Scríofa ag Darach Ó Scolaí
Ealaín le Anastasia Melnykova
Foilsithe ag Leabhar Breac
Clúdach crua, €18
‘Rí a bhí ar Mhanainn, Meann, agus bhí saibhreas óir is airgid is seod aige, agus mar bharr ar na seoda sin, bhí iníon álainn in-nuachair aige a sháraigh mná a comhaimsire i gcruth is i scéimh. Bláthnaid ab ainm di.’
Leabhar breá ón teach clúiteach foilsitheoireachta Leabhar Breac is ea Bláthnaid. Tá scéal Bhláthnaide ar cheann de scéalta móra na Rúraíochta. Is ann atá cur síos ar Chú Raoi, rí Dheasumhan agus ard-asarlaí Éireann, agus mar a d’fhuadaigh sé Bláthnaid (iníon rí-álainn rí Mhanann) agus mar a thug sé leis í chomh fada le Cathair Con Raoi i gCiarraí.
Tá dhá léarscáil ag tús an leabhair a thaispeánann loig na heachtraíochta go soiléir (cé go bhféadfadh an dara ceann a bheith níos mó ar an leathanach). An té a léigh nó a chonaic Deirdre ón bhfoilsitheoir céanna anuraidh, tuigfidh siad struchtúr agus cur chuige an leabhair seo – agus mar is dual do Leabhar Breac, tá an leabhar fisiciúil thar cionn.
Ar an gcéad radharc, d’fhéadfaí a cheapadh gur leabhar do ghasúir atá anseo agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mba sa rannóg don óige a chuirfí é i siopa Béarla. Leabhar cearnógach atá ann, faoi chlúdach crua, agus tá léaráidí ann.
Ní chuirfeadh sin mise ó dhoras – is milis an saothar don aos fásta a chuimsíonn ealaín álainn, mar atá sa leabhar seo; creidim gur fiú go mór don léitheoir fásta leabhair mhaisithe a shantú. Is í Anastasia Melnykova, Úcránach mná atá lonnaithe anois in Éirinn, a rinne an obair ealaíne. Caomhán Ó Scolaí a rinne an dearadh, agus Johnswood Press a chlóigh go seoigh é.
Athinsint é seo do léitheoir na haoise seo ar scéal Bhláthnaide, oiriúnú déanta air le go dtuigfidh gnáthléitheoir (nach dtumann go rialta, nó riamh, sna lámhscríbhinní) é gan stró. Darach Ó Scolaí a scríobh, agus tá taithí na mblianta aige anois ag cur craiceann úr ar sheanscéal. Scrúdaigh Ó Scolaí na leaganacha is sine den scéal a breacadh ar lámhscríbhinní ón 14ú agus 16ú aois, agus leaganacha eile de atá ar fáil i Laud 610 agus i Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn.
Luann sé féin sna nótaí mínithe go mbeadh cuid den bhunábhar nach mór dothuigthe do léitheoirí na Nua-Ghaeilge, agus go raibh cumadóireacht agus athscríobh i gceist leis an scéal áirithe seo a thabhairt chun athbheatha.
Tá meascán de phrós agus véarsaí i gceist sa leabhar, ach ós fileata go maith an insint níl mórán de léimt aigne eatarthu, an scéal inste go binn sa chaoi gur éasca é a shamhlú á aithris ó bhéal, rithim na bhfocal dár luascadh ó radharc go radharc.
Is breá liom go bhfuil sraithín aoibhinn á fhorbairt ag Leabhar Breac a chuireann scéalta gearra na mban seo i láthair, scéalta beaga a d’fhéadfadh a bheith ligthe i ndearmad nó caite isteach mar chuid de chnuasach níos leithne. Tá nod ar cúl a thugann le fios go bhfuil leabhar eile sa tsraithín ar an mbealach: bímis ag tnúth le Sadhbh!
Fág freagra ar '‘Bláthnaid’ – leabhar álainn i sraithín álainn faoi mhná'