LITIR ÓN SPÁINN: An ‘Naomh Gobnait’ á comóradh, agus tragóid eile sa mhullach orainn

Ní raibh sé i gceist ag ár gcolúnaí Camino a dhéanamh ná Camino a chomóradh agus í ar thuras chun na Spáinne agus na Portaingéile, ach ní mar a shíltear a bítear

LITIR ÓN SPÁINN: An ‘Naomh Gobnait’ á comóradh, agus tragóid eile sa mhullach orainn

Ní raibh sé i gceist agam Camino a dhéanamh ná Camino a chomóradh. Turas traenach agus córas taistil poiblí a bhí beartaithe againn ó chathair Porto na Portaingéile suas le cósta chomh fada le baile beag Cangas na Spáinne.

Ach mar a thit rudaí amach, casadh oiread sin siúlóirí orainn gur gearr gur thuigeamar gur ar bhealach Camino na Portaingéile – ceann acu, a bhíomar.

Agus cé go raibh cathair Vigo na Spáinne ar an turas, ní raibh sé i gceist againn seasamh ann. Bád fartha as Vigo a thug muid chomh fada le Cangas, atá suite chomh fada sin amach ar leithinis, gur ar bhád a théann formhór mór na ndaoine ann.

Ansin, mar a tharlaíonn go minic, d’athraigh na pleananna. Chonaic mé na tuairiscí nuachta faoin ‘Naomh Gobnait’, an naomhóg i Camino na Sáile, an fadscannán faisnéise faoin meitheal fear a thug faoi aistear farraige 2,500 ciliméadar ó Éirinn go tuaisceart na Spáinne.

Bhí an naomhóg ar taispeáint i Vigo agus an obair atógála tosnaithe uirthi.

(In 2017 Bhásaigh Domhnall Mac Síthigh ó Baile an Fheirtéaraigh in eachtra farraige a tharla amach ó chósta iarthuaisceart na Spáinne, mar ar iompaigh an naomhóg, an Naomh Gobnait, nó Naomhóg na Tinte, béal fúithi.)

Chinn mé dul ann ar cuairt lae. Ar ais liom ar an mbád fartha ó Changas go Vigo, luath an mhaidin dár gcionn.

Ansin, thall i Vigo, fuair mé amach go bhfuil an Músaem do Mar de Galicia, píosa maith ar shiúl ón áit ar tháinig mé i dtír. Ar an mbealach timpeall le cósta, thug mé faoi deara cé chomh mór is atá tionscal na mara ansin.

Iascaireacht, feirmeoireacht sliogéisc, tógáil báid, gnóthaí móra próiseáil éisc, siopaí móra earraí mara – tádar uile le feiceáil ann.

Músaem álainn é Músaem na Mara a tógadh in 2004, ach tá cuma an-nua-aoiseach fós air. Tá leagan amach drámatúil air, agus fuinneoga socraithe in áiteacha a thugann léargas amach ar an gcuan, nó ar theach solais, nó ar radharc álainn den saol cois cuain.

Insítear stair an cheantair agus go háirithe na tionscail mhóra mhara a d’fhás ann ó thosaigh taiscéalaíocht na mara ón Spáinn. Chuirfeadh na staitisticí mearbhall ort. Tá na ‘bateas’ diúilicíní an-fheiceálach amuigh ar an bhfarraige. Sa mhúsaem deirtear go bhfuil 3,000 acu ann agus suas le 12,000 duine ag obair sa tionscal. Agus 300,000 tonna diúilicíní á dtáirgeadh chuile bhliain sa Ghailís féin, is ón nGailís a thagann 20% de tháirgeadh iomlán diúilicíní  an domhain.

Ansin go tobann, thíos uaim, chonaic an naomhóg féin, an ‘Naomh Gobnait’. I suite ag an bhfuinneog, timpeallaithe ag taispeántais éagsúla a bhaineann le cathair mhór Vigo – na longa, na báid iascaireachta, na monarchana canála, na longa cabhlaigh, na hinnill, na hiarsmaí ó Mheiriceá, na cairteacha – ar nós mionsamhail í féin, an Naomh Gobnait.

