Maoiniú €140,000 d’athchóiriú séipéil agus foirgnimh ‘oidhreachta’ eile sa Ghaeltacht

Is i nGaeltacht na Gaillimhe a chaithfear an méid is mó airgid agus os cionn €78,000 ceadaithe do thograí oidhreachta ansin

Maoiniú €140,000 d’athchóiriú séipéil agus foirgnimh ‘oidhreachta’ eile sa Ghaeltacht

Tá €50,000 curtha ar fáil ag an Roinn Oidhreachta le hathchóiriú a dhéanamh ar shéipéil Ghaeltachta faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha.

Cuireadh isteach is amach le €137,000 ar fad ar fáil faoin scéim do thograí Gaeltachta i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, agus Ciarraí.

Is i nGaeltacht na Gaillimhe a chaithfear an méid is mó airgid agus os cionn €78,000 ceadaithe do thograí ansin – agus níos mó ná a leath le caitheamh ar athchóiriú séipéal sa chontae.

Ceadaíodh €30,000 do Chill Éinne, séipéal an pharóiste i sráidbhaile an Spidéil, le hathphointeáil aolchloiche a dhéanamh ar an bhfoirgneamh. Caithfear €5,000 i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua le deisiú agus athchóiriú a dhéanamh ar na fuinneoga luaidhe atá ann. Déanfar obair den chineál céanna i Séipéal Mhuire Gan Smál i dTír an Fhia agus i Séipéal Réalt na Mara i Leitir Mealláin. €800 agus €5,000 atá ceadaithe don dá shéipéal sin.

Tabharfar airgead freisin do dhá thogra eile i nGaeltacht na Gaillimhe – ‘Teachín Francis’ i gCúil Each a fuair €14,000 le fuinneoga agus doirse nua a chur air agus ‘Teach Mhaidhcí’ in Inis Oírr ar ceadaíodh €28,000 le haghaidh ceann nua tuí a chur air.

Ceadaíodh beagnach €9,000 le fuinneoga agus doirse nua a chur isteach i Séipéal Uinseann Naofa i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá €3,145 curtha ar fáil freisin ag an Roinn Oidhreachta don ‘Spanish House’ ar Shráid an Doirín sa Daingean – deontas nach luaitear leis sch ‘obair eile’ l i gcáipéisí na Roinne.

Cuireadh €38,000 ar fáil do thograí i nGaeltacht Dhún na nGall agus obair le déanamh ar an teach solais i bhFánaid i bhfíorthuaisceart an chontae. Tá €12,000 le caitheamh ar an díon ar an teach solais atá ar cheann de mhórionaid turasóireachta na Gaeltachta i nDún na nGall. Chomh maith leis sin, caithfear €26,000 ar dhá theachín i nGabhla, oileán amach ó chósta Ghaoth Dobhair. Feisteofar fuinneoga agus doirse nua i dTeach Friel agus cuirfear díon nua ar Theach Mary MacBride.

I nGaeltacht Mhaigh Eo cuireadh €4,000 ar fáil le fuinneoga nua a chur isteach san óstán Valley House atá i dTóin an tSeanbhaile in Acaill.

Cuireadh €7,686,762 ar fáil faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha do 593 togra ar fud an stáit in 2025.

Fág freagra ar 'Maoiniú €140,000 d’athchóiriú séipéil agus foirgnimh ‘oidhreachta’ eile sa Ghaeltacht'