá muid dáiríre ag iarraidh stop a chur lena bhfuil ar siúl ag Iosrael i nGaza, caithfidh muid mar stát Meiriceá a cháineadh freisin, is a chur in iúl d’fheisirí na Comhdhála gur ábhar déistine dúinn an fháilte a chuir siad roimh Netanyahu.
Ach an bhfuil sé de mhisneach againn seasamh amach in aghaidh mhídhaonnacht Mheiriceá sa gcás seo? Táim amhrasach go bhfuil.
Pádraig
Deir Eoin go bhfuil an tSín chun cinn ó thaobh na nuálaíochta de – bhuel, ní gá ach gúgláil tapa a dhéanamh chun a fháil amach nach fíor sin. Níl an tSín fiú i measc na ndeich dtír is nuálaí de réir an rangaithe idirnáisiúnta (féach an Global Innovation Index). Tá Meiriceá sa tríú háit.
Níl a fhios agam cad atá i gceist ag Eoin nuair a deir sé go bhfuil ‘rogha airgeadra ann anois leis na BRICS’. An é go bhfuil sé ag maíomh go bhfuil airgeadra na hIaráine nó na Rúise – dhá thír de chuid BRICS – níos iontaofa ná an dollar? Maidir leis an mBrasaíl, bhí gealladh mór fúithi nuair a bunaíodh BRICS in 2009 ach tá an tóin tite as an ngeilleagar ó shin i leith. I gcás na Síne, tá GDP per capita na Polainne, cuir i gcás, i bhfad chun tosaigh uirthi – tá moill tagtha ar fhás na Síne le tamall de bhlianta mar gheall ar fhadhbanna déimeagrafacha. Is léir nach baol d’fhorlámhas na Stát Aontaithe faoi láthair.
Agus ní bhacfaidh mé le trácht a dhéanamh ar an ngnáthphort a bhíonn á sheinm maidir leis an ‘slad’ in Gaza nuair a thacaíonn seisean leis an slad atá á dhéanamh ag an Rúis san Úcráin. Maidir leis an gcinedhíothú a chuireann Eoin i leith Iosrael, bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann (sin gan trácht ar an milliún Arabach in Iosrael féin agus sa diaspóra). Ní thuigim cén chaoi gur cinedhíothú é sin.
Chris Flynn
Bíonn go leor ‘ais-innealtóireachta’ ar siúl ag an tSín – déanann siad aithris ar theicneolaíochtaí an Iarthair nó go bunúsach, goideann siad teicneolaíochtaí ón Iarthar agus ligeann siad orthu ansin gur iadsan a tháinig suas leis na táirgí a dhíolann siad ar phraghsanna ísle. Ach is minic nach mbíonn na tairgí sin ar ardchaighdeán agus go loiceann siad ort. An é sin atá i gceist ag Eoin nuair a deir sé go bhfuil an tSín chun tosaigh ó thaobh na nuálaíochta de? B’fhéidir go bhfuil Eoin dílis don Pháirtí Cumannach ach an bhfuil sé dílis don fhírinne?
Bertie Ó hAinmhire
Ráite go maith ag Eoin agus iomlán fíor.
Carraig
1. Dúshraith na heacnamaíochta sa tSín is ea an ghadaíocht ón Iarthar.
I ngach gné den saol.
Ní gá ach cuairt a thabhairt ar aon mhargadh pobail a bhíonn ar siúl ar fuaid na tíre sin aon lá den tseachtain.
2. Rialaigh an ICJ go bhfuil inchreidteacht agus dealramh ag roinnt leis an ráiteas gur cinedhíothú atá Iosrael a dhéanamh ar na Palaistínigh in Gaza sa sléacht laethúil seo. Creidimse féin agus géillim féin i radharc mo dhá shúil i gcónaí.