Loinnir fós ar Laochra Gael agus Seó Spóirt an rogha clár spóirt don ‘duine meabhrach’

LÉIRMHEAS: Cinnteoidh mealltacht agus maoithneachas an ábhair mar aon le simplíocht na hinste nach dtiocfaidh aon mheirg ar Laochra Gael

LIAM MCHALE STILL

Bead caite im thurlabhait as seo go ceann roinnt seachtainí agus craos á chur orm féin le cláracha sport. Thosaigh Sraith Allianz na caide ag an deireadh seachtaine (TG4, Setanta Ireland, Setanta Sports 1) agus beidh craobh na sé naisiún ag tosnú an Aoine beag seo (Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ar RTÉ2 agus BBC). Ina theannta sin ar fad tá Seó Spóirt (TG4, Dé hAoine) agus Laochra Gael (TG4, aréir) faoi lán seoil in athuair.

Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil an tríú sraith déag de Laochra Gael ar leic an dorais againn. Is é ceann de mháithreacha sceideal spóirt an stáisiúin ó bhí 2001 ann agus faoin tráth seo tá scéalta spóirt is beatha breis agus 100 duine atá sa Táin curtha os ár gcomhair.

Is i bhfad na haimsire a thuigfear tábhacht an chnuasaigh. Go deimhin tá cúigear ón gcéad sraith (Dermot O’Brien, Enda Colleran, Con Murphy, Páidí Ó Sé agus John Wilson) imithe uainn ar shlí na fírinne. Sa tsraith seo is scéalta beatha agus spóirt laochra cosúil le Ciarán Carey, Jamsie O’Connor agus Michael Duignan a bheidh á ríomh.  Is é imreoir iomráitech Mhaigh Eo, Liam McHale, a bhí idir chamáin aréir. Le cloigne cainte (John Maughan, Dara Ó Cinnéide, Seán Ó Domhnaill) agus ábhar cartlainne maraon le hionchur ón laoch é féin déantar na gaiscí a ríomh: a bhá leis an gcispheil, conspóid 1996, cluiche ceannais Maurice Fitzgerald in 1997, a chomhghuaillíocht le John Maughan agus Kevin McStay srl. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an cur chuige seanchaite, stálaithe ach ní ghéillim do sin.

Ach oiread le Reeling in the Years, cinnteoidh mealltacht agus maoithneachas an ábhair mar aon le simplíocht an struchtúir/na hinste nach dtiocfaidh aon mheirg ar na cláracha seo. Ná bain leis muna bhfuil sé briste.

Tá Seó Spóirt é féin ar an bhfód le roinnt mhaith blianta agus agus aithnítear go forleathan go ndéanann Dara Ó Cinnéide an clár a láithriú go paiteanta agus go bhfuil bua ar leith aige de bharr a chúlra caide. Cuireann an taithí fhairsing sin (trí bhonn uile Éireann) ar a chumas a aíonna a cheistiú go tuisceanach, géarchúiseach agus go pointeáilte, rud nach dtarlaíonn i gcláracha spóirt eile ina bhfuil an dríodar cainte i réim.

Seo clár spóirt don duine meabhrach gan aon agó. Cé go mbíonn cúrsaí rugair á phlé chomh maith is é an CLG a bhíonn i lár an aonaigh agus is sna míreanna sin is mó a bhíonn an clár os cionn a bhuille. Déantar iarracht aíonna difriúla a mhealladh le bheith ar an gcúits cé go mbraithfeá uait an crann taca, SBB, nuair nach mbíonn sé ann.

Ba iad Charlie Brennan, Alan Milton agus Gary Brennan a bhí fara an Chinnéidigh an tseachtain seo. Mar gur clár uair an chloig atá ann tá sé tábhachtach gearrthóga agus míreanna difriúla a shníomh isteach ar eagla go rachadh cúrsaí chun leadráin. Titeann an cúram sin ar Gemma Ní Chionnaith agus na míreanna Thar an Trasnán agus Laoch ar a Thriail. Is é seo oidhre Breaking Ball (ceann de na cláracha spóirt is fearr a bhí riamh ann) agus má leantar leis na forbairtí is gearr go rachaidh fear Bhaile na hAbha agus a chomhghuaillithe tharstu amach.

Fág freagra ar 'Loinnir fós ar Laochra Gael agus Seó Spóirt an rogha clár spóirt don ‘duine meabhrach’'