Imreoidh fear Chonnacht, Mack Hansen a chéad chluiche d’Éirinn agus an fhoireann ainmnithe ag Andy Farrell don chéad bhabhta de Chraobh na Sé Náisiún.
Imreoidh Éire in aghaidh na Breataine Bige Dé Sathairn (2.15i.n.) agus is é Hansen an t-aon fhear a bheidh ag imirt a chéad chluiche d’Éirinn agus foireann láidir ainmnithe ag Farrell.
Beidh triúr ó Chúige Laighean, Andrew Porter, Ronan Kelleher agus Tadhg Furlong sa líne thosaigh ag Éirinn agus beidh Tadhg Beirne agus James Ryan taobh thiar díobh. Níl áit i measc na n-ionadaithe féin faighte ag Iain Henderson ach meastar go bhfuil gortú ag cur as d’fhathach Uladh.
Triúr Laighneach, Caelan Doris, Josh van der Flier agus Jack Conan atá ainmnithe sa líne chúil ag Farrell.
Coinneoidh Jamison Gibson-Park a áit mar leathchúlaí clibirte agus is é Johnny Sexton captaen agus leathchúlaí amuigh na foirne.
Is iad Bundee Aki agus Garry Ringrose atá ainmnithe i lár páirce. Tuigtear go bhfuil gortú ag cur as do Robbie Henshaw agus tá James Hume Chúige Uladh ainmnithe i measc na bhfear ionad.
Beidh Andrew Conway agus Hansen ar na cliatháin agus Hugo Keenan mar lánchúlaí nuair a chuirfidh Éire tús le Craobh na Sé Náisiún an deireadh seachtaine seo.
Ionadaithe:
Fág freagra ar 'Mack Hansen ainmnithe ar fhoireann rugbaí na hÉireann den chéad uair'