Bhí cruinniú i gConamara le gairid ag lucht na heagraíochta Thrive. Níl a fhios agam go barainneach cén chaoi a gcuirfeá Gaeilge air sin in aon fhocal amháin. Triailfidh mud dhá fhocal – ag rathú nó faoi bhláth. Ag iarraidh go mbeadh dearcadh níos tuisceanaí agus níos cineálta againn ar dhaoine a bhfuil meabhairghalair ag dul dóibh atá Thrive ag gníomhú. Cuspóir é atá le moladh.
Níl an stair go maith. Níl a fhios agam ar luaigh duine ar bith ag an gcruinniú – bhí daoine as an nGaeltacht agus as an nGalltacht ann – go raibh leagan gonta Gaeilge i gConamara ar dhaoine a théadh chun an ospidéil de bharr anó intinne – ‘Soir’.
Bhí go leor le tuiscint as an bhfocal gonta sin. Bhain an leagan sin leis an aistear fada uaigneach as Conamara soir go hOspidéal Naomh Bríde i mBéal Átha na Sluaighe ar imeall thoir Chontae na Gaillimhe. Baineadh úsáid as an bhfocal ar bhealaí go leor. ‘Níl aon leigheas air ach é a chur soir’. ‘Chaith sé tamall thoir’. ‘Cuireadh soir uncail leis’. ‘Tá mé curtha soir ag scéalta atá ar Tuairisc’ srl.
Bhí sórt aistriúchán ar an leagan ag lucht an Bhéarla i gConamara, mar shampla ‘He was sent over’. Scaití, ba leagan tarcaisneach a bhíodh ann; scaití eile ní raibh ann ach leagan a sciorradh den teanga de bharr go raibh sé i mbéal an phobail. Ach bhí drochdhearcadh – dearcadh míthrócaireach amanta – ag baint le ‘soir’.
Le bheith trócaireach faoi, is dóigh gur bhain sé leis an saol a bhí ann; saol crua míthrócaireach ar bhealaí. Ni chloistear ‘soir’ go minic anois ach tá sé ann i gcónaí. Is minice a abraítear é mar ghreann agus mar fhonóid ar na saolta seo. Tarlaíonn sé go bhfuil Ospidéal Meabhairghalair [Síciatrach] Naomh Bríde i mBéal Átha na Sluaighe dúnta anois le roinnt blianta.
Bhí an dá scór duine a tháinig le chéile in Óstán Theach an Stáisiúin ag cíoradh an scéil ar bhealach iomlán. Is é Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Albert Dolan, a chuir tús oifigiúil leis an ócáid. Fear óg cumasach, gealgháireach. Ba shuáilceach an beart a rinne sé agus teacht chuig an ócáid seo. Bunaíodh struchtúr le bonn eagraithe a chur faoi chraobh Chonamara den eagraíocht Thrive.
Tamall ó shin, thug Sinéad Grimes, atá ag obair d’Fhóram Chonamara, eagraíocht forbartha tuaithe agus shóisialta, thug sí cuairt ar thithe i dtuaisceart Chonamara agus soir Dúiche Sheoigeach. Is ar éigean gur chreid sí go raibh an oiread sin uaignis ann. Istigh ar leic an teallaigh, dúradh léi go raibh daoine ag aireachtáil deighilte amach ón saol agus deighilte amach ón bpobal.
Chuile sheans go raibh an chaint a tharraing an scéala sin ar cheann de na cúiseanna gur beartaíodh go dtriailfí le craobh de Thrive a bhunú i gConamara.
De réir mar a insíodh do Shinéad Grimes, bhí go leor daoine ag iarraidh go mbeadh deis acu casadh le comhluadar agus a bheith páirteach sa bpobal ar bhealaí eile. Ní raibh na deiseanna sin ann, a dúradh léi, nó má bhí ní raibh a fhios acusan fúthu.
Fuair mé féin léargas ar an deighilt sin agus mé ag tiomáint ar bhóthar i gConamara riar blianta ó shin. Thug mé síob do bhean. Ar a haghaidh féin a bhí sí ina cónaí. Bhí a fear céile ar shlí na fírinne agus bhí na gasúir imithe.
“Ó muise drochrath ar an scéim REPS sin,” a deir sí liom. Ba scéim í seo inar cuireadh béim ar fheilméaracht a bheadh ag cloí leis caomhnú timpeallachta. Bhí fálta sreinge agus cosc air ainmhithe ó bheith ag dul anonn agus anall bainteach leis. “Tuige?” a dúirt mé féin.
“Ó muise, bhíodh na caoirigh ag teacht anuas den sliabh agus thagaidís isteach i mo gharraí béal dorais agus ba mhór an comhluadar iad. Tádar coiscthe (ag an úinéara) anois agus ní thagann siad ann beag ná mór.”
Ar ndóigh, tá ceist an mheabhairghalair casta agus creideann go leor saineolaithe anois go dtugann daoine tréithe den ghalar leo ón mbroinn; tá sé sa mianach. Sin leibhéal eile meabhairghalair agus is cosúil gur drugaí an chóir leighis, den cuid is mó, a bhíonn ag teastáil. Ach an múisiam agus an ísle brí a thagann ar dhaoine de bharr imeachtaí an tsaoil, sin rud eile.
Dúirt an Dr Christine Kenneally as Ollscoil Quinnipiac ag comhdháil faoin imirce in Ionad na nImirceach i gCarna cúpla bliain ó shin go raibh lorg an Ghorta Mhóir le tabhairt faoi deara ar mheon na nÉireannach go dtí le gairid. Sin 170 bliain ó shin.
Ach tá údair níos gaire de láthair ar chuile bhealach a thabharfadh ar dhaoine a dhul le fána go síceolaíoch, go háirithe daoine a mbeadh aon chlaonadh dá leithéid ag baint leo. Tá an deighilt agus an easpa cumarsáide ar phéire acu sin. Easpa comhluadair agus easpa ceangail leis an bpobal.
Ag iarraidh an easpa sin a mhaolú agus ag iarraidh go bhféadfadh daoine a scéal féin a inseacht amach óna gcroíthe gan scáth ná náire atá an eagraíocht ‘Thrive’. Tádar ag caint ar ghluaiseachtaí pobail agus ar gluaiseachtaí sóisialta; tádar ag caint freisin ar cheangal níos fearr, agus níos tuisceanaí, idir na daoine ó thaobh anó intinne de.
Tá cuid den chineál seo oibre ar bun. Ach is fusa go minic imeachtaí a reáchtáil ná athrú a chur ar ár meon mar phobal, cé go bhfuil roinnt de sin tarlaithe. Ní féidir an saol a bhí ann a thabhairt ar ais agus is fearr nach dtabharfaí cuid de.
Tá an áit thoir imithe agus is fearr go n-imeodh ‘soir’ leis.
Fág freagra ar 'Fadhbanna meabhairshláinte i gConamara – iarracht nua rath a chur ar an saol'