Cúig bliana déag tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann a chailliúint i gcoinne na Cealtraí, goilleann an cluiche go mór ar imreoirí na Gaeltachta fós.
I bhfíseán nua atá curtha amach ag AIB GAA, labhraíonn beirt as nGaeltacht, Marc Ó Sé agus Dara Ó Cinnéide, agus beirt as Cealtrach, Michael Meehan agus Jarlath Murray, ar an gcluiche cáiliúil, a bhuaigh cumann na Gaillimhe le haon phointe amháin, 0-13 in aghaidh 0-12, Lá Fhéile Pádraig 2004.
Bhí cumann caide na Gaeltachta i mbarr a réime ag an am agus Craobh Shinsir Chiarraí buaite acu in 2001 agus in 2003 agus luann Dara Ó Cinnéide an tábhacht a bhain leis an bhfoireann do mhuintir na háite.
In 2004, @caltra_gaa took on @AnGhaeltacht in the AIB GAA Football All-Ireland Senior Club Final. Almost 40,000 people were in Croke Park that day to witness a defeat that still haunts the people of An Ghaeltachth
Watch episode 3 of The Club Chronicles below.#TheToughest pic.twitter.com/nOOcJBATGe
— AIB_GAA (@AIB_GAA) February 20, 2019
“Bhí níos mó ná cluiche peile a bhuachtaint i gceist, ardú meanma do phobal a bhí ann. Bhain sé seo le húdar mórtais a thabhair dóibh, rud éigin go mbeidís ag caint faoi faoi cheann deich mbliana, fiche bliain.”
“Bhí ár muintir agus iad siúd a tháinig abhaile scriosta aige agus bhíomar fhéin scriosta,” a deir Marc Ó Sé. “Ar ndóigh theastaigh uainn é bhuachtaint ar mhaithe linn fhéin, ach bhí fonn orainn é a dhéanamh ar son ár muintire.”
Deir an Cinnéideach go ngoilleann sé orthu fós i gCorca Dhuibhne aon uair a luaitear an cluiche.
“‘Mar a chéile an focal ‘Caltra’ ag muintir na Gaeltachta agus an focal ‘Séamus Darby’ i gCiarraí’. Iadsan an scéal uafáis a bhí againne.”
Mar sin féin, tugann sé beagán sóláis don Chinnéideach gur chumann beag tuaithe eile a fuair an ceann is fearr orthu.
“Club tuaithe. Scata deartháireacha, tuiscint acu ar a ndúchas.”
Níos deireanaí an bhliain sin bhuaigh Ó Sé agus Ó Cinnéide Cluiche Ceannais na hÉireann le Ciarraí agus deir Ó Sé sa ghearrscannán faisnéise ar líne go mb’fhearr leis bonn a bheith buaite aige leis an nGaeltacht.
Fág freagra ar '‘Mar a chéile ‘Caltra’ ag muintir na Gaeltachta agus ‘Séamus Darby’ i gCiarraí’ – Dara Ó Cinnéide'