An rud is annamh is iontach – páirtithe Stormont dóchasach

Le teacht Keir Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre, tá caint ó thuaidh ar ghealadh lae i ndiaidh an duibheagáin. An bhfuil údar leis an dóchas?

An rud is annamh is iontach – páirtithe Stormont dóchasach

Ráig dea-thola in Stormont maidin Dé Luain. Gach ceann de phríomhpháirtithe an Tionóil sásta. B’fhéidir gur faoiseamh mar nach raibh siad ag déileáil le Caomhaigh ba chúis leis ach díol suntais ab ea chomh dearfach is a bhí na polaiteoirí logánta a bhuail leis an bPríomh-Aire nua, Keir Starmer ar a sciuird ar Bhéal Feirste.

Duine ar dhuine dúirt na ceannairí go raibh a gcruinnithe leis an bPríomh-Aire Starmer agus an Státrúnaí Hilary Benn tairbheach, fiúntach, torthúil nó bisiúil agus cairdiúil. Bhí caint ar ghealadh lae i ndiaidh an duibheagáin. Ní hé go raibh na páirtithe chun muc i mála a cheannach ach ba é a mbreithiúnas go raibh siad ag plé le daoine a bhí dáiríre faoin obair atá le déanamh. Ba dheas leo ‘go raibh daoine fásta sa seomra’ a dúirt duine acu.

Nuair a labhair an Príomh-Aire nuathofa le hiriseoirí tar éis na gcruinnithe le polaiteoirí, dúirt sé gurb é cuspóir a chuairte a thiomantas do phrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta a athdhearbhú. Thuig sé imní na bpáirtithe faoi mhaoiniú na seirbhísí poiblí agus teastaíonn uaidh na fadhbanna a fhuascailt, ar sé. Pléadh buiséad, an tseirbhís sláinte, an tAcht Oidhreachta conspóideach agus Páirc Mhic Easmuinn.

Bhí a chuid cainte dearfach gan dabht. Ba léir gur urraim a bheadh mar fhocal faire aige, go dteastaíonn uaidh dea-chaidreamh a chothú le Stormont agus gur mian leis páirtnéireacht fholláin a atógáil le rialtas na hÉireann. Ní hiontas ar bith é ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre a bheith níos cúramaí faoin gComhaontú – cuid dá n-oidhreacht féin –ná mar a bhí na Tóraithe.

Ach i ndiaidh na cuairte an raibh éinne soiléir faoi phlean gnímh an rialtais nua in Westminster? Céard is brí go praiticiúil le ‘sainordú chun athruithe a dhéanamh, seasmhacht a chothú i dTuaisceart Éireann agus polaitíocht a dhéanamh ar bhealach difriúil’?

Ba chosúil nár mhian leis na páirtithe brú rómhór a chur ar an bPríomh-Aire nua, iad á ligean leis go raibh sé ar mhí na meala pholaitiúil. Cé nach raibh ach briathra milse, gan freagraí le clos faoin liodáin d’éilimh ó na páirtithe bhí Keir Starmer soiléir go gcloífeadh a rialtas le creat Windsor mar nach mbeidís in ann an caidreamh leis an Aontas Eorpach a fheabhsú mura bhféadfaidís a chruthú go raibh na conarthaí a shínigh siad á gcomhlíonadh go hionraic.

Maidir le dílseacht do chonradh mheabhraigh Sinn Féin dó go raibh reifreann faoi stádas bunreachtúil an Tuaiscirt faofa i gComhaontú Aoine an Chéasta. Murab ionann agus nuair a bhí sé sa bhfreasúra tráth ar dhúirt sé go seasfadh sé leis an Ríocht Aontaithe [i reifreann] dúirt sé Dé Luain go mbeadh a rialtas neodrach le linn reifrinn – mar a éilíonn an Comhaontú. Eadránaí nó idirghabhálaí iontaofa a bheadh ann, ar sé. Níor thug sé eolas ar bith faoi na critéir a bheadh riachtanach le reifreann a rith; maíonn Sinn Féin, ós iadsan an páirtí is mó in Westminster, Stormont agus ar na comhairlí áitiúla gur cheart na téarmaí sin a shoiléiriú go luath.

Raiméis, dar le Gavin Robinson a mhaígh go bhfuair aontachtaithe in iomláine níos mó vótaí ná náisiúnaithe; fuair ach tá an bhearna ag laghdú go seasta.

Ní shuaimhneoidh an tiomantas do Chreat Windsor na haontachtaithe atá oibrithe faoin teorainn i Muir Éireann. Seans, áfach, go mbainfí an nimh as cuid den achrann sin dá ndéanfaí socruithe nua leis an mBruiséil faoi choinníollacha a bhaineann le tréidliacht nó dá ndéanfaí socruithe nua a bhainfeadh leis an Ríocht Aontaithe ar fad. Chuideodh sé sin le seasmhacht Stormont.

D’admhaigh an Príomh-Aire agus an Státrúnaí go raibh práinn thar na bearta le cinneadh faoi Pháirc Mhic Easmuinn. Táimid in am breise, arsa Hilary Benn is é ag geallúint go ndéanfaí cinneadh an-luath. Léiriú a bheadh i maoiniú an togra gan mhoill – in am chun é a bheith faoi réir in 2027 le haghaidh Craobh sacair na hEorpa i gceann ceithre bliana go bhfuil cur chuige nua ag na húdaráis in Whitehall.

Níl ansin ach ceann de na ceisteanna a bhfuil práinn leo. Chífimid cé mar a fhreagróidh an rialtas nua. B’údar faoisimh é go raibh an Rúnaí Sláinte nua i dteagmháil le haire sláinte Stormont ar an Satharn, gur léirigh an Príomh-Aire Starmer gur mian leis an pholaitíocht dhíláraithe a neartú. An rud is annamh is iontach bhí páirtithe Stormont dóchasach agus iad den bharúil go bhfuil an réimeas nua dáiríre; is gearr go mbeidh a fhios againn an raibh údar maith acu.

Fág freagra ar 'An rud is annamh is iontach – páirtithe Stormont dóchasach'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá súil agam go n-éirí leis an t-síochán.
    In Ainm Dé.