Is iontach mar a théann an t-uisce le fána, agus mar a éalaíonn na blianta leo. Níl duine ar bith a thugann é sin faoi deara chomh mór leis an imirceoir ach a bhfilleann sé. Go ciúin, réidh a shiúil Micheál Mac Craith isteach doras an Halla in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i gConamara an lá cheana. Mórán mar a bheadh sé ag siúl ar lorg na gcos a d’fhág sé ina dhiaidh san áit seo fadó ariamh an lá.
“Os cionn leathchéad bliain atá caite ó sheas mé san Halla seo cheana,” a dúirt agus tocht ina ghlór.
Bhí sé ag cuimhneamh ar an seanhalla. Dúirt mé leis go raibh an halla seo tógtha go díreach glan ar an mbunchloch chéanna. “Aithním é sin ar an áit,” a deir Micheál. “Mar a chéile atá sé, ach tá go leor uisce imithe le fána.”
D’fhág Micheál baile Ghlinsce, cúpla míle ó thuaidh de shráidbhaile Charna, i dtús na 1970idí. Ar Bhoston a bhí a threo. Ar nós go leor eile san am sin, b’fhacthas dó gurbh fhearr an saol a bheadh aige i dtír éigin eile. Bhí aintín leis i mBoston agus ba ansin a chaith sé ancaire nuair a shroich sé na Státaí.
Taobh leis an oideachas bunscoile a fuair sé i scoil Bharr Linnín a bhí Micheál. Ach bhí oideachas eile faighte aige ag éirí aníos dó. Ina ghasúr féin, bhíodh Micheál ag obair. Bhásaigh a athair, Paddy Dudley Ac Craith, ina fhear óg go maith. Thit ualach na hoibre ar an ngabháltas ar Mhicheál. “Thaitnigh an portach liom ach bhí mé ar mhalairt intinne nuair a théinn in éadan na ngarrantaí féir,” a deir Micheál. Ach taitníodh an obair a bhí le déanamh leat, no ná taitníodh, ní raibh aon éalú ó do chuid dualgaisí ar thailte righne Chonamara.
“Rinne mé obair ar bith a bhí ar fáil i mBoston,” a deir Micheál. Bhí sé ansin ar feadh dhá bhliain. D’aistrigh sé go Stát Connecticut ina dhiaidh sin agus ansin atá sé ó shin. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol oibre mar bhainisteoir ceannacháin agus teagmhála custaiméirí. Tá sé ag tógáil an tsaoil níos réidhe anois.
Is minic leis a bheith ag cuimhneamh ar a dhúchas agus ar an saol a bhí sa mbaile. Tá cuntas aige ar stair teaghlaigh agus ar ghinealas; cuireann sé leis an eolas sin chuile lá. Is breá leis an t-eolas a thabhairt dá chlann agus dá gharchlann. Féachann sé le Gaeilge a labhairt leis an ngarchlann sna Státaí. “Tá suim thar na bearta ag duine acu sa nGaeilge, agus san áit agus san gcultúr as a dtáinig mise,” a deir Micheál. “Sílim go mbeidh sí in ann Gaeilge sách mhaith a labhairt amach anseo.”
Ba é an an lá cheana an chéad uair aige le 50 bliain a chos a leagan san áit ar dhaimhsigh sé ina óige. Beidh sé ag filleadh ar Connecticut go luath. Ní bheidh a chosa ag rith uaidh ag fágáil a dhúichí féin; go drogallach a thabharfaidh sé aghaidh ar Aerfort na Sionainne. Ach tá a bhunáit agus a shaol sna Státaí anois. “Tá feabhas an-mhór ar Chonamara,”a deir Micheál. “Níl le déanamh agat ach breathnú ar na tithe agus ar na carranna.’” Ach is i Meiriceá atá saol Mhichíl anois, lena chlann agus a gharchlann. Tá go leor uisce imithe le fána.
Bhí an Seanadóir Stáit, Margaret Craven (Mairéad Ní Chonghaile) as Leitir Ard in éineacht le Micheál ina gasúr i Scoil Bharr Linnín. Beidh sise ag críochnú a téarma sa bpolaitíocht i mbliana. Ocht mbliana déag atá caite aice mar Sheanadóir agus mar Fheisire, sa bParlaimint Stáit i Maine sna Stáit Aontaithe. Ní bheidh sí san iomaíocht i dtoghchán na Samhna seo chugainn. D’fhág Mairéad Ní Chonghaile Leitir Ard in aois a seacht mbliana déag i 1961. Bhí sise taobh leis an oideachas bunscoile a fuair sí i Scoil Bharr Linnín freisin. Chaith sise freisin roinnt blianta i mBoston sular aistrigh sí suas go Maine in éineacht lena fear céile, Jim Craven.
Le himeacht na haimsire bhain sí céimeanna agus máistreacht amach in Ollscoil Southern Maine agus í ag staidéar go páirt-aimseartha. D’oibrigh sí sna seirbhísí cúraimí sóisialta. Chuir an Páirtí Daonlathach i Maine caidéis uirthi agus d’fhiafraigh di an mbeadh sí ina hiarrthóir acu. Ghlac sí leis an gcuireadh agus d’éirigh léi i chuile thoghchán. Bíonn ar pholaiteoirí i Maine a dhul os comhair an phobail chuile dhara bliain. Bean ildánach í. Chuir sí cláracha teilifíse i láthair agus rith sí maratóin. Bhí an cuireadh a thug na Daonlathaigh di le bheith ina príomhchainteoir ag ócáid ina raibh mná an pháirtí sin ag agóid náisiúnta in Washington D.C. ar cheann dá buaicphointí poiblí. In aghaidh athruithe ar an Affordable Care Act [Acht um Chúram Inacmhainne], a tugadh isteach faoi réimeas Barak Obama, a bhí an agóid sin ann. Bhí rialtas Donald Trump ag iarraidh lagan a dhéanamh ar an reachtaíocht sin.
Ag tráth amháin den saol, tháinig Mairéad abhaile ar feadh tamaill ach shocraigh sí nach bhfanfadh sí. “Tá mo chroí i Leitir Ard agus in Éirinn,” a deir sí “ach b’fhacthas dom go raibh an saol cineál teoranta i gConamara nuair a d’fhill mé; teoranta agus ródhúnta ar bhealaí. Athraíonn an imirce, agus an taisteal, agus na blianta do shaol. I ngan fhios duit, bíonn an t-uisce ag imeacht le fána.”
An scoil i mBarr Linnín a raibh Micheál Mac Craith agus Margaret Craven ag freastal uirthi, leagadh go talamh í agus tógadh scoil nua agus iadsan ar deoraíocht. Ach tá an scoil nua sin dúnta le fada an lá anois. An imirce, easpa oibre, agus an t-athrú saoil.
Tá go leor uisce imithe le fána.
Is Mithid
…agus bánú Chonamara. Sin an saol Gaelach: an t-oileáin á theitheadh as. Nó b’fhéidir beidh dúiseacht agus athghabháil an saol againn.
Aisling
Ba mhaith í an scoil údan i mBarr Linnín.