Margadh déanta idir an DUP agus an Páirtí Caomhach

Tá an margadh idir an dá pháirtí bunaithe ar shocrú muiníne agus soláthair arb fhiú €1 billiún é do Thuaisceart Éireann, de réir tuairiscí

Margadh déanta idir an DUP agus an Páirtí Caomhach

Tá margadh déanta ag an DUP leis an bPáirtí Caomhach a chiallaíonn go dtacóidh an páirtí aontachtach le rialtas mionlaigh Theresa May.

Tá an margadh idir an dá pháirtí bunaithe ar shocrú muiníne agus soláthair arb fhiú €1 billiún é do Thuaisceart Éireann, de réir tuairiscí.

Tá Príomh-Aire na Breataine Theresa May ag brath ar thacaíocht bhaill parlaiminte an DUP sa vóta i Westminster faoina clár rialtais an tseachtain seo.

Déanfar an maoiniú breise a infheistiú i gcúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais agus in infreastruchtúr an Tuaiscirt, ach dar leis an DUP go mbeidh an maoiniú breise ag brath ar athbhunú roinnt na cumhachta i Stormont.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh an páirtí “an-sásta” gur éirigh leo margadh a dhéanamh.

Dúirt sí go rabhthas ag súil chomh maith le socrú a dhéanamh maidir le hathbhunú Stormont “a luaithe agus ab fhéidir é” le cinntiú go mbeadh “glór láidir ag Tuaisceart Éireann” i gcás an Bhreatimeachta go háirithe.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine gur “margadh an-mhaith go deo” a bhí ann agus thug sí le fios gur léirigh an socrú “an luach” a bhaineann leis “an aontas” agus an nasc idir “na codanna éagsúla den Ríocht Aontaithe”.

“Ba mhaith linn go mór go ndéanfaí é sin (an t-aontas) a chosaint agus a neartú agus tá an mhian chéanna againn maidir le rialtas láidir a bheith ann,” a dúirt May.

Fág freagra ar 'Margadh déanta idir an DUP agus an Páirtí Caomhach'