LITRÍOCHT BHÉIL: Comharthaí Aimsire

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Comharthaí Aimsire

Gníomhaíocht 1: Mata Boird:

  • Mata Boird: Tabhair mata boird do ghrúpaí ceathrair. Iarr orthu séasúr amháin a scríobh i ngach cearnóg.
  • Iarr ar na grúpaí sin a oiread nathanna cainte faoin séasúr sin agus is féidir leo a scríobh i ngach cearnóg díobh.
  • Ansin is féidir leo gach cearnóg/séasúr a phlé mar ghrúpa.
  • Tá an t-eolas ag an nasc seo faoin straitéis ‘mata boird’.

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

  • Téigh chuig an leathanach seo ar dúchas.ie. 
  • Ag obair le do pháirtí déan an scéal atá ansin a athscríobh i nGaeilge an lae inniu.

Gníomhaíocht 3 – Fuaim:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.
  • Déan iarracht cúig fhocal/nath cainte nach dtuigeann tú a aimsiú in teanglann.ie

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Tá leagan athscríofa den chuntas le fáil thíos.
  • Léigh an chéad leath den chuntas os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht

Seanchas na hAimsire

Tá lá bog ann. Tá lá olc ann. Tá lá géar ann. Tá lá fliuch ann. Tá lá ciothmhar ann. Tá bearradh fuar ar an lá seo. Tá an lá seo tugtha do cheathanna. Tá lá siocmhar ann. Tá lá bríomhar ann. Tá lá glórmhar ann. Tá lá grianmhar ann. Tá lá ciúin ann. Tá lá deas ann. Tá drochlá ann. Tá lá doineanta ann. Tá oíche bhreá ann. Tá cailleadh duine ar an oíche seo. Tá oíche olc ann. Tá oíche mhillteanach ann.

Comharthaí Seaca agus Sneachta ó ainmhithe

Nuair atá sioc ag teacht bíonn an ghrian dearg ag éirí ar maidin agus bíonn an ghealach dearg ag éirí fosta. Bíonn an ghrian i bhfolach nuair atá sneachta ag teacht. Bíonn an spéir dorcha agus bíonn néalta móra dubha ag rith go gasta trasna na spéire. Nuair a bhíonn sioc ag teacht, ní bhíonn néalta ar bith le feiceáil. Bíonn an spéir breá glan agus bíonn na réaltóga ag lonradh agus ag léimnigh ins an spéir.

Seo cuid de na hainmhithe a bheireann comharthaí dúinn nuair atá aimsir fhliuch ag teacht.

An Easóg: Bíonn an easóg le feiceáil ag amharc isteach san abhainn agus athraíonn sí ó áit go háit nuair a bhíonn tuile ag teacht.

An Luchóg: Nuair atá tuile ag teacht téann an luchóg go dtí na tithe agus meileann siad gach rud a bhfuil siad ábalta (a mheilt).

An Coinín: Bíonn an coinín le feiceáil ag rith thall agus abhus ag cuardach foscaidh.

Na Caoirigh: Cruinníonn na caoirigh le chéile i scaifte amháin ar thaobh an chnoic nuair atá stoirm ag teacht. Ach nuair atá aimsir mhaith ag teacht, ardaíonn siad go dtí barr an chnoic.

An Madadh: Itheann an madadh féar agus bíonn sé i gcónaí ina luí cóngarach don tine nuair atá sneachta ag teacht.

Na Ba: Fanann na ba mall ar an chnoc nuair atá aimsir fhliuch nó sneachta ag teacht.

An Cat: Suíonn an cat cóngarach don tine agus níonn sé a aghaidh gach lá nuair atá aimsir fhliuch ag teacht.

An Madadh Rua: Bíonn an madadh rua le feiceáil go minic nuair atá sneachta ann mar ní bhíonn bia ar bith le fáil aige agus itheann sé coiníní agus fianna agus giorriacha.

An Ghaoth: Nuair a bhíonn an ghaoth thoir theas againn is cinnte go bhfuil stoirm ag teacht. Nuair a bhíonn an ghaoth ag éirí ard agus fuar, sin comhartha go bhfuil sioc ag teacht. Nuair a bhíonn an ghaoth san aird thiar is cinnte go bhfuil aimsir mhaith ag teacht. Nuair a bhíonn an ghaoth san aird thuaidh agus é fuar sin comhartha go bhfuil stoirm sneachta chugainn.

Gníomhaíocht 5 Deis Taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Conas a bhíonn a fhios againn go mbeidh sioc ann?
  2. Céard a dhéanann an coinín nuair a bhíonn aimsir fhliuch ag teacht?
  3. Cén cineál gaoithe a bhíonn ag séideadh nuair a bhíonn sneachta ag teacht?
  4. Cén chanúint atá le cloisteáil sa scéal seo? Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 7 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le daoine sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi chúrsaí aimsire.

Spreagcheisteanna:

Céard iad na nathanna cainte a úsáideann tú faoin aimsir?
An bhfuil aon phiseoga ar eolas agat faoin aimsir?
Cad iad na comharthaí a bhíodh acu fadó leis an aimsir a thuar.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh achoimre ar an gcuntas a fuair tú. Is féidir an taifeadadh sin a roinnt leis an rang.

Gníomhaíocht 8 – Taighde ar Líne:

  • Faigh amach faoi na piseoga eile atá ar líne faoin aimsir. Is féidir eolas a fháil ar www.duchas.ie agus ar www.doegen.ie
  • Déan comparáid leis an eolas a fhaigheann daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – Píosa  Éisteachta:

  • Éist leis na píosaí seo ó Béaloideas Beo faoi na piseoga a bhaineann leis an aimsir i nDún na nGall.

Gníomhaíocht 10 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo thíos naisc chuig áiseanna ábhartha ar shuíomhanna eile:

Físeán: Piseoga eile faoin aimsir anseo.
Dán: Faoin nGaoth.
nasc anseo le PPT de chuid Foras na Gaeilge bunaithe ar an aimsir.

Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Comharthaí Aimsire'