GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Máistreacht sna meáin le tréimhsí foghlama in RTÉ: MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)

Ar mhaith leat cur le d’oiliúint sna meáin? Nó an bhfuil tú ag iarraidh athrú treo agus tabhairt faoi ghairm i saol sna meáin?

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Máistreacht sna meáin le tréimhsí foghlama in RTÉ: MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)

Cuid den rang MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) 2022/2023, Katelyn Hayes, Angela Scanlon (RTÉ), Caitlín Ní Mhurchú agus Seán Ó Maoilchiaráin

Is deis eisceachtúil í an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe d’iarrthóirí a bhfuil bunchéim acu sna meáin cheana féin nó iad siúd a bhfuil cosán gairme i réimse na meán de dhíth orthu tar éis a mbunchéim a bhaint amach i réimse eile léinn.

Ceann de dhornán iarchéimeanna sa tír a mhúintear trí mheán na Gaeilge, cuirtear an clár seo ar fáil ar an láthair i gCampas Ollscoil na Gaillimhe i gcathair na Gaillimhe agus ar líne freisin. Is féidir a bheith rannpháirteach san iarchéim ón mbaile, gan a bheith lonnaithe i ngar do Champas na hOllscoile.

Tá an clár léinn ag freastal ar éilimh ó mhic léinn ar chláir iarchéime a bhfuil naisc láidre acu le fostóirí agus leis an margadh. Mar chuid den chúrsa, caitheann mic léinn dhá thréimhse míosa ag foghlaim ar láithreacha de chuid RTÉ i gConamara agus i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath. Tugann an t-achar ama seo deis do rannpháirtithe anailís agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar chuid de na hathruithe suntasacha atá ag titim amach ar bhonn leanúnach i réimse na meán.

Leagtar béim sna modúil mhúinte i gceithre réimse ar leith: an iriseoireacht, an chraoltóireacht, an scriptscríbhneoireacht don scáileán agus cruthú ábhair d’ardáin ilmheán.

Is bliain iomlán a bhíonn i gceist leis an gclár, ó Mheán Fómhair go Meán Fómhair, lena n-áirítear trí sheimeastar ar fad: dhá sheimeastar i mbun cumaisc thomhaiste den staidéar acadúil ar Léann na Meán agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe. Is i ndeireadh an chéad dá sheimeastar faoi sheach a fhaigheann mic léinn an deis luachmhar am a chaitheamh ag foghlaim ar an láthair in RTÉ. Ar ndóigh déanann mic léinn teagmhálacha tábhachtacha le daoine atá fostaithe sna meáin le linn na tréimhse taithí sin. Sa tríú seimeastar, tugann an mac léinn faoi thionscadal taighde pearsanta i réimse ar leith de na meáin; seans togra bunaithe ar an bhfoghlaim ar fad a chur i gcrích faoi stiúir na foirne.

Cur chuige nuálach agus tarraingteach é an cúrsa seo agus más clár léinn le cosáin ghairme shoiléire mar thoradh air atá uait agus spéis agat sna meáin, b’fhiú duit an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a chur san áireamh mar rogha láidir máistreachta.

Ar mhaith leatsa gairm sna Meáin Ghaeilge? Seo do sheans!

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Máistreacht sna meáin le tréimhsí foghlama in RTÉ: MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)'