Mura mbeadh a fhios agat roimh ré go dtéann daoine chun farraige ina leithéid de bhád, ní chreidfeá gur bád réalaíoch í. Cinnte, ní chreidfeadh mórán daoine go bhféadfaí turas farraige ar nós ‘Camino an tSáile’ a dhéanamh inti.

Ní raibh an fhoireann atógála ann an lá ar thug mé cuairt uirthi ach bhí rian a gcuid oibre le sonrú – uirlisí adhmadóireachta, adhmad nua-ghearrtha le cur in áit an adhmaid bhriste, an canbhás fillte siar leis an adhmad a nochtadh.

Is deas mar atá sí fágtha mar sin, le go bhfeicfidh daoine an obair de réir mar a bheas sí ag dul ar aghaidh. Bhí cuma an-uaigneach ar an radharc, áfach, an lá a raibh mé féin ann. Gan ann ach mé féin agus bean ghlantacháin a bhí ag scuabadh thart uirthi.

Agus tríd an bhfuinneog, an fharraige ciúin séimh agus gan aon fhianaise le feiceáil go bhféadfadh stoirm réabadh isteach ón Atlantach agus bád beag canbháis agus adhmaid a réabadh go tubaisteach.

Thart timpeall ar an Naomh Gobnait, tá taispeántas an-deas ag míniú stair an Chamino áirithe sin, le cois beagán den stair a bhaineann leis an Spáinn agus Éire ann freisin.

Sa mhúsaem féin, thaispeáin an fhoireann irisleabhar dom, ina bhfuil caibidil iomlán lán le pictiúir ag inseacht scéil an turais mhara.

Is léir go mbeidh an bád iomráiteach ina cuid lárnach tábhachtach de thaispeántais uile an mhúsaeim seo, nuair a bheas an obair athchóirithe críochnaithe.

Lá arna mhárach, agus muid ag filleadh ar ár gCamino traenach féin, d’fhágamar Vigo luath ar maidin. Mar is iondúil d’fhág muid neart ama roimh an eitilt an tráthnóna sin.

Agus arís, bhí an stáisiún traenach pacáilte le ‘peregrinos’ – daoine a bhí ag teacht nó ag imeacht ar an gCamino go Santiago de Compostela.

Tamall sular shroicheamar cathair Porto, agus muid imithe thar teorainn isteach go dtí an Phortaingéil, shéid feadóg na traenach. Bhí craobhacha na gcrann le taobh na traenach ag bualadh in aghaidh na bhfuinneog ach níor cuireadh mórán suntais ann.

Ansin stop an traein go tobann cé nach rabhamar ag aon stad traenach. Tháinig duine nó beirt amach as na fíonghoirt taobh leis an líne, agus iad ag stánadh orainn. Nuair a chonaiceamar carranna póilíní agus otharchairr ar an mbóthar gar dúinn thuigeamar go raibh rud éigin tar éis titim amach. Ach fós níor tháinig aon fhógra agus níor insíodh tada dúinn.

D’fhan daoine ciúin, ach thosaigh monabhar cainte de réir a chéile faoi eitiltí agus cúrsaí taistil. Thosaigh daoine ag caint le strainséirí, mar a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn éigeandáil de chineál éigin ann.

D’éirigh le fear as Sasana teacht ar shuíomh gréasáin a raibh nuacht as an bPortaingéil i mBéarla air.

Thit ciúnas go tobann sa charráiste traenach.

Bhí an traein tar éis carr a bhualadh ag crosbhealach traenach. Bhí triúr marbh. Beirt seanmháithreacha agus páiste deich mbliana d’aois.

Ceapadh gur bhuail an carr in aghaidh na gcrann tar éis dó teagmháil leis an traein.

Tar éis tamall a chaitheamh stoptha ar an ráille, lean an turas ar aghaidh. Níor tugadh aon eolas dúinn. Bhí go leor paisinéirí nach raibh a fhios acu tada – fiú amháin go raibh timpiste mharfach tar éis tarlú.

Agus ba mar sin a chríochnaigh ár dturas, ag cuimhneamh ar thragóid amháin agus muid tumtha go tobann i lár tragóide eile.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN SPÁINN: An ‘Naomh Gobnait’ á comóradh, agus tragóid eile sa mhullach orainn'