Maoiniú Ceadaithe do Choláiste Lurgan

Tá maoiniú ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do Choláiste Lurgan in Indreabhán

Lurgan

Ceadaíodh soláthar caipitil le hathchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh ar an gCnoc in Indreabhán in a mbíonn Coláiste Lurgan á reáchtáil i gcaitheamh an tsamhraidh.

Ceadaíodh an maoiniú seo ag cruinniu de Bhord Údarás na Gaeltachta i gceannáras an Údaráis sna Forbacha inniu. Tuairiscíodh roimh dheireadh na bliana seo caite go raibh baol ann nach reáchtálfaí na cúrsaí Gaeilge i gColáiste Lurgan i mbliana mar gheall ar fhadhbanna a bhain leis an bhfoirgneamh. Tógadh an foirgneamh ar an gCnoc sa bhliain 1967.

Dúirt urlabhraí Údarás na Gaeltachta go n-aithníonn an tÚdarás go bhfuil tábhácht mhór ag baint leis an gcoláiste do gheilleagair an cheantair agus don Ghaeilge i gcoitinne.

“Aithnítear fosta go bhfuil gá le réiteach fadtéarmach don fhoirgneamh chun a chinntiú go mbeidh sé in ann freastal go héifeachtach ar Choláiste Lurgan agus ar an phobal áitiúil sna blianta amch romhainn agus beifear ag obair ar phleananna le freastal ar an riachtanas seo i gcomhar leis na geallsealbhóirí cuí,” a dúirt an t-urlabhraí.

Is sa bhfoirgneamh céanna a bhíonn Club Óige Lurgan ar siúl.