Achainí déanta ar an Roinn Oideachais glacadh ‘go hiomlán’ le taighde nua faoin tumoideachas

Deir Gaeloideachas gur chóir don Roinn Oideachais deireadh a chur le bunú aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla i bhfianaise taighde a coimisiúnóidh mar chuid d’fhorbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Achainí déanta ar an Roinn Oideachais glacadh ‘go hiomlán’ le taighde nua faoin tumoideachas

Tá achainí déanta ag Gaeloideachas ar an Roinn Oideachais glacadh “go hiomlán” le taighde nua ina moltar éirí as aonaid Ghaeilge a bhunú in iarbhunscoileanna Béarla.

Tá imní ann i measc eagraíochtaí teanga agus oideachais go ndéanfaidh an roinn neamhaird ar an taighde a rinneadh mar chuid den obair atá ar bun acu ar pholasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá an t-aonad Gaeilge á mholadh ag an Roinn Oideachais mar leigheas ar an easpa soláthair don ghaeloideachas le blianta fada, ach deir Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin gur chóir deireadh a chur le haonaid a bhunú i scoileanna Béarla feasta i bhfianaise an taighde nua.

“Tá tábhacht nach beag leis na torthaí seo, atá anois ina n-uirlis chriticiúil don Roinn Oideachais agus í ag forbairt an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

“Cé gur taighde an-chuimsitheach atá i gceist, a rinneadh thar achar fada le hionchur mór ó phobal na n-aonad agus eile, níl aon ghné de nach dtagann lenár dtuiscint ar na dúshláin atá roimh na haonaid,” a dúirt Ní Ghréacháin.

Dúirt Ní Ghréacháin go dtagann an taighde, a rinne meitheal taighdeoirí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, i gcomhar le COGG, leis an eolas a bhí ann cheana nach bhfuil ag éirí le haonaid oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaltaí.

“Tá an fhianaise eolaíoch ann anois, a thacaíonn leis an bhfianaise a bhí ann cheana, aonaid ag dúnadh, nó ag streachailt le huimhreacha, nach n-oibríonn an múnla seo mar sholáthar iarbhunscolaíochta trí Ghaeilge. In ainneoin sáriarrachtaí le blianta fada anuas ó mhúinteoirí agus ó mhúinteoirí i bhfeighil atá fíordhílis don ghaeloideachas, is í seo an fhírinne lom,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Is cuma cé na gealltanais atá ann go bhfeabhsóidh an múnla reatha, a fhad is a mhaireann sé [an t-aonad] faoi scáth scoil Bhéarla, leanfaidh na dúshláin. An toradh praiticiúil atá air seo ná soláthar leochaileach d’iarbhunscolaíocht, faoi scáth scoil le héiteas Béarla. Ní tumoideachas é sin.”

Deir Gaeloideachas go bhfuiltear ag éileamh “critéir agus céimeanna soiléire” ón Roinn Oideachais le haonad Gaeilge a fhorbairt ina scoil neamhspleách agus tá gá ann i bhfianaise an taighde nua go mbeidh a leithéid de threoir do na haonaid reatha “daingnithe” sa pholasaí nua.

“Tá deis anois ag an Roinn Oideachais a bheith ceannródaíoch, glacadh le hiomlán an taighde atá curtha i gcrích, na haonaid reatha a chumasú láithreach le bheith neamhspleách agus bunú scoileanna neamhspleácha a bheith mar pholasaí agus mar ghníomh ag an Roinn, i modh iomlán neamhspleách ón tús, nó ceangailte le Gaelcholáiste reatha sa chás go bhfuil an tacaíocht fáis seo de dhíth,” a dúirt Ní Ghréacháin.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Roinn Oideachais faoina bhfuil i gceist acu a dhéanamh leis an taighde agus faoin gcur chuige atá acu maidir le haonaid a bhunú i scoileanna Béarla.

Fág freagra ar 'Achainí déanta ar an Roinn Oideachais glacadh ‘go hiomlán’ le taighde nua faoin tumoideachas'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caidé fá na scoltacha iarbhunoideachais béarla atá suite sa ‘ghaeltacht’ agus ‘sruth gaeilge’ acu?? Teip iomlán ar seo fosta. Agus bunscoltacha sa ‘ghaeltacht’ ag glacadh níos mó páistí gan focal gaeilge ina smut acu agus gan aon ghaeilg a labhairt acu taobh amuigh d’am na scoile – go háirithe sa bhaile. Na polaiteoirí ag gearán nach dtig le daoine ‘theacht ‘na bhaile’ agus teach a thógáil sa ‘ghaeltacht’ le cónaí buan a dhéanamh ach an bhfuil an ghaeilg a labhairt agus a chaomhnú ag na daoine seo agus iad thar lear?? An bhfuil polasaí ar bith ag polaiteoirí agus ag an rialtas ar seo??