Lucht pleanála teanga ag cur i gcoinne ollmhargaidh nua i nGaeltacht Chonamara

Bhronn Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála mí Iúil ar an chomhlacht Aldi ollmhargadh nua a thógáil ar shuíomh ar imeall shráidbhaile an Spidéil

Lucht pleanála teanga ag cur i gcoinne ollmhargaidh nua i nGaeltacht Chonamara

Tá lucht pleanála teanga ina measc siúd atá ag cur in aghaidh forbairt ollmhargaidh i nGaeltacht Chonamara agus imní léirithe faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an siopa nua “ar chothromaíocht teanga an cheantair”.

Bhronn Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála mí Iúil ar an chomhlacht Aldi le hollmhargadh nua a thógáil ar shuíomh ar imeall shráidbhaile an Spidéil ach tá achomharc maidir leis an togra anois déanta leis an gCoimisiún Pleanála.

Tá Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga ar cheann de chúig pháirtí atá fós ag cur i gcoinne na forbartha.

San aighneacht a chuir an Fóram faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe nuair a rinneadh an t-iarratas pleanála ar dtús, maíodh go bhféadfadh ollmhargadh nua drochthionchar a imirt ar chúrsaí teanga ar an Spidéal.

“D’fhéadfadh tionchar a bheith ag forbairt ollmhargadh mór sa Spidéal ar ghnéithe den saol laethúil i gCois Fharraige. D’fhéadfadh impleachtaí dá réir a bheith ag an bhforbairt seo ar chothromaíocht teanga an cheantair,” a dúradh san aighneacht.

“Mar shampla, is mó seans ná a mhalairt gur fostaithe gan Ghaeilge a bheadh ag obair san ollmhargadh atá beartaithe.”

Dúradh freisin go bhféadfadh an t-ollmhargadh nua custaiméirí a bhaint ó shiopaí áitiúla ina raibh an Ghaeilge á húsáid mar theanga chumarsáide “leis na cianta”.

Mhol Fóram Chois Fharraige go n-iarrfaí ar shaineolaí ar chúrsaí sochtheangeolaíochta agus ar phleanáil teanga iniúchadh neamhspleách a dhéanamh maidir le tionchar an fhiontair ar iompar teanga sa bpobal,

Léiríodh imní freisin gur i mBéarla agus i nGaeilge a bheadh an chomharthaíocht ag Aldi agus iarradh go mbeadh ról ag an bhFóram agus ag Oifigeach Gaeilge na Comhairle Contae maidir le moladh, faomhadh agus ceadú foclaíochta ar chomharthaí poiblí.

Nuair a bhronn Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála ar an togra, bhí coinníoll leis go mbeadh aon chomharthaíocht a léireodh uaireanta oscailte an tsiopa i nGaeilge ar cheann den 30 coinníoll a cuireadh leis an gceadúnas.

Tá Michael Cadden, ball comhlach d’Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann, ar dhuine eile acu siúd a bhfuil achomharc déanta acu i gcoinne an chinnidh cead pleanála a bhronnadh ar an togra.

Dúirt Cadden go raibh sé “dochreidte” go lorgófaí cead pleanála chun ollmhargadh a thógáil ar an suíomh, atá díreach trasna ó Thrá na mBan ar an Spidéal agus go gcuirfeadh an fhorbairt “smál ar thírdhreach uathúil Chonamara”.

Nuair a bhí an t-iarratas os comhair na Comhairle Contae, chuir muintir na háite roinnt mhaith aighneachtaí isteach ag léiriú imní faoin tionchar a bheadh ag ollmhargadh nua ar chúrsaí timpeallachta, ar chúrsaí tráchta agus ar ghnólachtaí áitiúla.

Tá Máirtín O’Donnell, Nigel Slemon agus Noel Kavanagh, úinéirí siopaí ar an Spidéal, sna Forbacha agus i Maigh Cuilinn faoi seach, ag cur i gcoinne an chinnidh an cead pleanála a bhronnadh chomh maith.

Deir an Coimisiún Pleanála go ndéanfar cinneadh maidir leis an achomharc faoin 22 Nollaig.

Fág freagra ar 'Lucht pleanála teanga ag cur i gcoinne ollmhargaidh nua i nGaeltacht Chonamara'

  • Colm Ó Cinnseala

    Mar shoiléiriú. San achomharc a rinne Fóram Chois Fharraige Un Pleanáil Teanga, d’iarr muid go gcloífidh an Comhairle Condae le Plean Forbartha an Chontae agus comharthaí seachtracha an tsiopa a bheith i nGaeilge, ní an comhartha le na hamannta oscailte amháin mar a luadh sa chead pleanála. Níl an Fóram in aghaidh na forbartha per se.

    Colm Ó Cinnseala
    Cathaoirleach
    Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga