Luimneach caithréimeach agus Port Láirge curtha de dhroim seoil acu

Aon phointe déag a bhí idir na foirne i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag seo caite agus aon phointe déag a bhí idir na foirne arís i bPáirc an Chrócaigh inniu

Luimneach caithréimeach agus Port Láirge curtha de dhroim seoil acu

Luimneach 1-25 Port Láirge 0-17

Tá áit bainte amach ag Luimneach i gcluiche ceannais na hÉireann den tríú huair le ceithre bliana anuas tar éis do sheaimpíní na hÉireann bua cumasach a bheith acu ar Phort Láirge sa chéad chluiche leathcheannais.

Den dara huair le hocht mhí anuas, bhí fir Luimnigh rómhaith do na Déisigh. Aon phointe dhéag a bhí idir na foirne i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag seo caite agus aon phointe dhéag a bhí idir na foirne arís i bPáirc an Chrócaigh inniu. Thug Port Láirge dúshlán d’fhoireann John Kiely sa chéad cheathrú uaire ach bhí Luimneach rómhaith dóibh ina dhiaidh sin.

Ba léir go raibh Port Láirge ag iarraidh tabhairt faoi sheaimpíní na hÉireann ón tús. Dhíríodar ar Gearóid Hegarty go háirithe agus tugadh cúpla buille crua  d’Iománaí na Bliana 2020. Bhí sé féin agus Luimneach in ann acu.

Mar sin féin, níl aon amhras ach gur cuireadh Luimneach dá mbuille sa chéad deich nóiméad. Scóráil Cian Lynch agus Séamus Flanagan pointí sa chéad chúpla nóiméad ach níor scóráil Luimneach ón imirt arís go dtí an 20ú nóiméad.

I ndiaidh na hiarrachta a bhí curtha isteach ag Port Láirge, áfach, theastaigh uathu go mbeadh siad ar a laghad cúpla pointe chun tosaigh ag an sos uisce ach ní raibh. Foireann John Kiely a bhí chun tosaigh 0-4 in aghaidh 0-3. Chuir Stephen Bennett a chéad cúpla iarracht ó phocanna saoir amú agus dá mbeadh siad sin agus cúpla scór eile faighte ag Port Láirge, b’fhéidir go mbeadh tuilleadh brú  ar sheaimpíní na hÉireann.

Má bhí na Déisigh ag ceapadh go gcúlódh Luimneach ón ndúshlán, a mhalairt a tharla. Cé gur chuir Austin Gleeson na foirne ar comhscór théis 19 nóiméad, fuair Luimneach sé phointe as a chéile chun greim a fháil ar an gcluiche, greim nár scaoil siad leis.

Bhí Séamus Flanagan ar fheabhas sa líne lántosaí agus bhí tionchar ollmhór ag Cian Lynch ar an imirt cé go raibh Conor Gleeson tugtha isteach ag Port Láirge chun súil a choinneáil air.

Chuir iarracht ó Stephen Bennett stop le fuinneamh Luimnigh ar feadh tamaill ach faoin am go raibh leath ama sroichte, bhí na Déisigh ocht bpointe chun deiridh, 0-15 in aghaidh 0-7.


Bainisteoir Phort Láirge, Liam Cahill. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Méadaíodh an bhearna go deich bpointe nuair a fuair Luimneach an chéad dá scór den dara leath ach lena gceart a thabhairt d’fhoireann Liam Cahill, choinnigh siad orthu. D’fhág ceithre scór as a chéile, péire ó Stephen Bennett agus ceann an duine ó Calum Lyons agus Dessie Hutchinson, go raibh ag éirí leo ach bualadh buille maraithe na muice orthu díreach roimh an dara sos uisce.

Bhuail Shane Bennett poc sleasa díreach chuig Peter Casey, a thug pas do Ghearóid Hegarty. Ghearr Hegarty isteach i dtreo an chúil, thug sé an sliotar d’Aaron Gillane agus bháigh fear Thobar Phádraig a iarracht go cúl na heangaigh.

Cuireadh Peter Casey den pháirc agus beagán os cionn deich nóiméad fágtha sa chluiche ach bhí rás Phort Láirge rite faoin am sin. Mar a tharla, chuir Luimneach leis an mbearna a bhí idir na foirne as sin go dtí deireadh an chluiche.

Bhí a fhios ag na Déisigh go mbeadh cúil ag teastáil ach rinne Nickie Quaid cúpla sábháil den scoth. Rinne Kyle Hayes húcáil den scoth agus rinne Barry Nash blocáil eile den scoth. Ní raibh Luimneach sásta aon chúl a ghéilleadh.

Má bhí aon amhras ann nach raibh Luimneach i mbarr réime i mbliana, cuireadh deireadh leis an gcaint sin tráthnóna. Bhí tosaithe na foirne, go háirithe, ar fheabhas in aghaidh  agus obair na gcapall déanta ag leithéidí Tom Morrissey, a fuair cúig phointe, Cian Lynch, a scóráil trí cinn, agus Séamus Flanagan, a fuair ceithre cinn. Tá foireann John Kiely fós chun tosaigh ar an gcuid eile. I bhfad chun tosaigh atá siad.

Cian LynchINPHO/Laszlo Geczo

Luimneach: N. Quaid; S. Finn, D. Morrissey, B. Nash; D. Byrnes (0-3, 0-2 ó phocanna saora), D. Hannon, K. Hayes; W. O’Donoghue (0-1), D. O’Donovan (0-1 ó phoc saor); G. Hegarty (0-1), C. Lynch (0-3), T. Morrissey (0-5); A. Gillane (1-5, 0-4 ó phocanna saora), S. Flanagan (0-4), P. Casey (0-2). Fir Ionaid: D. Reidy in áit G. Hegarty (65 nóim), G. Mulcahy in áit S. Flanagan (67 nóim), R. English in áit D. Byrnes (67 nóim), C. Boylan in áit C. Lynch (70 nóim), C. Coughlan in áit B. Nash (72 nóim).

Port Láirge: S. O’Brien; I. Kenny, C. Prunty, S. McNulty; C. Lyons (0-2), Shane Bennett, K. Bennett (0-1); J. Barron (0-2), P. Hogan; J. Fagan, J. Prendergast, Stephen Bennett (0-7, 0-5 ó phocanna saora); D. Hutchinson (0-1), A. Gleeson (0-4, 0-1 ó phoc sleasa, 0-1 ó phoc saor), C. Gleeson. Fir Ionaid: D. Lyons in áit P. Hogan (43 nóim), M. Kiely in áit J. Prendergast (43 nóim), N. Montomery in áit J. Fagan (51 nóim), S. Fives in áit I. Kenny (54 nóim), P. Curran in áit Shane Bennett (54 nóim).

Réiteoir: John Keenan.

 

 

Fág freagra ar 'Luimneach caithréimeach agus Port Láirge curtha de dhroim seoil acu'